You are here: Home > Downloads > Publications & Reports > Other > Corporate documents

EPA Buaicphointí Bliantúla 2007

Cé go ndearnadh gach iarracht le cruinneas an ábhair san fhoilseachán seo a chinntiú, ní féidir cruinneas iomlán a ráthú. Ní ghlacann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ná an t-údar/na húdair le haon fhreagracht ar bith as cailliúint nó damáiste a tharlódh, nó a d’éileofaí gur tharla, mar iarmhairt, i bpáirt nó go hiomlán, ar ghníomhú aon duine nó mainneachtain chun gníomhú aon duine, mar thoradh ar ábhar a fhaightear san fhoilseachán seo. Is féidir an foilseachán iomlán seo nó cuid de a atáirgeadh gan a thuilleadh ceada, ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse.

Arna fhoilsiú   ag An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Éire

Arna dhearadh   ag Yellowstone Communications Design

Arna phriontáil   ag Clarkin Lithographic

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Bosca Poist 3000, Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach, Co. Loch Garman, Éire

ISBN 1-84095-260-1 01 / 08 / 100

Réamhrá

Fáilte chuig Buaicphointí Bliantúla an EPA do 2007. Soláthraíonn an tuarascáil seo achoimre ar phríomhghníomhaíochtaí an EPA agus ar na torthaí comhshaoil agus eagrúcháin a bhain sé amach le linn 2007. Tá struchtúr na cáipéise seo ag teacht le 2020Vision, an chreatlach straitéiseach um chaomhnú agus feabhsú chomhshaol na hÉireann a d’fhoilsigh an EPA i mí Aibreáin 2007.

Déanann ceithre phríomhoifig obair an EPA.

  • Tá sainchúram leathan ar an Oifig um Aeráid, Cheadúnúchán agus Úsáid Acmhainne, lena n-áirítear ceadúnú áiseanna móra tionsclaíocha agus dramhaíola ag an Aonad Ceadúnúcháin. Tá an tAonad um Athrú Aeráide freagrach as astuithe gáis cheaptha teasa (GCT) na hÉireann a rialú agus tuairisciú fúthu, agus taighde ar athrú aeráide a chomhordú. Tá an tAonad Acmhainne freagrach as úsáid inbhuanaithe acmhainní a chur chun cinn, an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl a chur i bhfeidhm agus an Tuarascáil Náisiúnta Dramhaíola agus an Plean Náisiúnta Bainistíochta um Dhramhaíl Ghuaiseach a ullmhú. Tá an Oifig freagrach freisin as áiseanna móra stórála peitril a cheadú agus cead a thabhairt maidir le horgánaigh ghéinmhodhnaithe.
  • Tá an Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil freagrach as forfheidhmiú ceadúnas a d’eisigh an EPA maidir le gníomhaíochtaí dramhaíola, tionsclaíocha agus eile. Comhlíonann sí ról maoirseachta freisin maidir le gníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil na n-údarás áitiúil. Cuimsíonn sé sin comhairle agus treoir a thabhairt, iniúchadh a dhéanamh ar fheidhmíocht agus, nuair is gá, Treoracha atá ina gceangal dlí a eisiúint.
  • Comhordaíonn agus déanann an Oifig um Measúnacht Comhshaoil monatóireacht ar an aer sa timpeallacht agus monatóireacht ar lochanna, aibhneacha, inbhir agus screamhuisce, monatóireacht a mbaineann gnéithe ceimiceacha, bitheolaíocha agus hidriméadracha léi de réir mar is cuí. Tacaíonn sí le feidhmeanna ceadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin an EPA trí mhonatóireacht a dhéanamh ar astuithe agus trí sheirbhísí éagsúla maidir le saotharlanna a sholáthar. Tugann sí cabhair samplála agus saotharlainne d’údaráis áitiúla freisin.

    Tá an Oifig freagrach as raon feidhmeanna, lena n-áirítear: clár taighde comhshaoil náisiunta a chomhordú; uirlisí measúnaithe, cosúil le Córais Faisnéise Tíreolaíochta (GIS), a fhorbairt agus a úsáid; tuarascálacha tráthrialta a sholáthar ar chaighdeán an chomhshaoil; agus tuarascálacha tréimhsiúla ar Staid na Timpeallachta agus Tuarascálacha Táscaire a fhoilsiú. Lena chois sin, cuireann an Oifig príomhghnéithe de Chreat-Treoir Aeir agus Creat-Treoir Uisce an AE i bhfeidhm, feidhmíonn sí mar Lárphointe Náisiúnta na hÉireann don Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA), déanann sí maoirseacht ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil agus comhordaíonn sí gníomhaíocht an EPA maidir le hithreacha agus bithéagsúlacht.

  • Cinntíonn an Oifig Seirbhísí Cumarsáide agus Corparáideacha, i measc rudaí eile, go ndéanann an EPA a cuid gníomhaíochtaí gnó ar bhealach éifeachtúil a chloíonn leis an gcleachtas gnó is fearr, agus go ndéanann sí cumarsáid éifeachtach lena cuid páirtithe leasmhara agus leis an bpobal i gcoitinne freisin. Tá an Oifig freagrach as seirbhísí Airgeadais, Cumarsáide, Rialachais Chorparáidigh, Theicneolaíocht na Faisnéise, Acmhainní Daonna, Oiliúna agus Eagrúcháin.

Is féidir breis eolais ar ghníomhaíochtaí an EPA, ceadúnais, foilseacháin agus nuachtlitreacha a fháil ar láithreán gréasáin an EPA ag www.epa.ie. Beidh Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais 2007 na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil ar fáil níos déanaí in 2008.

Ráiteas an Ard-Stiúrthóra Ráiteas

Fáilte chuig ár mbuaicphointí bliantúla do 2007. Ba chloch mhíle shuntasach don EPA in 2007 foilsiú ár straitéise corparáidí nua 2020Vision. Tá 2020Vision éagsúil le straitéisí a d’fhoilsigh an EPA roimhe seo mar leagann sé amach spriocanna fadtréimhseacha do chomhshaol na hÉireann agus aithníonn sé na bearta a dhéanfaidh an EPA sa mheántréimhse chun go mbeimid ar an mbealach ceart leis na spriocanna sin a bhaint amach. Tuigimid go maith san EPA nach muid an t-aon eagraíocht amháin le freagrachtaí maidir le caomhnú an chomhshaoil in Éirinn agus chun na spriocanna fadtréimhseacha a leagtar amach in 2020Vision a bhaint amach beidh comhoibriú agus rannpháirteachas gníomhach a lán eagraíochtaí agus an tsaoránaigh aonair ag teastáil. Is ceart, áfach, go mbeifí ag súil leis go léireodh an EPA an cheannasaíocht atá riachtanach chun na saincheisteanna agus na dúshláin atá ann maidir le comhshaol na hÉireann a chaomhnú agus a fheabhsú a leagan amach, agus rinneamar iarracht é sin a dhéanamh agus 2020Vision á ullmhú againn. Anois teastaíonn ón EPA comhoibriú le heagraíochtaí eile agus le daoine aonair chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os ár gcomhair amach maidir le comhshaol na hÉireann a chaomhnú agus a fheabhsú.

Socraíodh spriocanna in 2020Vision faoi na ceannteidil seo a leanas: athrú aeráide a shrianadh agus oiriúnú dó, aer glan, acmhainní uisce cosanta, ithir chosanta agus bithéagsúlacht, úsáid inbhuanaithe acmhainní agus comhtháthú agus forfheidhmiú. Shocraíomar ár dtuarascáil ar bhuaicphointí 2007 a athstruchtúrú chun spriocanna 2020Vision a léiriú chun gur féidir a thuiscint conas a chabhraíonn gníomhaíochtaí an EPA linn dul i dtreo na spriocanna atá leagtha amach againn don chomhshaol.

Bliain Chinniúnach d’Athrú Aeráide

Ag féachaint siar sna blianta amach romhainn, aithneofar go raibh 2007 ina bliain chinniúnach d’athrú aeráide. Le cabhair ó thuarascáil an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar Athrú Aeráide, Tuarascáil Stern agus Duais Nobel na Síochána, tá feasacht dhomhanda i bhfad níos airde ann anois go bhfuil cónaí orainn i ndomhan ina bhfuil an aeráid ag athrú agus nach bhfuil mórán ama againn le gníomhartha a dhéanamh má táimid chun na hiarmhairtí tubaisteacha féideartha a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar athrú aeráide a sheachaint. Tugann an comhaontú i mBali ag deireadh na bliana dóchas breise dúinn go n-aithneoidh pobal an domhain na dúshláin ollmhóra atá os ár gcomhair amach. Sa bhaile in Éirinn, trí mheán a chláir thaighde, d’fhoilsigh an EPA sraith tuarascálacha ar athrú aeráide a leag amach tionchair dhóchúla an athraithe aeráide ar Éirinn. Roimh dheireadh na bliana, bhí an EPA ina hóstach don chéad agus don dara léacht i sraith de sheacht léacht phoiblí faoi athrú aeráide. Chuir an leibhéal ard spéise a bhí ag an bpobal sna léachtaí seo iontas agus áthas orainn. D’fhreastail níos mó ná 400 duine ar an dá léacht, agus táim ag tnúth go mór leis na léachtaí eile in 2008.

Idirghníomhú lenár bPáirtithe Leasmhara

Is ábhar spéise ar leith dom féachaint ar bhealaí ar féidir leis an EPA idirghníomhú leis an bpobal agus lenár bpáirtithe leasmhara eile ar shlí shuntasach. Le linn 2007, leanamar ar aghaidh ag obair leis An Taisce chun an treoirchlár Teaghlach Glas (Green Home) a chur chun cinn. Tá Teaghlach Glas bunaithe ar an gclár Scoileanna Glasa (Green Schools), ar éirigh thar cionn leis. Teastaíonn uainn an clár seo a fhorbairt agus clár a chur ar fáil ina mbeidh pobail iomlána in ann oibriú le chéile chun bheith níos feasaí ar an gcomhshaol, agus beidh forbairt bhreise ar an gclár Teaghlach Glas ina tasc tábhachtach in 2008.

Lena chois sin, trí mheán ár gcóras ceadúnúcháin agus forfheidhmiúcháin agus toisc go láimhseálaimid gearáin a bhaineann leis an gcomhshaol, bíonn teagmháil rialta ag ár gcigirí le daoine aonair agus le pobail. Le linn 2007, sheolamar an feachtas agus an bhileog An bhfaca tú rud éigin? Abair rud éigin (See Something Say Something) lenár bpáirtithe sa líonra forfheidhmiúcháin, a mhíníonn céard ba cheart a dhéanamh agus cé ar chóir teagmháil a dhéanamh leis nó léi má tá gearán a bhaineann leis an gcomhshaol le déanamh agat. Cabhraíonn sé sin le daoine aird na n-údarás cuí a tharraingt ar shaincheisteanna truaillithe. Uaireanta is deacair gearáin a imscrúdú agus a réiteach, go háirithe nuair nach bhfuil aon réiteach éasca ar an bhfadhb atá i gceist. Bíonn coimhlint ann dá bharr, uaireanta, idir pobail áitiúla agus an EPA, mar tagann frustrachas ar an bpobal toisc go mbraitheann siad nach bhfuil gníomh á dhéanamh ag an EPA ná ag sealbhóir an cheadúnais chun an tsaincheist ar leith a réiteach. Ba é an tsaincheist is mó a a bhí ina chúis imní in 2007 ná líon na ngearán a fuarthas faoi bholaithe ag líonta talún agus ag áiseanna dramhaíola eile ceadúnaithe ag an EPA. Le linn 2007, rinne an EPA imscrúduithe fairsinge ar roinnt de na líonta talún atá ceadúnaithe againn chun léargas a fháil ar chineál agus méid na faidhbe i gceist. Thionscnaíomar imeachtaí dlíthiúla áit a raibh sé indéanta ciontú i núis bholaidh a fháil agus táimid ag obair leis na ceadúnaithe chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo. Beidh sé ina thosaíocht mhór againn in 2008 déileáil le saincheisteanna bolaidh a bhaineann le háiseanna bainistíochta dramhaíola ceadúnaithe ag an EPA agus coinneoimid pobail áitiúla ar an eolas faoi na gníomhartha a dhéanfaimid chun déileáil leis an tsaincheist seo.

I lár 2007, sheolamar láithreán gréasáin nua i dteannta áis léarscáile ar a dtugtar ENVision a chuireann ar chumas aon duine faisnéis a fháil faoi cháilíocht an chomhshaoil san áit a bhfuil cónaí orthu. D’éirigh go breá leis an gCóras Bainistíochta Cáipéisí leictreonach ar an láithreán gréasáin freisin; bhain go leor daoine leas as an láithreán gréasáin chun cáipéisí ábhartha a fháil faoi áiseanna ceadúnaithe in ionad na cáipéisí sin a lorg ónár n-oifigí. Tá faisnéis fíorama ar chaighdeán aeir á soláthar againn ar ár láithreán gréasáin freisin, agus tá sé beartaithe againn gnéithe breise a chur leis an láithreán i rith 2008 chun go mbeidh sé níos éasca fós faisnéis a fháil ón EPA.

Saincheisteanna Uisce

Is dúshlán mór in Éirinn fós é uisce a chosaint. Ar thaobh amháin de, tá soláthar flúirseach uisce úir againn ach ar an taobh eile de, ní dhearnadh plean ceart chun é a chosaint. Bhí sé sin an-soiléir nuair a tharla an briseadh amach Cryptospiridium i gCathair agus i gContae na Gaillimhe i mí an Mhárta 2007, a d’fhág níos mó ná 90,000 ag beiriú a gcuid uisce ar feadh beagnach sé mhí. Bheadh sé sin inseachanta ach soláthar an uisce inólta a chosaint ar bhealach níos fearr, rud a chuirfeadh cosc ar éilliú Loch Coirib, agus trína chinntiú go mbeadh ionad cóireála an uisce inólta in ann cosaint iontaofa a thabhairt ó éilliú.

Ag an am céanna ag ar tharla an briseadh amach sin, leagadh an fhreagracht ar an EPA as maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar an uisce inólta ag údaráis phoiblí. Bhain an EPA úsáid as a cumhachtaí nua chun an fhadhb a réiteach laistigh den tréimhse ama ba ghiorra agus ab fhéidir, agus anois tá ár n-iarrachtaí dírithe ar fheabhas a chur ar na soláthairtí poiblí uisce uile atá i mbaol uisce nach bhfuil ar chaighdeán ard a sholáthar mar uisce inólta, mar thoradh ar chaomhnú neamhleor na foinse nó cóireáil neamhleor an uisce. Go déanach in 2007, leagadh an fhreagracht ar an EPA as áiseanna cóireála dramhuisce i gceantair uirbeacha a cheadúnú freisin. Cuirim fáilte roimh an dá fhorbairt sin, mar ba chóir dóibh an leibhéal doichte agus an leibhéal cuntasachta a bhaineann le bainistíocht an tsoláthair uisce inólta agus bainistíocht coireála dramhuisce ag údaráis áitiúla a ardú.

Le linn 2007, rinneamar dul chun cinn maith maidir le cur i gcrích na Creat-Treorach Uisce agus mar thoradh ar an obair sin, tá bunchlocha maithe á leagan síos do bhainistíocht uisce i bhfad níos fearr in Éirinn sa todhchaí. Tá sé tábhachtach, áfach, a chinntiú go gcuirtear na struchtúir riachtanacha i bhfeidhm ag leibhéal an Limistéir Abhantraí chun cur ar chumas údaráis áitiúla a gcuid feidhmeanna agus freagrachtaí a chomhlíonadh sa réimse a bhaineann le caomhnú agus bainistíocht uisce.

Ceadúnú agus Forfheidhmiú

Ba bhliain ghnóthach í 2007 ó thaobh an cheadúnúcháin agus an fhorfheidhmiúcháin de. I réimse an cheadúnúcháin, rinneadh 121 cinneadh deiridh maidir le hiarratais ar cheadúnais, lena n-áirítear deonú ceadúnais do Shell E&P Ireland do scaglann gáis agus ionad dóchain i gCo. Mhaigh Eo i ndiaidh Éisteachta ó Bhéal. Rinneadh cinntí beartaithe freisin i ndáil le líonadh talún nua molta i bhFine Gall agus loisceoir molta i mBaile Átha Cliath.

Le linn 2007, lean Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil an EPA ar aghaidh ag úsáid a cumhachtaí forfheidhmiúcháin chun ceadúnais EPA a fhorfheidhmiú agus chun forfheidhmiú feabhsaithe agus níos comhleanúnaí a spreagadh i measc údaráis áitiúla. Tugadh dhá chás ionchúisimh déag chun críche go rathúil ag leibhéal na Cúirte Dúiche i rith 2007 agus bhí 33 cás eile ag céimeanna éagsúla ullmhúcháin ag deireadh na bliana. Rinneadh trí iniúchadh choiriúla mhionsonraithe bhreise agus mar thoradh orthu, cuireadh dhá chomhad faoi bhráid Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus tá an tríú ceann á ullmhú. Seirbheáladh seacht dtreoir cheangailteacha ar údaráis áitiúla i ndáil le saincheisteanna a bhain le bainistíocht dramhaíola agus bainistíocht uisce, agus tá ag éirí go maith leis an uirlis forfheidhmiúcháin seo anois ó thaobh torthaí comhshaoil maithe a bhaint amach de.

Comhlíonann formhór an bhreis agus 700 suíomh a bhfuil ceadúnais acu ón EPA na ceadúnais sin a bheag nó mór, mar baineann 38 faoin gcéad de na gearáin le trí cinn de na 532 áis CRCT, agus baineann níos mó ná 67 faoin gcéad de na gearáin le ceithre cinn de na 193 áis dramhaíola. Tá an EPA tiomanta do chinntiú go dtabharfar ciontóirí leanúnacha os comhair na gCúirteanna chun cuntas a thabhairt faoina gcuid gníomhartha. Nuair is gá, tá úsáid mhaith á baint as roghanna forfheidhmiúcháin eile freisin, cosúil le hathbhreithniú ar cheadúnas agus faoiseamh a fháil ón Ard-Chúirt.

Cosc ar Dhramhaíl

Le blianta beaga anuas, dhíríomar ar an ngné de bhainistíocht dramhaíola a bhaineann le forfheidhmiú níos fearr, agus anois tá réim forfheidhmiúcháin i bhfad níos doichte níos éifeachtaí againn in Éirinn. Anois, tá an bhéim ag athrú chuig cosc a chur ar dhramhaíl de réir mar a dhéanaimid iarracht an treocht maidir le dramhaíl a bhíonn ag méadú i gcónaí a aisiompú. I rith 2007, rinne an EPA dul chun cinn maith maidir leis an gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl a chur i bhfeidhm. Tá Clár Taispeántais na nÚdarás Áitiúil maidir leis an gCosc, atá ar siúl i 14 limistéar údaráis áitiúil anois, ina bhunchloch den fheachtas um chosc a chur ar dhramhaíl. Is í aidhm an chláir seo cabhrú le húdaráis áitiúla bearta chun cosc a chur ar dhramhaíl a dhearadh agus a chur i bhfeidhm ag an leibhéal áitiúil. Tugann an tionscadal um Óstáin na hÉireann a Dhéanamh Níos Glaise sampla iontach freisin de conas is féidir le gnóthaí na hÉireann bearta chun dramhaíl a chosc a chur i bhfeidhm ar bhealach an-phraiticiúil. Ní mór do gach earnáil oibriú chun dramhaíl a chosc agus tá an EPA tiomanta obair a dhéanamh chun feasacht faoin tábhacht a bhaineann leis sin a ardú.

Taighde Comhshaoil

Ba bhliain thábhachtach í 2007 freisin dár dtionscnaimh taighde chomhshaoil. I mí Dheireadh Fómhair, sheolamar ár gclár taighde nua ar a dtugtar STRIVE (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Taighde agus Nuálaíocht don Chomhshaol). Tá méadú fós ag teacht ar an maoiniú do thaighde comhshaoil in Éirinn, le 93 milliún le bheith curtha ar fáil thar shaolré an Phlean Forbartha Náisiúnta. Tugann sé sin deis mhór d’Éirinn cumas taighde agus forbartha a thógáil agus bheith ina threoraí domhanda i réimsí nideoige. I rith 2007, tugadh 29 tionscadal taighde chun críche, agus tá ár dtuarascálacha taighde uile ar fáil ar ár láithreán gréasáin, rud a chuireann acmhainn luachmhar ar fáil d’aon duine le suim i gcaomhnú comhshaoil.

Na Chéad Chéimeanna Eile

Táim tiomanta d’fhorbairt leanúnach an EPA chun eagraíocht ardfheidhmíochta a thógáil. Beidh a cúigiú breithlá déag ag an EPA i 2008, agus beidh uirthi aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhainfidh lena freagrachtaí nua, cosúil le ceadúnú ionaid chóireála dramhuisce. Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin, ní mór dúinn a chinntiú go bhfuil struchtúir urrúnta rialachais chorparáidigh agus tacaíochta eagrúcháin i bhfeidhm againn. Cabhraíonn ár gclár um iniúchadh inmheánach linn aon réimsí ar gá feabhas a chur orthu a aithint agus ba bhreá liom buíochas a ghlacadh le baill ár gCoiste Iniúchta Inmheánaigh as an gcúnamh a thug siad le linn 2007.

Ba bhuacpointe ar leith le linn na bliana seo caite cuairt an Aire John Gormley ar ár gceanncheathrú i Loch Garman, áit ar labhair sé leis an bhfoireann faoi na dúshláin timpeallachta atá amach romhainn in Éirinn.

Ar deireadh ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann an EPA, leis na Stiúrthóirí eile, leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, le Coiste Comhairleach an EPA, leis an gCoiste Comhairleach um GMO, leis an nGrúpa Comhairleach um Leithdháileadh Náisiúnta, leis an gCoiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl agus le Coiste Stiúrtha an Líonra Forfheidhmiúcháin as a dtacaíocht agus a dtiomantas ar feadh na bliana agus a gcuid díograise ó thaobh cosaint a thabhairt don chomhshaol de agus táim ag súil go mór oibriú leo chun dúshláin 2008 a shárú.

Dr. Mary Kelly
Ard-Stiúrthóir, EPA, Nollaig 2007

1. Athrú Aeráide A Shrianadh Agus Oiriúnú Dó Athrú Aeráide

Sprioc 2020

Éireoidh le hÉirinn na hastuithe gáis cheaptha teasa a laghdú go mór agus beidh sí réidh do thionchar dosheachanta an athraithe aeráide.

AONAD NUA UM ATHRÚ AERÁIDE

Chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide, agus chun ár bhfreagairt dó a shruthlíniú agus a aontú, bhunaigh an EPA Aonad um Athrú Aeráide i mí an Mheithimh 2007 trí ghníomhaíochtaí a rinne Trádáil Astuithe a chumasc leis na réimsí a bhain le Fardail, Réamh-Mheastacháin, Taighde ar Athrú Aeráide agus Eolaíocht Aeir & Aeráide.

TRÁDÁIL ASTUITHE

Tá an EPA freagrach as trádáil astuithe gáis cheaptha teasa (GHG) a chur i bhfeidhm in Éirinn. Baineann an scéim le táirgeoirí móra GHG – mar shampla, na tionscail ghinte stroighne agus cumhachta, chomh maith leis na húsáideoirí móra eile de bhreoslaí iontaise.

Tá rochtain ar Chlár Trádála Astuithe Náisiúnta, a chinntíonn go dtugtar cuntas cruinn ar eisiúint, aistriú, cealú agus géilleadh liúntais astuithe laistigh den Scéim Trádála Astuithe ar fáil ag www.etr.ie.

Ag deireadh 2007, bhí ceadanna bailí ag 111 suiteáil arna gclúdach ag an scéim trádála astuithe in Éirinn a d’éiligh orthu monatóireacht a dhéanamh ar astuithe agus tuairisc a thabhairt orthu agus liúntais a ghéilleadh de réir na Rialachán.

I 2007:

  • Arís, ghéill na hoibreoirí uile an líon éilithe de liúntais, a bhí comhionann lena n-astuithe fíoraithe, faoin 30 Aibreán, rud a chinntigh gur chloígh Éire 100% leis an scéim. Inár gcáil mar Oibreoir an Chláir, aistarraingíomar liúntais 2006 na hÉireann ar an 30 Meitheamh 2007, de réir mar a éilíonn an Treoir.
  • Tionóladh comhairliúchán poiblí eile don dara Plean Leithdháilte Náisiúnta d’Éirinn (don tréimhse 2008 -2012) i mí Dheireadh Fómhair. Fuarthas níos mó ná 20 aighneacht agus cuirfear na tuairimí a cuireadh in iúl san áireamh sula dtabharfar an Plean chun críche go luath i 2008.
  • Neamhspleách ar an gClár Náisiúnta, an cúigiú tír ar domhan a bhain an cloch mhíle seo amach.

‘MEICNÍOCHTAÍ’ EILE DE CHUID PHRÓTACAL KIÓTÓ

I 2007, thug an EPA na nósanna imeachta chun críche chun Litreacha Formheasa a eisiúint do rannpháirtithe tionscadail Éireannacha sna meicníochtaí solúbtha (bunaithe ar thionscadal) de chuid Phrótacal Kiótó. I mí Eanáir 2007, d’eisigh an EPA an chéad Litir Formheasa ar domhan i ndáil le tionscadal faoi mheicníocht Comhfheidhmithe Phrótacal Kiótó. I mí na Samhna 2007, d’eisigh an EPA an chéad Litir Formheasa de chuid Éireann i ndáil le tionscadal faoi Mheicníocht Forbartha Glaine Phrótacal Kiótó.

Fíor 1: Iomlán na nAstuithe Gáis Cheaptha Teasa in Éirinn: 2002-2006

FARDAIL ASTUITHE NÁISIÚNTA

Chuir an EPA sonraí maidir le hastuithe gáis cheaptha teasa na hÉireann faoi bhráid an AE agus faoi bhráid Choinbhinsiún Creatlaí na Náisiún Aontaithe d’Athrú Aeráide agus le linn na bliana, foilsíodh na fardail náisiúnta do 2005.

Níor aithníodh aon saincheisteanna maidir le cur i bhfeidhm nuair a rinneadh an t-athbhreithniú ar thuarascáil tosaigh na hÉireann, athbhreithniú a rinneadh i gcomhar leis an athbhreithniú ar aighneacht 2006 faoin gCoinbhinsiún Creatlaí. Bhí saineolaithe fardail an EPA ag gabháil d’athbhreithnithe ar thuarascálacha tosaigh na hUngáire, an Lucsamburg agus na hÍoslainne faoi Phrótacal Kiótó freisin, agus ag gabháil d’athbhreithniú láraithe aighneachtaí 2006 ó SAM, ón Astráil agus ón gCróit faoi UNFCCC.

RÉAMH-MHEASTACHÁIN NÁISIÚNTA MAIDIR LE GÁIS CHEAPTHA TEASA AGUS GÁIS AIGÉADACHA

In 2007, faoin Straitéis Náisiúnta athbhreithnithe um Athrú Aeráide, tugadh an fhreagracht don EPA réamhmheastacháin náisiúnta bhliantúla a fhorbairt do gháis cheaptha teasa agus gáis aigéadaithe. Go dtí seo, táirgeadh réamh-mheastacháin náisiúnta chun ceanglais shonracha a chomhlíonadh, mar shampla chun treoir a thabhairt d’fhorbairt na bPleananna Leithdháilte Náisiúnta faoi EU ETS agus d’fhorbairt clár náisiúnta faoi Threoir NEC. Ó tugadh an fhreagracht seo di, tá an EPA ag forbairt cur chuige a chuirfidh feabhas ar chaighdeán agus urrúntacht na réamhmheastachán faoi astuithe náisiúnta.

EOLAÍOCHT AEIR & AERÁIDE

I rith 2007, rinne an EPA é seo a leanas:

  • Bhí feidhm thábhachtach aici maidir le hionchur náisiúnta a sholáthar don 4ú Tuarascáil Mheasúnaithe (AR4) ón IPCC ar Athrú Aeráide.
  • Rinne sí ionadaíocht ar Éirinn ag tabhairt chun críche tuarascálacha IPCC faoin tuiscint eolaíoch ar athrú aeráide, tionchair an athraithe aeráide, oiriúnú agus leochaileacht.
  • Thionscain sí comhimeacht eolaíochta ar astuithe GHG ón talmhaíocht leis an Nua-Shéalainn. Tá forbairt bhreise á déanamh ar an obair sin trí mheán clár comhoibrithe idirnáisiúnta.
  • Rinne sí ionadaíocht ar Éirinn ar an gComhairle Chomhairleach um Monatóireacht Dhomhanda don Chomhshaol agus don tSlándáil agus ag Coinbhinsiún Creatlaí na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide ag Bali.
  • Chabhraigh sí le forbairt aighneachta ón nGníomhaireacht Eorpach Spáis faoi úsáid Breathnuithe ar an Domhan dírithe ar Éirinn.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

Foilsíodh Tuarascálacha faoi:

  • Príomhtháscairí Meitéireolaíocha d’Athrú Aeráide in Éirinn
  • Impleachtaí Sprioc um Chaomhnú Aeráide an AE d’Éirinn
  • Athrú Aeráide: Meastachán d’Astuithe Gáis Cheaptha Teasa ón Talmhaíocht agus Straitéisí Laghdaithe
  • Athrú Aeráide: Floscanna Carbóin ó Thailte Portaigh na hÉireann a Shamhaltú

I rith 2007, cuireadh tús le Clár Taighde nua um Athrú Aeráide. Cuireadh 30 iarratas bailí faoi bhráid an Chláir faoin dáta deiridh, an 31 Iúil. Rinne saineolaithe seachtracha na tograí a mheasúnú agus d’fhormheas Bord an EPA liosta na dtionscadal ar moladh maoiniú a thabhairt dóibh i mí Mheán Fómhair. Dámhfar trí thionscadal déag agus ceithre chomhaltacht le linn an chéad bhabhta maoinithe roimh dheireadh na bliana. Is ionann an tiomantas buiséid do na tionscadail sin agus €8.7m.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • Seoladh sraith léachtaí poiblí chun feasacht a ardú agus chun tuiscint ar na fíricí agus saincheisteanna a bhaineann le hathrú aeráide a chur chun cinn. D’fhreastail níos mó ná 400 duine ar an gcéad dá léacht a tionóladh ag deireadh mhí na Samhna.
  • Bunaíodh Coiste um Chomhordú Taighde ar Athrú Aeráide. Tugann an coiste seo na gníomhaireachtaí maoinithe agus na ranna uile le spéis i dtaighde ar athrú aeráide le chéile. Is í príomhaidhm an choiste comhoibriú a spreagadh ar chreatlach náisiúnta do thaighde ar athrú aeráide agus tréimhse ama a leagan amach do sheachadadh tosaíochtaí príomhúla faoin gclár sin.

2. Aer Glan

Sprioc 2020

Beidh ár gcuid aeir sláintiúil agus glan. Comhlíonfaidh astuithe na Éireann chuig an atmaisféar na spriocanna idirnáisiúnta agus náisiúnta uile.

CÁILÍOCHT AEIR

Thug Cáilíocht Aeir in Éirinn in 2006 - Príomhtháscairí de Cháilíocht Aeir sa Timpeallacht forbhreathnú ar threochtaí maidir le cáilíocht aeir bunaithe ar shonraí monatóireachta ó 24 stáisiún. De réir na tuarascála:

  • Bhí cáilíocht mhaith aeir ar fud na tíre, ag comhlíonadh na gcaighdeán AE uile.
  • Bhí na leibhéil is airde d’ábhar cáithníneach (PM10) sna bailte níos lú toisc nach raibh ach úsáid theoranta á baint as breosla neamhthoiteach.
  • D’fhéadfadh leibhéil na dé-ocsaíde nítrigine agus an ábhair cháithnínigh (PM10) san aer i lárionaid uirbeacha de dheasca an tráchta a bheith ina gcúis imní dá dtiocfadh méadú breise orthu.
  • Bhí tiúchan leibhéil cháithníní (PM10) ar an meán mar a chéile i ngach ionad daonra de bhrí go n-úsáideann na bailte móra agus na cathracha breosla gan toit anois.
  • Léiríonn an graf a leanann é seo treochtaí i dtiúchain PM10 i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh idir 2000 agus 2006.

AN LÍONRA MONATÓIREACHTA AEIR

Tá gach gníomhaíocht a bhaineann le monatóireacht aeir ar fáil, ach comhéadan léarscáil-bhunaithe a úsáid, ar láithreán gréasáin an EPA. Léiríonn an léarscáil a leanann é seo áit na suíomh monatóireachta reatha (poncanna uaine) agus bailte inar ullmhaíodh tuarascálacha measúnaithe (poncanna gorma).

I rith 2007, tugadh monatóireacht chun críche ag gach ceann de na 15 bhaile mheánmhéide (Crios C) in Éirinn. Áiríodh ar na suímh mhonatóireachta nua in 2007 Port Láirge, an Uaimh agus an Pasáiste (Cuan Chorcaí). Déantar cáilíocht a dheimhniú trí pháirt a ghlacadh i gcomparáidí idir tíortha ar fud na hEorpa maidir le gáis neamhorgánacha, miotail agus comhdhúile orgánacha luaineacha.

LÉARSCÁILIÚ TORANN COMHSHAOIL

Ainmníonn na Rialacháin um Thorann Comhshaoil 2006 comhlachtaí um léarscáiliú torainn agus údaráis um pleanáil gnímh chun léarscáileanna torainn straitéiseacha agus pleananna gnímh a dhéanamh. Sanntar an fhreagracht phríomhúil as an dá fheidhm sin d’Údaráis Áitiúla. Ainmnítear an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) mar an tÚdarás Áitiúil chun críche na Rialachán, agus cuimsíonn ár ról feidhmeanna maoirseachta, comhairleacha agus comhordaithe i ndáil le léarscáiliú torainn agus pleanáil gnímh, le cois ceanglais tuairiscithe chun críche na Treorach.

Tugadh an chéad sraith de léarscáileanna torainn straitéiseacha d’Éirinn chun críche i rith na bliana.

Thug Éire tuairisc don Choimisiún Eorpach roimh dheireadh 2007 faoina dul chun cinn maidir lena hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi na Rialacháin um Thorann Comhshaoil. Beidh na léarscáileanna torainn straitéiseacha seo ar fáil trí mheán córas léarscáilithe ENVision an EPA ar láithreán gréasáin an EPA i 2008.

MONATÓIREACHT AR BHOLADH COMHSHAOIL

Le linn 2007, rinne an EPA measúnuithe fairsinge ar bholadh ag líonta talún ceadúnaithe ag an EPA. Bhí i gceist leis sin:

  • measúnú ar líonta talún déanta ag saineolaithe speisialaithe i mbraith agus i dtomhas bolaidh agus i mbainistíocht gás líonadh talún;
  • níos mó daoine ar an láthair le forfheidhmiú a dhéanamh chun:
    • Measúnuithe ar bholadh a dhéanamh (ag úsáid nós imeachta caighdeánach na Gníomhaireachta,
    • Gearáin faoi bholadh ó chónaitheoirí sa cheantar timpeall ar na líonta talún a fhíorú, agus
    • Cleachtais bhainistíochta bolaidh ar an suíomh a bhreathnú.

Tá torthaí na hoibre sin ag tabhairt treorach do na pleananna forfheidhmiúcháin do na suímh sin.

SUBSTAINTÍ ÍDITHE ÓZÓIN, DÉFHEINILÍ POLACLÓIRÍNITHE AGUS TRUAILLEÁIN ORGÁNACHA SHEASMHACHA

Tá an EPA ag treorú cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú na Rialachán maidir le Substaintí Ídithe Ózóin (ODS), Defheinilí Polaclóirínithe (PCB) agus Truailleáin Orgánacha Seasmhacha (POP). Tá sé tábhachtach srian a chur ar úsáid na substaintí seo agus ar ghiniúint dramhaíola uathu chun an t-aer, na huiscí agus an talamh a chaomhnú. Forbraíodh agus scaipeadh faisnéis agus treoracha ar bhonn leanúnach ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí mheán seimineár agus ar leathanaigh ghréasáin an EPA. Tugadh faoi imscrúduithe a dhéanamh, agus uaireanta rinneadh gníomhartha forfheidhmiúcháin breise.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

Fíor 2: Tiúchain PM10 i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh idir 2000 agus 2006

  • Scaoileadh tuarascáil taighde a d’aithin foinsí agus tréithe na dtruailleán Ábhair Cháithnínigh (PM) idir 10 agus 2.5 micriméadar i méid (PM10 agus PM2.5) in Éirinn. Ba í conclúid na tuarascála go bhfuil leibhéil PM10 in Éirinn laistigh de raon na leibhéal i dtíortha Eorpacha eile agus cosúil leis na leibhéil sa Ríocht Aontaithe, ach go bhfuil tionchar mara níos mó le feiceáil ann, mar tá tiúchain níos airde de shalann mara sa cháithnín garbh.
  • Dámhadh tionscadal taighde comhtháite nua chun imscrúdú a dhéanamh ar leibhéil, athruithe agus treochtaí ózóin in Éirinn.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • I rith 2007, cuireadh faisnéis fíor-ama faoi cháilíocht aeir, le cois sonraí comhshaoil eile, ar fáil ar láithreán gréasáin nua an EPA trí mheán ENVision, áis idirghníomhach léarscáilbhunaithe. Trí mheán na háise seo, is féidir faisnéis cothrom le dáta faoi cháilíocht aeir a fheiceáil ag suímh timpeall na hÉireann ina ndéantar monatóireacht ar cháilíocht aeir (féach an léarscáil thuas).
  • Cuirtear Bulaitín faoi Cháilíocht Aeir maidir le PM10 agus Ózóin ar ríomhphost chuig thart ar 200 páirtí agus grúpa leasmhar.
  • Foilsíodh Tuarascáil ar Cháilíocht Aeir in Éirinn i 2006 -Príomhtháscairí de Cháilíocht Aeir sa Timpeallacht.
  • Scaipeadh faisnéis réigiúnach faoi cháilíocht aeir ar na nuachtáin áitiúla agus réigiúnacha uile i ndiaidh fhoilsiú na tuarascála ar Cháilíocht Aeir in Éirinn. Mar thoradh air sin, foilsíodh 22 alt faoi cháilíocht aeir i nuachtáin áitiúla agus réigiúnacha.

Léarscáil 1:Suímh an Líonra Monatóireachta Aeir in Éirinn

3. Acmhainní Uisce Chosanta

Sprioc 2020

Ní ídeofar ár n-uisce dromchla ná ár screamhuisce agus beidh sé de cháilíocht ard, ag comhlíonadh na gcaighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta uile.

CÁILÍOCHT UISCE

Foilsíodh Cáilíocht Uisce in Éirinn 2006 – Príomhtháscairí den Timpeallacht Uisceach i mí Dheireadh Fómhair agus cuireann sé staitisticí coimrithe ar fáil faoin bhfaisnéis is déanaí maidir le cáilíocht uisce.

De réir thorthaí na tuarascála:

  • Bhí cáilíocht uisce shásúil i 71 faoin gcéad d’fhad na gcainéal aibhneacha agus i 92 faoin gcéad den achar locha a rinneadh scrúdú orthu.
  • Bhí 19 faoin gcéad de na coirp uisce inbhearacha/ cósta a scrúdaíodh eotrófach (ró-shaibhrithe) agus d’fhéadfadh 3 faoin gcéad eile éirí eotrófach.
  • Bhí 57 faoin gcéad de na láithreacha samplála screamhuisce éillithe ag bachaillíní drólannacha faecacha.
  • Sháraigh thart ar 25 faoin gcéad de na láithreacha screamhuisce a scrúdaíodh an luach treorach náisiúnta do thiúchan níotráide i gcás uisce inólta agus sháraigh dhá faoin gcéad acu an teorainn éigeantach.
  • Tá cáilíocht fhoriomlán na n-uiscí snámha in Éirinn an-mhaith fós.
  • Cé gur laghdaíodh ar líon na n-eachtraí a rinneadh slad éisc i gcomparáid le 2005, tá sé fós ag leibhéal an-ard nach bhfuil inghlactha.

Léiríonn an graf ina dhiaidh seo treochtaí a tharla le déanaí i gcáilíocht uisce in aibhneacha na hÉireann.

Fíor 3: Treochtaí i gCáilíocht Uisce in Aibhneacha na hÉireann: 1987-2006

AN CHREAT-TREOIR UISCE

Is í an Chreat-Treoir Uisce an fhorbairt is mó i réimse bheartas uisce an AE go dtí seo. Cuireann an Treoir creatlach uileghabhálach agus clár ar fáil chun cosaint fhadtéarmach a thabhairt d’uisce. Tá sé d’aidhm aici uisce le stádas ard agus le stádas maith a chaomhnú, cosc a chur ar dhochar breise do cháilíocht uisce agus an screamhuisce agus uisce dromchla ar fad a bhí díghrádaithe a athchóiriú nó go mbainfidh siad stádas maith amach. I 2007:

  • Sheol an EPA tuarascáil choimrithe de Chlár Monatóireachta na Creat-Treorach Uisce chuig an gCoimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2007. Cuireadh tús Measartha Truaillithe Truaillithe go Dona le cur i bhfeidhm an chláir mhonatóireachta nua seo i mí Eanáir 2007 agus cuireadh gnéithe EPA an chláir i bhfeidhm go hiomlán ó mí Iúil ar aghaidh.
  • D’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil faoi fheidhmíocht Bhallstáit an Aontais Eorpaigh ó thaobh na Creat-Treorach Uisce a chur i bhfeidhm de. Bhain Éire na pointí is fearr amach ó thaobh ceanglais tuairiscithe Airteagal 3 agus Airteagal 5 den Treoir a bhaint amach.
  • D’fhoilsigh an EPA Caighdeáin Cháilíochta Mholta d’Aicmiú Uisce Dromchla le haghaidh comhairliúcháin i mí Iúil 2007. Cuireadh na tuairimí a fuarthas san áireamh nuair a bhí bailchríoch á cur leis an gclár.

AN CLÁR HIDRIMÉADRACH

Is iad cuspóirí an Chláir Hidriméadraigh sonraí ábhartha ardchaighdeáin a tháirgeadh faoi shreabha agus leibhéil uisce chun tacú le dearadh bonneagair mhóir, mar shampla, astarraingtí ó sholáthar uisce agus tógáil droichid, agus monatóireacht a dhéanamh chun tacú le spriocanna comhshaoil cosúil le spriocanna na Creat-Treorach Uisce. Leagann an Treoir sin béim ar an ngá tuiscint a fháil ar na hidirghníomhaíochtaí idir uisce dromchla agus screamhuisce agus mar sin is tosaíocht anois í monatóireacht a dhéanamh ar bhunsruthanna tábhachtacha agus tá sé beartaithe tollphoill mhonatóireachta nua a chruthú. Mar aon le háiteanna eile, tugann na réamh-mheastacháin faoi thionchar an athraithe aeráide ar Éirinn le fios go n-athróidh patrúin báistí agus go mbeidh impleachtaí i gceist leis sin d’acmhainní uisce agus d’infhaighteacht soláthairtí uisce; leagann sé seo béim ar an ngá leanúnach monatóireacht hidriméadrach a dhéanamh ar aibhneacha, lochanna agus ar screamhuisce.

CÁILÍOCHT UISCE SNÁMHA

Seoladh an Tuarascáil um Cháilíocht Uisce Snámha an 11 Bealtaine 2007. Fuair an tuarascáil go raibh cáilíocht fhoriomlán an uisce snámha ag leibhéal ard fós i 2006 -chomhlíon 97 faoin gcéad de na limistéir snámha na caighdeáin éigeantacha agus chomhlíon 90 faoin gcéad de na limistéir snámha na treoirchaighdeáin AE atá i bhfad níos doichte. Mar sin féin, níor chomhlíon líon beag limistéir snámha na híoschaighdeáin éigeantacha.

Moltar d’údaráis áitiúla níos mó limistéir snámha a ainmniú chun a chinntiú go gcosnaítear sláinte an phobail i ndáil leis an snámh. (Féach Léarscáil 2 ar lch.16; tá sí ar fáil freisin ar láithreán gréasáin an EPA.)

CÁILÍOCHT UISCE INÓLTA

I mí an Mhárta 2007, tugadh cumhachtaí nua don EPA maidir le huisce inólta. Anois is í an EPA an t-údarás maoirseachta do sholáthairtí uisce poiblí. Ceanglaítear ar sholáthraithe uisce poiblí (údaráis shláintíocha) an EPA a chur ar an eolas faoi sháruithe ar chaighdeáin uisce inólta agus aon treoracha a thugann an EPA a chomhlíonadh. Tá cumhachtaí comhchosúla ag údaráis shláintíocha i ndáil le soláthairtí uisce príobháideacha (i.e. grúpscéimeanna uisce). Tugadh ról reachtúil d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin maidir le cosaint shláinte an duine agus ní mór don údarás sláintíoch agus don EPA dul i gcomhairle léi nuair atá riosca féideartha ann do shláinte an duine mar thoradh ar fhadhb le soláthar uisce inólta.

Fíor 4: Comparáid AE de Chomhlíonadh Cheanglais Tuairiscithe na Creat-Treorach Uisce ag Ballstáit

Le linn 2007, sheirbheáil an EPA 22 treoir faoi shaincheisteanna uisce inólta ar údaráis shláintíocha, lena n-áirítear treoir do Chomhairle Cathrach na Gaillimhe maidir leis an ngéarchéim Cryptospiridium. I rith 2007 bhí iarrachtaí an EPA dírithe ar na réimsí a aithint a mbaineann an riosca is mó leo ó thaobh shlándáil agus shábháilteacht an tsoláthair uisce in Éirinn de, agus ar na bearta ar gá iad a chur i gcrích chun na rioscaí sin a íoslaghdú. Meastar go bhfuil breis agus 300 soláthar uisce phoiblí ann nach bhfuil slán go leor le huisce inólta glan agus folláin a sholáthar ar bhonn leanúnach agus beidh sé mar thosaíocht de chuid an EPA dul i ngleic leis an bhfadhb seo i 2008.

DRAMHUISCE UIRBEACH

I rith 2007, lean an EPA ar aghaidh ag úsáid a cumhachtaí maoirseachta thar údaráis áitiúla chun feabhais ar oibriú agus bainistíocht ionaid chóireála dramhuisce a spreagadh. Rinne an Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil 16 iniúchadh ar Údaráis Áitiúla i 2007 chun an leibhéal comhlíonta le reachtaíocht a bhaineann le bainistíocht dramhuisce a dhearbhú. Mar chuid den phróiseas iniúchta, agus in iarimscrúduithe a rinneadh chun gearáin a imscrúdú, rinneadh imscrúdú ar 37 ionad cóireála dramhuisce i 2007.

D’eisigh an EPA roinnt fógraí reachtacha d’údaráis áitiúla i rith 2007. Eisíodh na fógraí sin faoi Alt 63 d’Achtanna EPA 1992 agus 2003. Eisíodh fógraí i ndiaidh iniúchtaí déanta ag an EPA nó i ndiaidh imscrúduithe déanta ar ghearáin chomhshaoil. Rinneadh gníomhartha cosúil le himscrúduithe ar ghearáin faoi bholaithe ó ionaid chóireála, imscrúduithe ar scaoileadh ábhair isteach in uiscí agus iar-obair ar uiscí snámha nár chomhlíon na caighdeáin éigeantacha.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

Foilsíodh ceithre thuarascáil taighde theicniúla a d’fhorbair modheolaíochtaí nua chun coirp uisce a aicmiú agus chun coinníollacha bunlíne tagartha a shocrú.

Tugadh tionscadal mór chun críche a rinne imscrúdú ar eotrófú ó fhoinsí talmhaíochta. Rinne an tuarascáil an méid seo a leanas:

  • d’aithin sí an tábhacht a bhaineann le raon airíonna ithreach fisiciúla agus ceimiceacha a mheas agus bearta á bhforbairt chun cailliúintí cothaitheach ón talmhaíocht chuig an uisce a bhainistiú;
  • mhol sí go raibh gá le bearta maolaithe níos spriocdhírithe a dhíriú ar limistéir ar bhain riosca ard leo ó thaobh cailliúint cothaitheach ón talmhaíocht chuig an uisce de; agus
  • thug sí tacaíocht don eolas agus do na birt reatha atá ann chun cailliúintí cothaitheach ón talmhaíocht chuig an uisce a laghdú.

Bunaíodh trí fhoireann taighde uisce nua sna réimsí d’éiceathocsaineolaíocht, nanaitheicneolaíocht agus samhaltú. Is tionscnaimh cúig bliana iad sin a thosóidh go luath in 2008 agus a thabharfaidh tacaíocht do thriúr taighdeoir iardhochtúireachta agus 6 mac léinn PhD nua.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • I rith 2007, chuir an EPA faisnéis faoi cháilíocht an uisce in aibhneacha, lochanna, inbhir, screamhuisce agus limistéir snámha ar fáil don phobal ar láithreán gréasáin nua an EPA trí mheán ENVision, an áis idirghníomhach léarscáilbhunaithe. Trí mheán na háise seo, is féidir leat faisnéis a fháil faoi cháilíocht an uisce i do limistéar áitiúil.
  • D’eagraigh an EPA Comhdháil Náisiúnta Uisce i nGaillimh, an 12-13 Meitheamh 2007, agus d’fhreastail breis agus 200 toscaire uirthi.
  • D’fhoilsigh an EPA na tuarascálacha seo a leanas:
    • Cáilíocht Uisce in Éirinn 2006 – Príomhtháscairí den Timpeallacht Uisceach
    • Tuarascálacha faoi Uisce Inólta, Dramhuisce Uirbeach agus Uisce Snámha
    • Leabhrán treorach faoi na Rialacháin maidir le hUisce Inólta
  • Scaipeadh faisnéis réigiúnach faoi cháilíocht uisce snámha ar na nuachtáin áitiúla agus réigiúnacha uile i ndiaidh fhoilsiú na Tuarascála ar Uisce Snámha. Mar thoradh air sin, foilsíodh 22 alt faoi cháilíocht uisce snámha i nuachtáin áitiúla agus réigiúnacha.

Léarscáil 2: Léarscáil de Cháilíocht Uisce Snámha in Éirinn 2006

4. Ithir Chosanta agus Bithéagsúlacht

Sprioc 2020

Cosnófar ithir na hÉireann ó éilliú agus ó chailliúint agus tacóidh sí le plandaí agus ainmhithe spleácha. Cosnófar agus bainisteofar ár mbithéagsúlacht le haghaidh na nglún amach romhainn.

AONAD NUA UM ITHREACHA & BITHÉAGSÚLACHT

Bunaíodh aonad nua um ithreacha agus bithéagsúlacht laistigh den EPA chun obair an EPA sa réimse seo a chomhordú. Oibreoidh an t-aonad leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le gníomhaireachtaí agus grúpaí eile le baint acu le bithéagsúlacht a chosaint.

SAINCHEISTEANNA OIDHREACHTA A BHAINEANN LEIS AN GCOMHSHAOL

Mar aon le formhór na dtíortha forbartha, tá Éire ag déileáil le saincheisteanna oidhreachta a bhaineann leis an gcomhshaol cosúil le seanlíonta talún, láithreáin mhianaigh tréigthe agus talamh éillithe. Tá dul chun cinn á dhéanamh i dtaca leis na saincheisteanna seo, ach beidh na blianta thart sula mbeidh na saincheisteanna oidhreachta uile réitithe. Is iad seo a leanas buaicphointí na hoibre a rinneadh i 2007 chun dul i ngleic le saincheisteanna oidhreachta.

Measúnú Riosca - Sean-Láithreáin Dramhaíola

Tá thart ar 300 iar-láithreán dramhaíola ar fud na hÉireann. Is iad sin na láithreáin ar tugadh ‘dumpa an bhaile’ orthu cheana. Tá líon i bhfad níos lú de láithreáin dramhaíola mhídhleathacha ann freisin; cruthaíodh formhór acu idir 1998 agus 2002 agus is dramhaíl tógála agus scartála atá iontu den chuid is mó. I mí Aibreáin 2007, d’fhoilsigh an EPA Cód Cleachtais a chuireann creatlach ar fáil chun na láithreáin sin a aithint, na rioscaí féideartha lena mbaineann a mheasúnú agus na bearta feabhais nó gníomhartha ceartúcháin iomchuí a aithint a bhfuil gá leo chun an riosca don chomhshaol agus do shláinte an duine a íoslaghdú.

I ndiaidh fhoilsiú an Chóid, chuir an EPA oiliúint ar fhoireann an údaráis phoiblí faoi conas é a úsáid agus a chur i bhfeidhm. Anois tá an Cód á chur i bhfeidhm ag údaráis áitiúla agus tá an EPA ag déanamh maoirseachta ar a chur i bhfeidhm.

Tionscadal na Mianach Tréigthe

I mí Feabhra 2006, chuir an EPA agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha (Suirbhé Geolaíochta na hÉireann agus an Rannóg Taiscéalaíochta agus Mianadóireachta) tús le comhthionscadal chun iniúchtaí láithreáin mionsonraithe a dhéanamh ar láithreáin tosaíochta de mhianaigh stairiúla chun measúnú a dhéanamh ar an riosca féideartha lena mbaineann do shláinte agus sábháilteacht an duine agus don chomhshaol níos leithne agus chun moltaí a dhéanamh i ndáil le bainistíocht na láithreán seo sa todhchaí. Tá saineolaithe idirnáisiúnta i ngeochobhsaíocht agus measúnú riosca ag tabhairt comhairle faoin tionscadal.

Go dtí seo, tá iniúchadh déanta ar bhreis agus 100 láithreán mianaigh miotail agus guail agus rinneadh anailís mhionchruinn gheoicheimiceach agus gheochobhsaíochta (féach léarscáil 3). Ríomhadh toirt dramhaíola do níos mó ná 300 mianach, le toirteanna ag dul ó na céadta tonna chuig na milliúin tonna. Measúnaíodh cobhsaíocht struchtúrtha thart ar 500 gné lena n-áirítear dambaí fuíll, tollbhealaí, fánaí, sloic, coirp uisce mianach agus foirgnimh. Forbraíodh prótacail samplála mhionsonraithe agus dearadh dréachtmhodheolaíocht chun iad a rangú. Táthar ag súil leis an tionscadal seo a thabhairt chun críche i 2008.

Léarscáil 3: Suíomh na Láithreán Mianach Stairiúil in Éirinn a bhfuil Imscrúdú á Dhéanamh Orthu

Talamh Éillithe

I 2007, rinne an OEE imscrúdú ar ghearán a bhain le héilliú miotail throim ag an bPáirc Theas, An Cladach, Cathair na Gaillimhe. D’iarr an OEE ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe tuarascáil a thabhairt dóibh faoina cuid imscrúduithe agus d’éiligh sé uirthi measúnú riosca agus moltaí do bhearta feabhais a sholáthar. I mí Aibreáin 2007 d’aontaigh an OEE go raibh an measúnú riosca sásúil, agus d’aontaigh sé leis an moladh feabhais fadtréimhseach ithir ghlan a chur ar barr chuid thuaidh an láithreáin. I mí na Nollag 2007, bhí na páirceanna réidh le haghaidh úsáid caitheamh aimsire arís.

CLÚDACH TALÚN- CORINE

I dteannta na héifeachta láithrí a bhíonn ag cleachtais úsáide talún ar cháilíocht ithreach, bíonn impleachtaí acu do cháilíocht aeir agus uisce freisin. Cuireann athruithe neamh-inbhuanaithe ar úsáid talún brúnna breise ar an gcomhshaol. Tá eolas ar athruithe dá leithéid riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar beartais phoiblí. Choimisiúnaigh an EPA léarscáil clúdaigh talún/ úsáide talún in Éirinn mar chuid de thionscnamh Chlúdach Talún Corine na hEorpa, ina gcomhordaíonn Gníomhaireacht Comhshaoil Eorpach léarscáiliú clúdaigh talún fhormhór na hEorpa. Tá nuashonrú de Chlúdach Talún Corine d’Éirinn i 2006 ar siúl faoi láthair agus tabharfar chun críche é i samhradh 2008.

AN CHARTLANN NÁISIÚNTA ITHREACHA

Tháirg tionscadal taighde maoinithe ag an EPA bunachar sonraí bunlíne do gheoicheimic ithreacha in Éirinn. Cruthaíodh Cartlann Náisiúnta Ithreacha dá bharr agus cuimsíonn sí samplaí ithreach agus cartlann d’aigéid núicléasacha araon. Beidh sonraí ó na samplaí ar fáil don phobal i gcoitinne ar láithreán gréasáin Ionad Taighde Comhshaoil an EPA (http://coe.epa.ie/safer) ó mhí an Mhárta 2008 ar aghaidh.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

  • Tugadh chun críche agus foilsíodh tionscadal mór taighde I dTreo Bunachar Sonraí Ithreach Náisiúnta Bunaíodh bunachar sonraí bunlíne náisiúnta do gheoicheimic ithreach in Éirinn den chéad uair.
  • Tugadh chun críche agus foilsíodh an tionscadal taighde cúig bliana BIOFOREST cómhaoinithe le COFORD. Ba í an phríomhtheachtaireacht ón obair seo go bhféadann foraois plandála rannchuidiú le bithéagsúlacht sa tírdhreach má phleanáiltear agus má bhainistítear i gceart í. D’fhéach an staidéar ar phlandaí, éin, damháin alla agus ainmhithe inveirteabracha eile i mbreis agus 100 láithreán foraoise ar fud na tíre roimh an bplandáil agus ag céimeanna éagsúla le linn thimthriall na foraoise, agus rinne sé imscrúdú freisin ar thionchair chleachtas foraise chun feabhas a chur ar bhithéagsúlacht. Rinneadh ocht moladh is caoga sa tuarascáil taighde BIOFOREST Baineann siad seo le pleanáil straitéiseach, pleanáil agus cleachtas áitiúil agus measúnú na bithéagsúlachta nuair atáthar ag bunú agus bainistiú foraoisí.
  • Tugadh staidéar deisce chun raon feidhme a shocrú chun críche maidir le córas faisnéis ithreach digiteach a fhorbairt d’Éirinn.
  • Tugadh tiomantas €1.7m do dhámhachtainí taighdeora nua (PhD, Iardhochtúireachtaí) do 14 taighdeoir i 2007.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • I rith 2007, chuir an EPA faisnéis faoi chlúdach talún, ithir agus fo-ithir ar fáil ar láithreán gréasáin nua an EPA trí mheán ENVision, an áis idirghníomhach léarscáilbhunaithe. Trí mheán na háise seo, is féidir leat faisnéis a fháil faoi chineál na hithreach agus na fo-ithreach agus cineál an chlúdaigh talún i do limistéar áitiúil.

5. Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní

Sprioc 2020

Is é an sprioc tríd is tríd úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní (uisce, fuinneamh agus ábhair). Cuirfear cosc ar dhramhaíl agus íoslaghdófar í, agus baileofar, athchúrsálfar nó aisghabhfar an chuid fágtha di. Déanfar an diúscairt deiridh ar bhealach nach ndéanfaidh dochar don chomhshaol.

AONAD NUA UM ÚSÁID ACMHAINNÍ

Treoraíonn Aonad nua um Úsáid Acmhainní an EPA an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl leis an aidhm aige an treocht i dtreo úsáid mhéadaithe acmhainní agus giniúint mhéadaithe dramhaíola in Éirinn a aisiompú. Áirítear air seo úsáid dhiomailteach ábhar agus tomhaltas iomarcach uisce agus fuinnimh a laghdú.

AN CLÁR NÁISIÚNTA UM CHOSC AR DHRAMHAÍL

I 2007 foilsíodh an tríú tuarascáil bhliantúil don chlár. Lean an Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl ar aghaidh ag cur comhairle straitéiseach luachmhar ar fáil do thionscadail uile an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl.

Leathnaíodh Clár Taispeántais na nÚdarás Áitiúil maidir leis an gCosc, a chothaíonn cosc ar dhramhaíl trí mheán údaráis áitiúla, agus anois, cuimsíonn sé 14 údarás áitiúil. Léiríonn an tionscnamh náisiúnta seo conas is féidir cosc a chur ar dhramhaíl i raon leathan de ghnóthaí agus d’earnálacha rannpháirteacha. Tá torthaí an chláir ag cur teimpléid ar fáil do thionscadail chomhchosúla chun cosc a chur ar dhramhaíl ar fud na tíre.

Forbraíodh Tionscnamh an Ghnó Ghlais le huirlis iniúchta acmhainní ar líne, tacaithe ag sainchomhairleoirí agus líne the. Rinneadh forbairt bhreise ar thionscadail Forfheidhmiúcháin Cásanna-Staidéir a d’eascair as Clár Táirgthe Níos Glaine Níos Glaise an EPA agus táthar chun iad a scaipeadh. Seolfar Tionscnamh an Ghnó Ghlais go hoifigiúil i 2008 mar ghrúpa beart chun diomailt a laghdú i ngnóthaí Éireannacha.

Chomh maith leis sin, i 2007 sheol an EPA Clár um Chosc ar Phacáistíocht le Repak (comhlacht comhlíonta na dramhaíola pacáistíochta) atá ag treorú an chláir. Forbraíodh agus scaipeadh cásanna-staidéir trí mheán seimineár agus ar láithreán gréasáin nua ag www.preventandsave.ie.

Chuir an EPA measúnú ar thomhaltas teaghlach nó tionsclaíoch uisce, fuinnimh agus acmhainní ábhair san áireamh sna tionscadail uile de chuid an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl. Molfar d’aon eagraíocht a dhéanann iniúchtaí ar dhramhaíl nó a chuireann clár coisc i bhfeidhm tomhaltas na n-acmhainní ábhartha uile a laghdú. Rinneadh naisc straitéiseacha le Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann, a chuireann sainchomhairle ar fáil maidir le saincheisteanna fuinnimh suntasacha a thagann chun cinn.

TIONSCNAIMH FREAGRACHTA TÁIRGEOIRÍ

Tá an tAonad um Úsáid Acmhainní freagrach as forfheidhmiú nó cur chun cinn raon Tionscnaimh Freagrachta Táirgeoirí (PRI). Is ionstraimí dlíthiúla agus eacnamaíocha iad sin a éilíonn ar tháirgeoirí (déantóirí agus allmhaireoirí) freagracht airgeadais agus eile a ghlacadh as dramhaíl ginte ag táirgí a chuireann siad ar an margadh. Is iad seo a leanas roinnt samplaí:

  • Na Rialacháin maidir le Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE);
  • Na Rialacháin Phacáistíochta;
  • Rialacháin eile a bhaineann le comhábhair ghuaiseacha i dtáirgí a shrianadh, lena n-áirítear an Srianadh ar Shubstaintí Guaiseacha (RoHS) agus na Rialacháin maidir le Péint Mhaisiúil.
  • Na Rialacháin um Thuaslagóirí.

D’oibrigh an tAonad um Úsáid Acmhainní le gach ceann de na hearnálacha tráchtála éagsúla le baint acu leis na Rialacháin seo chun cur i bhfeidhm éifeachtúil an dlí a chinntiú. Cuireadh clár leathan de threoir, cumarsáid, imscrúdú agus iar-obair forfheidhmiúcháin i bhfeidhm i 2007 agus aithníodh agus cuireadh chun cinn deiseanna chun cosc a chur ar dhramhaíl, ábhair neamhghuaiseacha a úsáid in ionad ábhair ghuaiseacha, cleachtais oibríochtúla níos glaise a ghlacadh agus leas a bhaint as dearadh éiceolaíoch agus athúsáid.

Nuair a bhíonn róil shuntasacha ag údaráis áitiúla i bhforfheidhmiú PRI, mar shampla i gcás na pacáistíochta nó WEEE, rinneadh forbairt dhíreach ar a gcumas i ndáil leo trí mheán Líonra Forfheidhmiúcháin Comhshaoil an OEE.

TUAIRISCIÚ NÁISIÚNTA DRAMHAÍOLA

Go luath i 2007, foilsíodh an Tuarascáil Náisiúnta Dramhaíola maidir le heascairtí i 2005, rud a chothaigh díospóireacht mhaith ar shaincheisteanna sna meáin chumarsáide agus sa phobal i gcoitinne. Tugadh obair staidrimh ar eascairtí i 2006 chun críche i 2007.

AN PLEAN NÁISIÚNTA UM BAINISTÍOCHT DRAMHAÍOLA GUAISÍ

I ndiaidh comhairliúchán agus taighde fairsing, foilsíodh Plean Náisiúnta Molta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí agus Tuarascáil Comhshaoil i 2007. Rinneadh Measúnú Straitéiseach Comhshaoil fad agus a bhí an plean molta á fhorbairt, agus déantar cur síos air sin sa Tuarascáil Comhshaoil. Leagann an plean molta na fíricí amach maidir le heascairtí dramhaíola guaisí agus a mbainistíocht. Déantar moltaí i ndáil le cosc a chur ar dhramhaíl ghuaiseach; rátaí bailiúcháin feabhsaithe le cois cóireáil agus diúscairt atá slán ó thaobh an chomhshaoil de.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

  • Céim 2 den Chlár Táirgthe Níos Glaine Níos Glaise tugtha chun críche Bhí Céim 2 den Chlár ar siúl thar thréimhse 24 mí idir 2005 agus 2007. Tugadh maoiniú do 22 eagraíocht agus ba ionann an tiomantas airgid ón EPA agus €1m. San iomlán, bhí baint ag níos mó ná 150 eagraíocht leis an gclár (mar thoradh ar nádúr líonraithe roinnt de na tionscadail, agus comhpháirtíochtaí i dtionscadail eile). Rinneadh feabhais shuntasacha eacnamaíocha agus comhshaoil. Áirítear orthu sin:
    • Laghdú níos mó ná 250,000 tonna in aghaidh na bliana ar shruthanna ionchuir agus aschuir (uisce, dramhuisce, dramhaíl);
    • oLaghdú níos mó ná 660 MWh in aghaidh na bliana ar úsáid fuinnimh;
    • Spáráil níos mó ná €1.6 milliún in aghaidh na bliana.
  • Tugadh chun críche agus foilsíodh roinnt tionscadail taighde thar a bheith tráthúil lena n-áirítear barraí fuinnimh in Éirinn, cuir chuige bitheolaíocha maidir le hasbhaint cothaitheach in earnáil bia na hÉireann, turasóireacht inbhuanaithe, Óstáin na hÉireann a Dhéanamh Níos Glaise, agus athbhreithniú ar fud na tíre ar tháillí íoc-as-úsáid ar bhailiú dramhaíola.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • Thionóil an EPA Comhdháil ar Fhorfeidhmiú Dramhaíola an 24-25 Deireadh Fómhair i Loch Garman a d’fhreastail pearsanra forfheidhmiúcháin dramhaíola ó Éirinn agus ó Thuaisceart Éireann air.
  • Rinne sí comhairliúchán poiblí faoin bPlean Molta Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí.
  • Foilsíodh an Tuarascáil Náisiúnta Dramhaíola agus tuarascáil an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl.
  • Seoladh an tionscnamh um Óstáin na hÉireann a Dhéanamh Níos Glaise.
  • Scaipeadh faisnéis réigiúnach faoin WEEE ar na meáin chumarsáide áitiúla agus réigiúnacha.
  • Cuireadh ailt ar láithreáin ghréasáin agus in irisí spriocdhírithe chun feasacht ar dhualgais freagrachta táirgeoirí a ardú.
  • Tíolacadh an Clár Táirgthe Níos Glaine Níos Glaise mar Chlár Eiseamláire Eorpach d’Éicea-Nuálaíocht sa Bhruiséil i mí Aibreáin.

6. Comhtháthú agus Forfheidhmiú

Sprioc 2020

Beidh gnéithe comhshaoil ag croílár ceaptha beartas agus déanta cinntí. Beidh iompraíocht fhreagrach comhshaoil ina gnáthiompraíocht trasna earnálacha uile na sochaí, agus gearrfar pionóis ar an lucht nach gcomhlíonfaidh dlíthe comhshaoil.

CEADÚNÚ UM CHOSC AGUS RIALÚ COMHTHÁITE AR THRUAILLIÚ (CRCT)

Leagann an córas ceadúnaithe CRCT béim ar chosc a chur ar dhramhaíl chun astuithe chuig an aer, uisce agus talamh a laghdú, dramhaíl a laghdú tríd is tríd agus úsáid éifeachtúil a bhaint as fuinneamh. Bíonn gá le ceadúnas CRCT i gcás próisis thionsclaíocha mhórscála nó casta le féidearthacht mhór go dtiocfadh truailliú suntasach uathu.

I 2007:

  • Rinneadh athbhreithniú ar na ceadúnais CRCT uile, seachas na ceadúnais don earnáil um dhiansaothrú ar an talmhaíocht, chun a chinntiú gur chomhlíon siad ceanglais na Treorach CRCT faoin spriocdháta de 30 Meán Fómhair.
  • Rinneadh athbhreithniú mionsonraithe ar 31 ceadúnas.
  • Eisíodh 53 ceadúnas CRCT agus tarraingíodh siar nó éiríodh as 4 iarratas ar cheadúnas. Lena chois sin, eisíodh 60 Cinneadh Beartaithe. Rinneadh leasuithe teicniúla ar 22 ceadúnas de réir na rialachán ceadúnúcháin. Tá foráil i leasuithe teicniúla chun earráidí cléireachais a cheartú nó coinníollacha i gceadúnas a leasú ionas go gcomhlíonfaidh sé ceanglais na Treorach CRCT nó chun feidhmiú an cheadúnais a éascú.
  • Rialaigh an Ard-Chúirt i bhfabhar an EPA san athbhreithniú breithiúnach i gcás Donal Brady vs EPA. Baineann an cinneadh sa chás seo le Glanbia Farms Limited vs EPA agus Laragan Farms vs EPA freisin. Rinne an ceadúnaí achomharc i gcoinne an bhreithiúnais seo chun na Cúirte Uachtaraí.
  • Deonaíodh ceadúnas do Shell E&P Ireland Limited d’áis suite i gContae Mhaigh Eo i ndiaidh éisteachta ó bhéal. Eisíodh dréacht-cheadúnas don ionad Aughinish Alumina i Luimneach.

CEADÚNÚ DRAMHAÍOLA

Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola, 1996 is é an EPA atá freagrach as ceadúnú gach áise aisghabhála agus diúscartha dramhaíola den suntas, arna mbainistiú ag na húdaráis áitiúla nó oibreoirí príobháideacha. Leagann an próiseas ceadúnúcháin dramhaíola coinníollacha géara ar oibriú na n-áiseanna d’fhonn cinntiú go ndéantar rialú docht maidir le haon tionchar a bheadh acu ar an gcomhshaol.

I 2007:

  • Cheadaigh an EPA ceadúnais nua nó leasaithe do 5 Ionad Aistrithe Dramhaíola, 2 áis Aisghabhála Ábhar, 2 áis Chomhtháite um Bainistiú Dramhaíola agus 2 áis mhúirín.
  • Diúltaíodh 2 cheadúnas do South East Recycling agus Carbury Compost Ltd.
  • Eisíodh 14 Cinneadh Beartaithe.
  • Eisíodh 15 Leasú Theicniúla.

Eisíodh dréachtcheadúnais do Chomhairle Contae Fhine Gall do Líonadh Talún nua i dTuaisceart Chontae Bhaile Átha Cliath agus do Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do loisceoir ar Leithinis an Phoill Bhig.

Tá sonraí na gceadúnas EPA uile ar fáil ar an gcuid dár láithreán gréasáin a bhaineann le ceadúnú www.epa.ie

Tábla 1: Gníomhaíochtaí Ceadúnúcháin i 2007
 

Ceadúnais CRCT

Ceadúnais Dramhaíola

Toilithe GMO

VOC Ceadúnais

Teastais Chláraithe

Iarratais a breithníodh

123

37

50

12

90

Cinntí Beartaithe

60

14

N/A

12

N/A

Agóidí a fuarthas

63

30

N/A

N/A

N/A

Cinntí Deiridh

53

13

43

12

90

CEADÚNÚ DO SCAOILEADH DRAMHUISCE

Leathnaíodh feidhm cheadúnúcháin an EPA i mí Mheán Fómhair 2007 nuair a thug an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil isteach na Rialacháin um Scaoileadh Dramhuisce (Údarú)(I.R. Uimh. 684 de 2007). De réir na rialachán seo, caithfidh scaoileadh dramhuisce uirbigh ag údaráis áitiúil a bheith faoi réir próiseas ceadúnúcháin agus údaraithe. Cuireadh tús leis an bpróiseas ceadúnúcháin i mí na Nollag 2007 nuair a fuair an EPA an chéad ghrúpa iarratas. Tá an grúpa deiridh iarratas le bheith curtha isteach faoin 22 Meitheamh 2009. Baineann an próiseas ceadúnúcháin le ceirtleáin atá ar coibhéis le níos mó ná 500 duine agus baineann próiseas deimhniúcháin a thosófar i 2009 leis na ceirtleáin uile faoi bhun na tairsí sin.

Rinneadh obair shuntasach sular tugadh na Rialacháin chun críche; mar shampla, tionóladh seimineáir faisnéise ag láithreáin éagsúla le haghaidh údaráis áitiúla agus le haghaidh na gcomhlachtaí uile eile le suim ann. Foilsíodh foirmeacha iarratais agus treorach agus tá siad ar fáil ar líne. Tá foráil á déanamh chun rochtain phoiblí a thabhairt ar na hiarratais uile ag www.epa.ie Meastar go mbeidh thart ar 480 ceirtleán faoi réir an phróisis cheadúnúcháin.

TEASTAIS CHLÁRAITHE

Úsáideann an EPA Teastais Chláraithe chun áiseanna aisghabhála dramhaíola de chuid údaráis áitiúla a mbaineann riosca íseal leo a rialú.

I 2007, d’eisigh an EPA 90 Teastas Cláraithe.

ORGÁNAIGH GHÉINMHODHNAITHE (GMO)

Is é an EPA an t-údarás inniúil in Éirinn do chur i bhfeidhm na Rialachán GMO maidir le húsáid shrianta, scaoileadh d’aon turas sa chomhshaol agus gluaiseacht trasteorann GMO.

Faoi dheireadh 2007:

  • Bhí 234 iontráil ar chlár na n-úsáideoirí GMO in Éirinn. Bhain breis agus 96 faoin gcéad dóibh sin le húsáid shrianta, formhór acu i saotharlanna taighde tríú leibhéal arna n-aicmiú de réir baoil ar leibhéal fánach.
  • Bronnadh 43 toiliú le húsáid shrianta GMO agus rinneadh imscrúduithe láithreáin ar naoi n-áitreabh ina mbaintear úsáid shrianta as GMO.

Ag leibhéal na hEorpa, bronnadh toiliú amháin le GMO a chur ar an margadh (scaoileadh d’aon turas) taobh istigh den Aontas Eorpach agus bhí ról gníomhach ag an EPA sa phróiseas rialála sin thar ceann na hÉireann.

Rinneadh cigireacht suíomh forfheidhmiúcháin ar 12 áitreabh GMO chláraithe le linn 2007.

COMHDHÚILE ORGÁNACHA LUAINEACHA (COL)

Is é cuspóir Rialacháin 1997 an Achta fán nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 1992 (Rialú astuithe comhdhúl orgánach luaineach de dheasca stóráil agus scaipeadh peitril) astuithe comhdhúl orgánach luaineach de dheasca ionaid stórála agus scaipthe peitril a rialú. Úsáideann an EPA próiseas ceada chun na gníomhaíochtaí seo a rialú.

I 2007, rinne an EPA athbhreithniú ar 12 Cead COL.

FORFHEIDHMIÚ CEADÚNAS

In aon cháipéis amháin, déanann na ceadúnais a bhronnann an EPA foráil do rialú agus forfheidhmiú gníomhaíochtaí sonraithe agus do chosaint na meán comhshaoil uile. Áirítear ar obair fhorfheidhmiúcháin na hOifige um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil (OEE) iniúchadh agus imscrúdú láithreán ceadúnaithe chun comhlíonadh agus feidhmíocht comhshaoil a mheasúnú, sampláil agus measúnú astuithe agus soláthar treorach agus faisnéise faoin sárchleachtas.

Baineann cuid mhór den fhorfheidhmiú a dhéantar ar láithreáin cheadúnaithe le himscrúdú gearán agus teagmhas agus treorú agus maoirsiú gníomhartha ceartúcháin. Déantar caingean dlí a dhíriú ar áiseanna a léiríonn neamhchomhlíonadh suntasach i ndáil leis an reachtaíocht ar bhonn leanúnach nó a mbaineann riosca tromchúiseach don chomhshaol leo.

Is féidir sonraí faoi gach ceadúnas Dramhaíola agus CRCT a fheiceáil ar rannóg cheadúnúcháin www.epa.ie.

I 2007:

  • Thug cigirí an EPA 131 iniúchadh agus 900 imscrúdú ar áiseanna ceadúnaithe CRCT agus Dramhaíola chun críche;
  • Tionóladh cruinnithe comhlíonta leis an mbainistíocht shinsearach ag 93 áis chun béim a leagan ar leibhéal an neamhchomhlíonta agus an toradh a bheadh ar neamhchomhlíonadh leanúnach;
  • Rinneadh monatóireacht ar aer, uisce agus astuithe torainn áiseanna ceadúnaithe 1097 uair i 2007;
  • Seirbheáladh 683 fógra neamhchomhlíonta i 2007; Bhain na príomh-shaincheisteanna neamhchomhlíonta a tháinig chun cinn le bainistíocht dramhaíola, srianadh agus sárú teorainneacha astuithe ag áiseanna;
  • Rinneadh 374 gearán maidir le háiseanna CRCT agus 1760 gearán maidir le háiseanna Dramhaíola leis an EPA;
  • Bhí trí cinn de na háiseanna CRCT mar chúis le 38 faoin gcéad de na gearáin uile faoi thionscail cheadúnaithe. Gearáin faoi bholadh, cáilíocht aeir, torann, uisce agus deannach a bhí i gceist.
  • Bhain 67 faoin gcéad de na gearáin uile a rinneadh faoi Dhramhaíl le ceithre áis. Boladh bréan an chúis ba mhinice le gearán.

IMSCRÚDUITHE

Léiríonn Tábla 2 achoimre ar an obair imscrúdaithe a rinne foireann an EPA le linn 2007, arna mionsonrú de réir chatagóir an imscrúdaithe.

Tábla 2: Iniúchtaí agus Imscrúduithe an EPA 2007

Cineál an Imscrúdaithe

Uimhir

Imscrúduithe maidir le hiarratas ar cheadúnas agus imscrúduithe athbhreithnithe

200

Imscrúduithe forfheidhmiúcháin CRCT

546

Iniúchtaí forfheidhmiúcháin CRCT

78

Imscrúduithe forfheidhmiúcháin dramhaíola

354

Iniúchtaí forfheidhmiúcháin dramhaíola

53

Cuairteanna monatóireachta CRCT

852

Cuairteanna monatóireachta dramhaíola

245

Cruinnithe comhlíonta CRCT

52

Cruinnithe comhlíonta dramhaíola

41

Iniúchtaí údaráis áitiúil

59

Imscrúduithe a bhain le himscrúduithe alt

64

Imscrúduithe ar áiseanna GMO

12

Imscrúduithe Trádála Astuithe

110

Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach

532

Péinteanna Maisiúla

500

Srian ar Shubstaintí Guaiseacha

135

PCP/POP

68

Substaintí Ídithe Ózóin

7

CÚRSAÍ DLÍ

Deis fhorfheidhmiúcháin amháin atá ar fáil don EPA ná ionchúiseamh. Tá fógraí dlí chun bearta sonracha a chur i bhfeidhm d’fhonn truailliú a sheachaint nó a chur ina cheart i measc na ndeiseanna eile. I measc caingne dlí ar thug an EPA faoi i 2007 bhí siad seo a leanas:

  • Tugadh dhá cás déag i gcoinne ceadúnaithe sna Cúirteanna Dúiche. Ciontaíodh ceadúnaithe i 11 de na cásanna sin agus cuireadh an tAcht Promhaidh i bhfeidhm sa chás deiridh. Bronnadh na fíneálacha agus na costais de €160,418 ar an EPA. Bhain an chuid is mó de na cúisimh le sárú seasta ar luachanna teorann astuithe, teip bonneagar a chur isteach, faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chur ar fáil don EPA agus teip faisnéis nó fógra faoi theagmhais a chur ar fáil don EPA mar a éilítear de réir choinníollacha na gceadúnas.
  • Rinneadh trí imscrúdú choiriúla mhionsonraithe bhreise agus mar thoradh orthu cuireadh dhá chomhad faoi bhráid Oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus tá an tríú ceann á ullmhú.
  • I rith na bliana, cuireadh tús le Staidéar ar Úsáid Smachtbhannaí Riaracháin do Chionta Comhshaoil i dTíortha Inchomparáide eile agus Measúnú ar a n-úsáid féideartha in Éirinn agus táirgfear tuarascáil deiridh go luath i 2008.

Amhail dheireadh mhí na Nollag, bhí 33 cás sa Chúirt Dúiche idir lámha ag an EPA.

Mar thoradh ar chaingean dlí a thug an EPA, gheall ceadúnaithe aonair suas le €1 mhilliún de bhearta feabhais cosúil le feabhas a chur ar ionaid chóireála dramhuisce agus raon oibreacha feabhsúcháin comhshaoil a dhéanamh ar an láithreán.

AN LÍONRA FORFHEIDHMIÚCHÁIN CHOMHSHAOIL

Comhordaíonn an EPA Líonra Forfheidhmiúcháin Comhshaoil Náisiúnta. Úsáideann an Líonra na hacmhainní comhiomlána, an saineolas agus an cumas imscrúdaithe atá ar fáil go náisiúnta chun dul i ngleic le coiriúlacht comhshaoil. Tá cáil mhór ar an Líonra agus tugann sé os cionn 1000 ball foirne le chéile ó bhreis agus 50 gníomhaireacht. Tá baill ag obair ar fud 9 bpríomhréimse grúpáilte faoi na téamaí Dramhaíl, Uisce, Bainistíocht Forfheidhmiúcháin agus Freagracht Táirgeora.

I 2007:

  • Seoladh Nós Imeachta Náisiúnta do Ghearáin i gcomhar le foilsiú na bileoige An bhfaca tú rud éigin? Abair rud éigin chun go mbeadh sé níos éasca do bhaill an phobail gearáin chomhshaoil a dhéanamh.
  • Thug comhdhálacha náisiúnta faoi uisce agus dramhaíl, le cois ócáidí líonra eile, na húdaráis forfheidhmiúcháin chuí le chéile chun déileáil le saincheisteanna forfheidhmiúcháin ar bhealach comhtháite.
  • Rinneadh athbhreithniú ar an Líonra Forfheidhmiúcháin leis an mbéim athraithe ó oiliúint agus treoir a chur ar fáil go cur i bhfeidhm agus iniúchadh/imscrúdú.
  • Cabhraíodh le húdaráis áitiúla Pleananna Iniúchta/ Imscrúdaithe a fhorbairt.
  • Bunaíodh meithleacha nua chun oibriú ar Cryptospiridium agus ar aer/tuaslagóirí.
  • Cuireadh Rialacháin nua maidir le hUisce Inólta i bhfeidhm agus cuireadh treoir fhairsing eislín faoi Cryptospiridium ar fáil d’údaráis áitiúla ar an láithreán gréasáin.
  • Foilsíodh Nuachtlitir an Líonra Forfheidhmiúcháin agus an nuachtlitir Fócas ar Fhorfheidhmiú Dramhaíola.
  • Cuireadh cúrsaí oiliúna ar fáil d’fhoireann údaráis áitiúla faoi Scileanna Imscrúdaithe Comhshaoil, Cód Cleachtais do Láithreáin Dramhaíola Stairiúla agus Cásanna a Imscrúdú agus a Ullmhú do Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.
  • Fuarthas 1,523 glao ar an líne ghutháin “Dumpa agus Dumpairí”.
  • Leanadh ar aghaidh le comhghníomhartha maidir le forfheidhmiú dramhaíola.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ DRAMHAÍOLA NEAMHÚDARAITHE

Tá sé mar phríomhthosaíocht fós ag an Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil dul i ngleic le beart mídhleathach dramhaíola. I rith 2007, bhí gá le comhoibriú dian le baill an Líonra Forfheidhmiúchán Comhshaoil (Environmental Enforcement Network) chun é sin a dhéanamh. Tá an Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil ag comhoibriú le comhghleacaithe i dTuaisceart Éireann freisin chun dul i ngleic le saincheisteanna trasteorann a bhaineann le dramhaíl mhídhleathach.

Is iad seo a leanas roinnt de na buaicphointí i 2007:

  • Leanfar ar aghaidh ag cur na líne gutháin 24 uair an chloig do dhumpáil mhídhleathach ar fáil go dtí deireadh mhí Feabhra 2008. Is í 1850 365 121 an uimhir. Tá an EPA, údaráis áitiúla agus An Garda Síochána páirteach sa togra.
  • Foilsíodh an Cód Cleachtais Measúnú Riosca Comhshaoil i gcás Láithreáin Diúscartha Dramhaíola Neamhrialaithe agus cuireadh an oiliúint ghaolmhar ar fáil.
  • Foilsíodh an chéad tuarascáil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí Forfheidhmiúcháin na nÚdarás Áitiúil.
  • Baineadh úsáid éifeachtach as cumhachtaí reachtacha faoi Alt 63 den Acht fán EPA chun treoir a thabhairt d’Údaráis Áitiúla i ndáil le conas déileáil le gníomhaíochtaí dramhaíola neamhúdaraithe.
  • Eagraíodh 2 chomhghníomh ilghníomhaireachta i ndáil le gluaiseacht trasteorann dramhaíola.
  • Rinneadh imscrúduithe leanúnacha ar ghluaiseacht mhídhleathach trasteorann dramhaíola.
  • Forbraíodh agus cuireadh treoir i bhfeidhm maidir le hullmhú agus tíolacadh comhad imscrúduithe coiriúil d’oifig Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí.

FORFHEIDHMIÚCHÁN MAIDIR LE HÚDARÁIS PHOIBLÍ

Tá ról maoirseachta ag an EPA maidir le gníomhaíochtaí caomhnaithe comhshaoil na n-údarás áitiúil.

I 2007:

  • Rinneadh 44 iniúchadh ar ionaid chóireála dramhuisce (16) agus ionaid chóireála uisce óil (28) a bhain le húdaráis áitiúla. Rinneadh 15 iniúchadh ar údaráis áitiúla chun scrúdú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Chóras Bainistíochta na nÚdarás Áitiúil, na n-Íoschritéar Molta ag an AE d’Imscrúdú Comhshaoil agus an Nóis Imeachta Náisiúnta do Ghearáin.
  • Rinneadh 64 imscrúdú de bhun 459 gearán déanta chuig an EPA i ndáil le gníomhaíochtaí a raibh údaráis áitiúla freagrach astu. Bhain formhór na ngearán sin le saincheisteanna bainistíochta dramhaíola nó bainistíochta uisce agus bhain formhór na gcinn eile le boladh, torann agus pleanáil. Mar thoradh ar na himscrúduithe sin, eisíodh 88 fógra comhairle agus molta le húdaráis áitiúla.
  • Eisíodh seacht dtreoir i ndáil le saincheisteanna bainistíochta dramhaíola agus bainistíochta uisce. Eisíodh iad le Comhairle Contae Loch Garman, Comhairle Contae Chiarraí, Comhairle Contae na Gaillimhe, Comhairle Contae Chorcaí, Comhairle Contae Dhún na nGall, Comhairle Contae Shligigh agus Comhairle Contae Dhún Laoghaire/Ráth an Dúin.
Tábla 3: Gníomhaíochtaí Forfheidhmiúcháin maidir le hÚdaráis Phoiblí in 2007
Iniúchtaí

59

Imscrúduithe déanta

64

Fógraí comhairle agus molta

88

Treoracha beartaithe a seirbheáladh

8

Treoracha a seirbheáladh

7

TREOIR UM MEASÚNÚ STRAITÉISEACH COMHSHAOIL (MSC)

Is é cuspóir na Treorach MSC ardleibhéal cosanta a thabhairt don chomhshaol agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn. Áirítear ar na buaicphointí don Fhoireann MSC i 2007 an dul chun cinn suntasach a rinneadh maidir le forbairt córas agus nósanna imeachta níos éifeachtaí chun feabhas a chur ar an bpróiseas MSC agus chun sárchleachtas a chur chun cinn. Áirítear orthu sin forbairt leanúnach Uirlis Cuardaigh agus Tuairiscithe GIS uathoibríoch agus Seicliosta Próisis MSC.

Lena chois sin, tugadh an chéad Chomhaltacht Taighde EPA a bhain le MSC chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2007.

Tá 85 MSC ar siúl i láthair na huaire. Áirítear ar na príomhchinn:

  • Athbhreithniú ar an bPlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí
  • Trí Staidéar ar Mheasúnú Riosca Tuillte agus a Bhainistiú
  • Seacht bPlean Bainistíochta/gClár Beart Abhantraí maidir leis an gCreat-Treoir Uisce
  • Forbairt Foinse Mhóir Nua Uisce do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
  • Straitéis Draenála Straitéiseach Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath
  • Straitéis Iompair do Mhórcheantar Bhaile Átha Cliath 2010 -2030
  • Clár Ceadúnúcháin Dobharshaothraithe Loch Feabhail / Loch Cairlinn

GIS

An 3 Meán Fómhair 2007, sheol an tUasal John Gormley TD, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ENVision, feabhas mór ar láithreán gréasáin an EPA (dá dtagraítear cheana i dtéamaí sonracha). Cuireann an breathnóir ar líne seo ar chumas daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil faoina limistéar áitiúil, nó faoi aon réigiún in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil rochtain níos éasca ag an bpobal ar shonraí comhshaoil a bhailíonn an EPA. Trí fhaisnéis comhshaoil dá leithéid a chur ar fáil don phobal, cuirtear feabhas ar rochtain an phobail ar fhaisnéis thábhachtach chomhshaoil.

Trí mheán ENVision, féadann an pobal rochtain a fháil ar fhaisnéis EPA faoi cháilíocht aeir, cáilíocht uisce agus áiseanna ceadúnaithe ag an EPA. Tá faisnéis níos teicniúla ar fáil freisin sna réimsí a bhaineann le hithreacha, fo-ithreacha agus léarscáiliú clúdaigh talún. Cuirfear faisnéis bhreise ar fáil a luaithe is féidir go teicniúil.

TIONSCNAIMH TAIGHDE

  • Tugadh chun críche agus foilsíodh an clár nua EPA d’Eolaíocht, Teicneolaíocht, Taighde agus Nuálaíocht don Chomhshaol (STRIVE). Is clár uaillmhianach taighde agus nuálaíochta de luach €100 milliún é seo a thabharfaidh tacaíocht d’fhorbairtí i gcaomhnú agus feabhsú chomhshaol na hÉireann sa tréimhse 2007-2013. Tá ról reachtúil ag an EPA maidir le taighde in Éirinn a chomhordú agus forbróidh agus comhtháthóidh an clár taighde agus nuálaíochta seo comhpháirt comhshaoil an gheilleagair eolais agus déanfaidh sé cinnte go mbeidh an comhshaol ina phríomhshaincheist do thosaíochtaí taighde ag an leibhéal náisiúnta.
  • Bronnadh 31 PhD, 10 Máistreacht agus 15 Chomhaltacht Iardhochtúireachta arb ionann a luach agus tiomantas thart ar €6m ón EPA go dtí 2009.
  • I mbliana, bhronn an EPA an 100 PhD ó tosaíodh an clár.
  • Bronnadh deontas ar 13 thionscadal faoi Scéim Deontais nua don Bhonneagar Comhshaoil le tiomantas de €1.5m ón EPA go dtí deireadh 2008.

Comhtháthú agus Forfheidhmiú

  • Foilsíodh dhá thuarascáil taighde ar mhargaí do theicneolaíochtaí comhshaoil a chuireann go díreach leis an bPlean Gnímh Náisiúnta um Theicneolaíocht Comhshaoil.
  • Foilsíodh 29 tuarascáil taighde i 2007.

TIONSCNAIMH A BHAINEANN LE CUMARSÁID AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ

  • Tionóladh an tríú comhdháil bhliantúil Comhshaol Éireann i mí Mheán Fómhair agus ba é an téama ‘I dTreo 2020: An Comhshaol i dTodhchaí na hÉireann’.
  • Rinneadh athchóiriú mór ar láithreán gréasáin an EPA i 2007 agus cuireadh ar fáil don phobal é go luath i samhradh 2007.
  • Reáchtáladh feachtais fógraíochta faoi dhumpáil mhídhleathach, dó sa ghairdín cúil agus fear-na-veain
  • Seoladh an bhileog An bhfaca tú rud éigin - Abair rud éigin chun go mbeadh sé níos éasca don phobal gearán a dhéanamh faoin gcomhshaol.

  • Tionóladh deich Láithreoireacht/gCeardlann faoi shaincheisteanna taighde ag ionaid éagsúla ar fud na hÉireann agus d’fhreastail níos mó ná 450 duine orthu.

7. Eagraíocht Ardfheidhmíochta a Thógáil Eagraíocht

Sprioc 2020

Is riachtanas leanúnach é na daoine agus na hacmhainní eagrúcháin a fhorbairt chun tacú lenár straitéis agus chun é sin a dhéanamh ní mór díriú ar cheithre phríomhréimse: Daoine Inniúla/Tiomanta; Laoch Comhshaoil; Dírithe ar Chustaiméirí agus Eagraíocht Éifeachtúil.

I 2007:

  • Tionóladh an tríú comhdháil bhliantúil Comhshaol Éireann i mí Mheán Fómhair agus ba é an téama ‘I dTreo 2020: An Comhshaol i dTodhchaí na hÉireann’. Bhí comhdháil na bliana seo dírithe go mór ar na hathruithe agus tionscnaimh a bhfuil gá leo chun na dúshláin atá os comhair Éireann amach a shárú i réimsí cosúil le hathrú aeráide, bainistíocht dramhaíola, bainistíocht uisce agus iompar.
  • Tionóladh comhdhálacha náisiúnta ar bhainistíocht uisce agus forfheidhmiú dramhaíola.
  • Rinneadh athchóiriú mór ar láithreán gréasáin an EPA i 2007 agus cuireadh ar fáil don phobal é go luath i samhradh 2007. Luadh go sonrach é i dtuarascáil um rialtas leictreonach an AE a deir “Tá láithreán gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (www.epa.ie) dea-chumtha agus cuireann sé treoir chuimsitheach ar fáil do chuideachtaí, saoránaigh agus taighdeoirí. Tá sé a eagrú bunaithe ar riachtanais úsáideoirí agus cuireann sé inrochtaineacht fheabhsaithe ar an ábhar ar fáil.”
  • Rinneadh feabhais bhreise shuntasacha ar chóras bainistíochta cáipéisí ar líne an EPA trí mheán an láithreáin ghréasáin feabhsaithe.
  • Seoladh ENVision, an breathnóir léarscáil comhshaoil saor in aisce agus idirghníomhach. Cuireann ENVision sonraí comhshaoil san áit ar chóir dóibh a bheith: sa réimse áitiúil, agus tugann sé léargas ar an gcomhshaol dúinn. Anois, is féidir leis an bpobal teacht ar fhaisnéis faoinár láithreáin cheadúnaithe, léarscáileanna faoi cháilíocht aeir, faisnéis faoi cháilíocht uisce áitiúil agus sonraí comhshaoil speisialtóra eile trí mheán ENVision.
  • Tá an EPA ag obair leis An Taisce i dtreoirchlár na dTeaghlach Glas arna mhaoiniú ag an gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl. D’eascair sé seo as an gclár Scoileanna Glasa thar a bheith rathúil a reáchtáil An Taisce. Tá sé d’aidhm ag an gclár maireachtáil inbhuanaithe a chur chun cinn sa bhaile agus déileálann sé le hábhair cosúil le cosc a chur ar dhramhaíl, caomhnú fuinnimh, úsáid uisce agus iompar. Cuireadh an treoirchlár ar siúl i sé phobal agus anois tá an dara céim de ar siúl le dhá phobal déag sa bhreis páirteach ann, rud a chiallaíonn go bhfuil baint aige le thart ar 2,700 teaghlach. Cruthaíodh láithreán gréasáin freisin ar a dtugtar www.greenhome.ie
  • Craoladh an cúigiú sraith den tsraith teilifíse EcoEye a bhfuil cáil mhór uirthi ar RTÉ go luath i 2007 agus athchraoladh i rith an tsamhraidh í. D’fhéach thart ar 359,000 duine ar an gclár, an líon is mó daoine a d’fhéach ar an tsraith riamh. Tá séú sraith de EcoEye á forbairt faoi láthair le bheith craolta i 2008.
  • Rinne an EPA taispeántas ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i dTulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí agus ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta BT.
  • Arís, rinne an EPA urraíocht i leith acmhainn ilmheán do scoileanna dara leibhéal le haghaidh ceachta a bhain le hEolaíocht agus Teicneolaíocht ag Gníomhú. Bhí ceacht an EPA dírithe ar athrú aeráide.
  • Don seachtú bliain as a chéile, bhronn an EPA Duais Speisialta ar bhuaiteoirí na duaise don tionscadal comhshaoil is fearr ag Taispeántas Eolaithe Óga agus Teicneolaíochta BT.
  • Scaipeadh pacáiste faisnéise faoin gcomhshaol ar gach bunscoil agus meánscoil in Éirinn.
  • Scaipeadh faisnéis réigiúnach faoi raon ábhair ar asraonta meán cumarsáide áitiúla agus réigiúnacha gach mí. Bhain na hábhair le cáilíocht uisce inólta, cáilíocht uisce snámha, cáilíocht aeir, conas gearán comhshaoil a dhéanamh agus leideanna séasúracha um Nollaig i measc eile.
  • I 2007 chuir an EPA cur chuige foirmiúil bunaithe ar riosca i Cigireacht Réigiúnach an EPA i gCill Chainnigh go hoifigiúil bhfeidhm i ndáil le forfheidhmiú. an 9 Márta, 2007.
  • D’oscail an tUasal Dick Roche, TD, an tAire Comhshaoil,
  • Tá tús curtha le síneadh le Ceanncheathrú an EPA ag Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, an foirgneamh nua ag Caisleán Bhaile Sheonach, Loch Garman.

Ag seoladh ENVision tá an tUasal John Gormley T.D. (an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil), an tUasal Larry Stapleton, (Stiúrthóir, EPA) agus an Dochtúir Mary Kelly (Ard-Stiúrthóir, EPA)

Foilseacháin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) 2007

Tá an chuid is mó d’fhoilseacháin an EPA ar fáil lena n-íoslódáil ó láithreán gréasáin an EPA ag www.epa.ie.

Tá na foilseacháin ar fad le ceannach ar líne nó ó Dhíolachán Foilseachán an EPA ar +353 12670100.

AER

  • Cáilíocht Aeir in Éirinn 2006 (ar an nGréasán amháin).

CORPARÁIDEACH

  • Buaicphointí Bliantúla an EPA 2006.
  • Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil 2006.
  • 2020 Vision.
  • EpaNews Eanáir 2007.
  • EpaNews Bealtaine 2007.
  • EpaNews Deireadh Fómhair 2007.

DRAMHAÍL

  • An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl – Tuarascáil Bhliantúil 2006.
  • An Tuarascáil Náisiúnta Dramhaíola 2005 (Ar an nGréasán amháin).

UISCE

  • Cáilíocht Uisce Inólta in Éirinn – Tuarascáil don bhliain 2005.
  • Na Rialacháin um Shubstaintí Guaiseacha, Tuarascáil Forfheidhmithe Náisiúnta 2005.
  • Cáilíocht Uisce in Éirinn 2006 – Príomhtháscairí na Timpeallachta Uiscí.
  • Scaoileadh amach Dramhuisce ó Cheantair Uirbeacha in Éirinn - Tuarascáil na mBlianta 2004/2005.
  • Cáilíocht Uisce Snámha in Éirinn -Tuarascáil don bhliain 2006.

NÓTAÍ TREORACH

  • Cód Cleachtais - Measúnú Riosca Comhshaoil i gcás Láithreáin Diúscartha Dramhaíola Neamhrialaithe.
  • Nóta Treorach maidir le Torann i ndáil le Gníomhaíochtaí Sceidealaithe Eagrán 2 (2006).
  • Nóta Treorach maidir le Monatóireacht ar Astuithe Aeir #2.

TUARASCÁLACHA TAIGHDE COMHSHAOIL

Athrú Aeráide

  • Athrú Aeráide - Forbairt Fachtóirí Astuithe d’Eallach na hÉireann. (Tuarascáil Speisialta).
  • Athrú Aeráide - Floscanna Carbóin ó Thailte Portaigh na hÉireann a Shamhaltú: I dTreo Fardal Floscanna Carbóin ó Thailte Portaigh na hÉireann a fhorbairt. (Tuarascáil Sintéise).
  • Athrú Aeráide - Meastachán d’Astuithe Gáis Cheaptha Teasa ón Talmhaíocht agus Straitéisí Laghdaithe. (Tuarascáil Sintéise).
  • Forbhreathnú ar Shamhail RAINS.
  • Impleachtaí Sprioc um Chaomhnú Aeráide an AE d’Éirinn.

Aer

  • Truailliú Aeir - Cineál agus Bunús PM10 agus Ábhair Cháithníneacha Níos Lú san Aer i gCeantair Uirbeacha. (Tuarascáil Deiridh).

Uisce

  • Measúnú ar Úsáid an Innéacs Ceannas Sóidiam mar Thomhas Féidearthach d’Íogaireacht Aigéid. (Tuarascáil Sintéise).
  • An Chreat-Treoir Uisce - Aithint Stádas Tagartha do Thíopeolaíochtaí Lochanna na hÉireann ag úsáid Modhanna agus Teicníochtaí Pailéilinneolaíocha (IN-SIGHT). (Tuarascáil Sintéise).
  • An Chreat-Treoir Uisce - Córas Tíopeolaíochta agus Measúnaithe Éiceolaíochta Tagairtbhunaithe d’Imscrúdú Tosaigh Lochanna na hÉireann. (Tuarascáil Sintéise).
  • Eotrófú ó Fhoinsí Talmhaíochta - Éifeachtaí Cleachtais Talmhaíochta ar Láisteadh Níotráití. (Tuarascáil Sintéise).
  • An Chreat-Treoir Uisce - Coinníollacha Tagartha agus Tionchair Eotrófaithe in Aibhneacha na hÉireann. (Tuarascáil Sintéise).
  • Cuir Chuige Bhitheolaíocha maidir le Baint Cothaitheach in Earnáil Bia na hÉireann. (Tuarascáil Deiridh).
  • Eotrófú ó Fhoinsí Talmhaíochta - Tionchar an Ainmhí Fhéaránaigh ar Chaillteanas Fosfair ó Fhéarach Innilte.
  • An WFD - Measúnú, Rannpháirteachas agus Réimsí Teoranta: Cad iad na Caidrimh? (Tuarascáil Sintéise).
  • Eotrófú ó Fhoinsí Talmhaíochta - Tionchar an Ainmhí Fhéaránaigh ar Chaillteanas Fosfair, Nítrigine, Potaisiam agus Solad ar Fuaidreamh ó Fhéarach Innilte - Staidéar Breacaidh Allamuigh. (Tuarascáil Deiridh).
  • Imscrúdú ar an gCaidreamh idir Stoic Éisc, Rátálacha Cáilíochta Éiceolaíochta (Luachanna Q), Fachtóirí Comhshaoil agus Leibhéal an Eotrófaithe. (Tuarascáil Sintéise).
  • Eotrófú ó Fhoinsí Talmhaíochta - Conairí do Chailliúint Cothaitheach le Béim ar Fhosfar. (Tuarascáil Sintéise).
  • Eotrófú ó Fhoinsí Talmhaíochta - Ithir agus Fosfar: Staidéir Dobharcheantair. (Tuarascáil Sintéise).

Bithéagsúlacht

  • Bithéagsúlacht i bhForaoisí Plandála na hÉireann.
  • I dTreo Bunachar Sonraí Ithreach Náisiúnta. (Tuarascáil Sintéise).
  • Córas Faisnéise Ithreach Digiteach d’Éirinn. (Staidéar ar Raon Feidhme).

Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní

  • Úsáid agus Rialú Éilimh Chomhshaoil mar Bhealach chun Tomhaltas Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn in Éirinn. (Tuarascáil Deiridh).
  • Tabhairt Isteach Táillí Bunaithe ar Mheáchan do Dhiúscairt Dramhaíl Sholadach Teaghlaigh. (Tuarascáil Deiridh).
  • Athbhreithniú Náisiúnta ar Tháillí Íocas-Úsáid ar Bhailiú Dramhaíl Teaghlaigh: Torthaí Fairsinge Suirbhé. (Tuarascáil Idirthréimhseach).
  • Tuarascáil CGPP - Forbairt Clár Táirgthe Níos Glaine Níos Glaise do Thionscal Óstán na hÉireann - Óstáin na hÉireann a Dhéanamh Níos Glaise.

COMHTHÁTHÚ AGUS FORFHEIDHMIÚ

  • Aithint na nAthróg Comhshaoil le húsáid chun Monatóireacht a Dhéanamh ar an Meastóireacht ar an Scéim Cosanta Comhshaoil Tuaithe. (Tuarascáil Sintéise).
  • Bainistíocht Comhshaoil sa Tionscal Eastóscach - Mianraí Neamhsceidealaithe. (Tuarascáil Sintéise).
  • Teicneolaíochtaí Comhshaoil - Treoirlínte faoi Conas Treoir-Thionscadal a Chur ar an Margadh. (Tuarascáil Deiridh).
  • Imscrúdú ar Cén Fáth nach mBaintear go Leor Úsáide as Teicneolaíochtaí Comhshaoil Reatha. (Tuarascáil Sintéise).
  • Treoir faoi Thráchtálú Aschuir Taighde agus Forbartha Comhshaoil - Lámhleabhar do Thaighdeoirí atá ag Fáil Maoiniú Taighde agus Forbartha Comhshaoil
  • Luachanna, Dearcaí agus Iompraíocht Comhshaoil in Éirinn. (Tuarascáil Sintéise).
  • Forbairt Turasóireachta Inbhuanaithe - I dTreo Maolú ar Thionchar an Chinn Scríbe Turasóireachta. (Tuarascáil Sintéise).
  • STRIVE- Clár de chuid na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil 2007-2013.