You are here: Home > Downloads > Publications & Reports > Other > Corporate documents

An Oifig um Measúnacht Comhshaoil

Tá an Oifig um Measúnacht Comhshaoil freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar an uisce agus ar an aer sa timpeallacht, as cláir mhonatóireachta náisiúnta a ullmhú agus as clár náisiúnta hidriméadrach, as cabhair samplála agus saotharlainne d'údaráis áitiúla agus as monatóireacht agus seirbhísí éagsúla maidir le saotharlanna a chur ar fáil mar thacú le feidhmeanna ceadúnaithe agus forfheidhmithe an EPA.

Tá an Oifig freagrach chomh maith a an méid seo a leanas: clár taighde comhshaoil náisiúnta a chomhordú; bunachair shonraí comhshaoil a bhunú; uirlisí measúnaithe, cosúil le Córais Faisnéise Tíreolaíochta (GIS), a fhorbairt agus a úsáid; taighde beartais chomhshaoil straitéisigh a dhéanamh; tuarascálacha tráthrialta a sholáthar ar chaighdeán an chomhshaoil; agus tuarascálacha tréimhsiúla ar Staid na Timpeallachta a fhoilsiú. Chomh maith leis sin, tagann gnéithe tábhachtacha de Chreat-Treoir Aeir an AE agus de Chreat-Treoir Uisce an AE a chur i bhfeidhm faoi shainordú na hOifige. Feidhmíonn an Oifig Lárphointe Náisiúnta na hÉireann don Ghníomhaireacht Chomhshaoil Eorpach (EEA), déanann sí maoirseacht ar Mheasúnú Straitéiseach Comhshaoil agus comhordaíonn sí gníomhaíocht an EPA maidir le hithreacha agus bithéagsúlacht.

Bunaíodh aonad nua um ithreacha agus bithéagsúlacht laistigh den EPA in 2007, chun obair an EPA sa réimse seo a chomhordú. Oibreoidh an t-aonad leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus le gníomhaireachtaí agus grúpaí eile agus baint acu le bithéagsúlacht a chosaint.

TAIGHDE AGUS MEASÚNÚ

Tuairisciú Comhshaoil

Is príomhstaitisticí iad táscairí comhshaoil a thugann achoimre ar shaincheist comhshaoil áirithe. Luíonn a láidreacht as faisnéis ghonta, atá inchreidte go heolaíoch a sheachadadh, ar féidir le cinnteoirí rochtain éasca a fháil air. Go bunúsach is í a n-aidhm rudaí a dhéanamh níos simplí, níos fairsinge agus rudaí a chur in iúl.

Tháirg an EPA dhá Thuarascáil bunaithe ar Tháscairí in 2007.

Foilsíodh Cáilíocht Uisce in Éirinn 2006 - Príomhtháscairí den Timpeallacht Uisceach i mí Dheireadh Fómhair 2007 agus cuireann sé staitisticí coimrithe ar fáil faoin bhfaisnéis is déanaí maidir le cáilíocht uisce.

De réir thorthaí na tuarascála:

  • Bhí cáilíocht uisce shásúil i 71 faoin gcéad d'fhad na gcainéal aibhneacha agus i 92 faoin gcéad den achar locha a rinneadh scrúdú orthu;
  • Bhí 19% de na coirp uisce inbhearacha/cósta a scrúdaíodh eotrófach (ró-shaibhrithe) agus d'fhéadfadh 3 faoin gcéad eile éirí eotrófach;
  • Bhí 57 faoin gcéad de na láithreacha samplála screamhuisce éillithe ag bachaillíní drólannacha faecacha;
  • Sháraigh thart ar 25 faoin gcéad de na láithreacha screamhuisce a scrúdaíodh an luach treorach náisiúnta do thiúchan níotráite i gcás uisce ólacháin agus sháraigh dó faoin gcéad acu an teorainn éigeantach;
  • Tá cáilíocht fhoriomlán na n-uiscí snámha in Éirinn an-mhaith fós;
  • Cé gur laghdaíodh ar líon na n-eachtraí a rinneadh slad éisc i gcomparáid le 2005, tá sé fós ag leibhéal an-ard nach bhfuil inghlactha.

Léiríonn an graf thíos treochtaí a tharla le déanaí i gcáilíocht uisce in aibhneacha na hÉireann.

Figiúr 2: Treochtaí i gCáilíocht Uisce in Aibhneacha na hÉireann 1987 - 2006

Is é Cáilíocht Aeir in Éirinn in 2006 - Príomhtháscairí de Cháilíocht Aeir sa Timpeallacht an dara tuarascáil táscaire agus thug sé forbhreathnú ar threochtaí maidir le cáilíocht aeir bunaithe ar shonraí monatóireachta ó 24 stáisiún. De réir na tuarascála:

  • Bhí cáilíocht mhaith aeir ar fud na tíre, ag comhlíonadh na gcaighdeán AE uile;
  • Bhí na leibhéil is airde d'ábhar cáithníneach (PM10) sna bailte níos lú toisc nach raibh ach úsáid theoranta á baint as breosla neamhthoiteach;
  • Bhí leibhéil na dé-ocsaíde nítrigine agus an ábhair cháithnínigh (PM10) san aer i lárionaid uirbeacha de dheasca an tráchta ina gcúis imní dá dtiocfadh méadú breise orthu;
  • Bhí tiúchan leibhéil cháithníní (PM10) ar an meán mar a chéile i ngach ionad daonra de bhrí go n-úsáideann na bailte móra agus na cathracha breosla gan toit anois.

Is féidir teacht ar na Tuarascálacha Táscaire seo san Ionad Íoslódála ar láithreán gréasáin an EPA www.epa.ie.

Faisnéisíocht/Córais Faisnéise Tíreolaíochta (GIS)

Leanadh ar aghaidh le tacaíocht GIS agus faisnéisíochta maidir le forfheidhmiú an Chreat-Treoir Uisce, agus chuimsigh sé ullmhú chun tacair shonraí náisiúnta a chur faoi bhráid na hEorpa in 2008. San áireamh ar na gníomhaíochtaí eile bhí forbairt leanúnach ar uirlis múnlaithe Cumais Chomhshamhlaithe d'aibhneacha, chun tacú le gníomhaíochtaí ceadúnaithe agus forfheidhmiúcháin an EPA, chomh maith le huirlis GIS a fhorbairt le cabhrú leis an EPA chun a cuid freagrachtaí a chomhlíonadh mar Údarás Comhshaoil don Treoir um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil.

I Meán Fómhair 2007, sheol an tUasal John Gormley TD, an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ENVision, feabhas mór ar láithreán gréasáin an EPA. Cuireann an breathnóir ar líne seo ar chumas daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil faoina limistéar áitiúil, nó faoi aon réigiún in Éirinn, rud a chiallaíonn go bhfuil rochtain níos éasca ag an bpobal ar shonraí comhshaoil a bhailíonn an EPA. Trí fhaisnéis comhshaoil dá leithéid a chur ar fáil don phobal, cuirtear feabhas ar rochtain an phobail ar fhaisnéis fhíor agus thábhachtach ar an gcomhshaol.

Trí mheán ENVision, féadann an pobal rochtain a fháil ar fhaisnéis EPA faoi cháilíocht aeir, cháilíocht uisce agus áiseanna ceadúnaithe ag an EPA. Tá faisnéis níos teicniúla ar fáil freisin sna réimsí a bhaineann le hithreacha, fo-ithreacha agus léarscáiliú clúdaigh talún. Cuirfear faisnéis bhreise ar fáil a luaithe is féidir go teicniúil.

Cáilíocht Uisce Snámha

Seoladh an Tuarascáil ar Cháilíocht an Uisce Snámha in Éirinn 2006 i mí na Bealtaine 2007. Fuair an tuarascáil go raibh cáilíocht fhoriomlán an uisce snámha ag leibhéal ard fós i 2006 - chomhlíon 97 faoin gcéad de na limistéir snámha na caighdeáin éigeantacha agus chomhlíon 90 faoin gcéad de na limistéir snámha na treoirchaighdeáin AE atá i bhfad níos doichte. Mar sin féin, níor chomhlíon líon beag limistéir snámha na híoschaighdeáin éigeantacha.

Moltar d'údaráis áitiúla níos mó limistéir snámha a ainmniú chun a chinntiú go gcosnaítear sláinte an phobail i ndáil leis an snámh.

Tá léarscáil de cháilíocht an uisce snámha in Éirinn le fáil i bhFigiúr 3.

Taighde Comhshaoil

Ba bhliain thábhachtach í 2007 do thionscnaimh taighde comhshaoil an EPA. I mí Dheireadh Fómhair, seoladh clár taighde nua ar a dtugtar STRIVE (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Taighde agus Nuálaíocht don Chomhshaol). Dáileadh €101 milliún in iomlán le clár taighde comhshaoil STRIVE an EPA don tréimhse 2007-2013. Maoineofar é seo tríd an bPlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 agus tríd an gCoiste Idir-Rannach um an Straitéis don Eolaíocht, Theicneolaíocht agus Nuálaíocht (IDC-SSTI).

Ag seoladh ENVision tá an tUasal John Gormley T.D. (an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil), an tUasal Larry Stapleton, (Stiúrthóir, EPA) agus an Dochtúir Mary Kelly (Ard-Stiúrthóir, EPA).

Figiúr 3: Léarscáil a Léiríonn Cáilíocht an Uisce Snámha in Éirinn 2006

Tá sé d'aidhm ag an gclár STRIVE taighde a mhaoiniú a dhíreoidh ar na príomhcheisteanna bainistíochta comhshaoil, a chosnóidh agus a fheabhsóidh an comhshaol nádúrtha faoi dheoidh. Maoinítear taighde faoi na príomhthopaicí de cháilíocht aeir, bhithéagsúlacht, chomhshaol agus sláinte, theicneolaíochtaí comhshaoil, athrú aeráide, úsáid na talún, ithreacha agus iompar, shocheacnamaíocht, cháilíocht uisce, bhainistíocht dramhaíola agus acmhainní. Tugann sé sin deis mhór d'Éirinn cumas taighde agus forbartha a thógáil agus bheith ina threoraí domhanda i réimsí nideoige. I rith 2007, tugadh 29 tionscadal taighde chun críche, agus tá na tuarascálacha taighde uile ar fáil ar láithreán gréasáin an EPA, ag www.epa.ie, rud a chuireann acmhainn luachmhar ar fáil d'aon duine le suim i gcaomhnú comhshaoil.

Treoir um Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA)

Le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil déantar measúnú ar na héifeachtaí comhshaoil suntasacha is dóigh a bheidh ag pleananna agus ag cláir sula nglacfar leo.

Is ceann de na trí údarás comhshaoil ainmnithe í an EPA in Éirinn faoi Rialacháin SEA. Éilíonn Rialacháin SEA go gcaithfidh údaráis inniúla dul i gcomhairle leis na húdaráis chomhshaoil ainmnithe agus pleananna agus cláir ar leithligh a chur faoi réir mheasúnú comhshaoil. Is é cuspóir na rialachán ná leibhéal ard caomhnaithe comhshaoil agus comhtháthú a dhéanamh ar ábhair chomhshaoil isteach i bpleananna agus i gcláir chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn.

In 2007 rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le forbairt córas agus nósanna imeachta níos éifeachtaí chun feabhas a chur ar an bpróiseas SEA agus chun dea-chleachtas a chur chun cinn. Áirítear orthu sin forbairt leanúnach Uirlis Cuardaigh agus Tuairiscithe GIS uathoibríoch agus Seicliosta Próisis SEA.

Lena chois sin, tugadh an chéad Chomhaltacht Taighde EPA a bhain le SEA chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2007. Ag deireadh 2007 bhí 85 SEA ar siúl

Monatóireacht ar Thorann sa Chomhshaol

Ainmníonn na Rialacháin um Thorann Comhshaoil 2006 comhlachtaí um léarscáiliú torainn agus údaráis um pleanáil gníomhaíochta chun léarscáileanna torainn straitéiseacha agus pleananna gníomhaíochta a dhéanamh. Sanntar an fhreagracht phríomhúil as an dá fheidhm sin d'Údaráis Áitiúla. Ainmnítear an EPA mar an Údarás Áitiúil chun críche na Rialachán, agus cuimsíonn ár ról feidhmeanna maoirseachta, comhairleacha agus comhordaithe i ndáil le léarscáiliú torainn agus pleanáil gnímh, le cois ceanglais tuairiscithe chun críche na Treorach.

Tugadh an chéad sraith de léarscáileanna torainn straitéiseacha d'Éirinn chun críche i rith na bliana. Thug Éire tuairisc don Choimisiún Eorpach roimh dheireadh 2007 faoina dul chun cinn maidir lena hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi na Rialacháin um Thorann Comhshaoil. Beidh na léarscáileanna torainn straitéiseacha seo ar fáil trí mheán córas léarscáilithe ENVision an EPA ar láithreán gréasáin an EPA in 2008.

Clúdach Talún - Corine

I dteannta na héifeachta láithrí a bhíonn ag cleachtais úsáide talún ar cháilíocht ithreach, bíonn impleachtaí acu do cháilíocht aeir agus uisce freisin. Cuireann athruithe neamh-inbhuanaithe ar úsáid talún brúnna breise ar an gcomhshaol. Tá faisnéis ar athruithe dá leithéid riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar thionchar beartais phoiblí. Choimisiúnaigh an EPA léarscáil clúdaigh talún/úsáide talún in Éirinn mar chuid de thionscnamh Chlúdach Talún Corine na hEorpa, ina gcomhordaíonn Gníomhaireacht Comhshaoil na hEorpa léarscáiliú clúdaigh talún fhormhór na hEorpa. Tá nuashonrú de Chlúdach Talún Corine d'Éirinn in 2006 ar siúl faoi láthair agus tabharfar chun críche é i samhradh 2008.

An Chartlann Náisiúnta Ithreacha

Tháirg tionscadal taighde maoinithe ag an EPA bunachar sonraí bunlíne do gheoicheimic ithreacha in Éirinn. Cruthaíodh Cartlann Náisiúnta Ithreacha dá bharr agus cuimsíonn sí samplaí ithreach agus cartlann d'aigéid núicléasacha araon. Beidh sonraí ó na samplaí ar fáil don phobal i gcoitinne ar láithreán gréasáin Ionad Taighde Comhshaoil an EPA (http://coe.epa.ie/safer) ó mhí an Mhárta 2008 ar aghaidh.

Taighde Beartais

Déanann an tAonad Taighde um Beartas Straitéiseach taighde i roinnt réimsí mar dhramhaíl, fhuinneamh agus an comhshaol. Le linn 2007, d'ullmhaigh an tAonad páipéar díospóireachta dar teideal "Hitting the Targets for Biodegradable Municipal Waste: Ten Options for Change", atá le foilsiú i gcomhar leis an Tuarascáil Náisiúnta Dramhaíola go luath in 2008. Rinne an tAonad taighde chomh maith ar an mbealach a d'fhéadfadh an EPA feabhas a chur ar a feidhmíocht chomhshaoil féin.

Gníomhaireacht Comhshaoil na hEorpa

Is líonra comhpháirtíochta é EIONET (Líonra Faisnéise agus Breathnadóireachta na hEorpa) idir Ghníomhaireacht Comhshaoil na hEorpa (EEA) agus na tíortha atá ina mbaill de agus atá rannpháirteach. Cuimsíonn sé beagnach 900 saineolaí ó 37 tír i mbreis agus 300 gníomhaireacht comhshaoil náisiúnta agus comhlachtaí eile a dhéileálann le faisnéis faoin gcomhshaol.

Is iad na Pointí Fócasacha Náisiúnta (NFP) na naisc/teagmhálacha príomhúla idir an EEA agus páirtithe náisiúnta EIONET. Agus í ag feidhmiú ina ról mar NFP d'Éirinn lean an EPA le comhordú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise comhshaoil leis an EEA agus le forbairt agus cothabháil an líonra náisiúnta agus le teagmhálacha, iarratais agus seachadtaí a éascú agus a chomhordú idir leibhéal náisiúnta agus AE.

TIMPEALLACHT UISCEACH

An Chreat-Treoir Uisce (WFD)

Is í an Chreat-Treoir Uisce an fhorbairt is mó i réimse bheartas uisce an AE go dtí seo. Cuireann an Treoir creatlach uileghabhálach agus clár ar fáil chun cosaint fhadtéarmach a thabhairt d'uisce. Tá sé d'aidhm aici uisce le stádas ard agus le stádas maith a chaomhnú, cosc a chur ar dhochar breise do cháilíocht uisce agus an screamhuisce agus uisce dromchla ar fad a bhí díghrádaithe a athchóiriú nó go mbainfidh siad stádas maith amach.

In 2007:

  • Sheol an EPA tuarascáil choimrithe de Chlár Monatóireachta na Creat-Treorach Uisce chuig an gCoimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2007. Cuireadh tús le cur i bhfeidhm an chláir mhonatóireachta nua seo i mí Eanáir 2007 agus cuireadh gnéithe EPA an chláir i bhfeidhm go hiomlán ó mí Iúil ar aghaidh.
  • D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil faoi fheidhmíocht Bhallstáit an AE i gcur i bhfeidhm na Creat-Treorach Uisce. Bhain Éire na pointí is fearr amach ó thaobh riachtanais tuairiscithe Airteagal 3 agus Airteagal 5 den Treoir a bhaint amach (féach Figiúr 4).

Figiúr 4: Comparáid AE idir Ghéilliúntas Ballstát do Thuairisciú na Creat-Treorach Uisce

  • D'fhoilsigh an EPA Caighdeáin Cháilíochta Mholta d'Aicmiú Uisce Dromchla le haghaidh comhairliúcháin i mí Iúil 2007. Cuireadh na tuairimí a fuarthas san áireamh nuair a bhí bailchríoch á cur leis an gclár.

Monatóireacht ar Cháilíocht an Uisce

Tionscnaíodh clár nua monatóireachta uisce náisiúnta in 2007, arna dhearadh chun riachtanais na Creat-Treorach Uisce a chomhlíonadh, i dtaobh uiscí dromchla agus screamhuisce. Beidh imscrúdú cuimsitheach ar an gceithre phríomhghné bitheolaíochta uisceach, liosta sínte de pharaiméadair cheimiceacha agus fhisiceimiceacha agus ghnéithe hidreamhoirfeolaíocha, ina chuid riachtanach den chlár seo. Bainfear leas as an gclár chun cáilíocht an uisce a measúnú ag láithreáin aibhneacha, locha, taoide agus screamhuisce a léiríonn gach cineál agus brú in Éirinn agus i gcoirp uisce shaorga agus atá mionathraithe go mór agus in éiceachórais talún a braitheann ar screamhuisce chomh maith.

An Clár Hidriméadrach

Is iad cuspóirí an Chláir Hidriméadraigh sonraí ábhartha ardchaighdeáin a tháirgeadh faoi shreabha agus leibhéil uisce chun tacú le dearadh bonneagair mhóir, mar shampla, astarraingtí ó sholáthar uisce agus tógáil droichid, agus monatóireacht a dhéanamh chun tacú le spriocanna comhshaoil cosúil le spriocanna na Creat-Treorach Uisce. Leagann an Treoir sin béim ar an ngá tuiscint a fháil ar na hidirghníomhaíochtaí idir uisce dromchla agus screamhuisce agus mar sin is tosaíocht anois í monatóireacht a dhéanamh ar bhunsruthanna tábhachtacha agus tá sé beartaithe tollphoill mhonatóireachta nua a chruthú. Mar aon le háiteanna eile, tugann na réamh-mheastacháin faoi thionchar an athraithe aeráide ar Éirinn le fios go n-athróidh patrúin báistí agus go mbeidh impleachtaí i gceist leis sin d'acmhainní uisce agus d'infhaighteacht soláthairtí uisce; leagann sé seo béim ar an ngá leanúnach monatóireacht hidriméadrach a dhéanamh ar aibhneacha, lochanna agus ar screamhuisce.

SEIRBHÍSÍ SAOTHARLAINNE

Glacadh thart ar 23,400 sampla in 2007 a ndearnadh anailís orthu maidir le réimse paraiméadar ceimice agus, nuair ba chuí sin, micribhitheolaíochta. Bhí thart ar 350,000 beart tomhais anailíse ar fad i gceist leis seo, sin méadú beag ar 2006. Tógadh na samplaí as aibhneacha, locha, screamhuisce, uisce taoide, síothlú ó líonadh talún, eisilteach agus astuithe aeir. Mar chuid de chláir mhonatóireachta náisiúnta, lena n-áirítear cláir Oibriúcháin agus Faireachais na Creat-Treorach Uisce (WFD), i dtaca leis an bhforfheidhmiú comhshaoil agus maidir le cláir réigiúnacha thar ceann údarás áitiúil san oirdheisceart, san iarthar agus san oirthuaisceart a rinneadh an obair.

Bhog saotharlann Chill Chainnigh na hoibríochtaí go léir go dtí an áitreabh nua saindeartha. Rinneadh uasghrádú ar raon leathan trealaimh shaotharlainne sna saotharlanna uile i gcomhthráth leis an obair méadaithe don WFD. Chuimsigh sé seo HPLC/MS a thabhairt isteach i mBaile Átha Cliath le hanailís a dhéanamh ar Thruailleáin Tosaíochta WFD, a tugadh d'fhoinsí lasmuigh do 2007-2008.

Figiúr 5: Suíomh na láithreán monatóireachta reatha agus bailte inar ullmhaíodh tuarascálacha measúnaithe

An Clár Idirchalabrúcháin

Tháinig ardú de 3 cinn, go dtí 124, ar líon iomlán na saotharlanna atá páirteach i gclár idirchalabrúcháin an EPA in 2007. Tá saotharlanna de chuid údarás áitiúil agus saotharlanna ar conradh, saotharlanna eile a chuireann sonraí ar fáil don EPA agus cúig shaotharlann réigiúnach de chuid an EPA san áireamh. I Meán Fómhair 207 rinneadh nuashonrú ar chlár na saotharlann, a bhforáiltear dó faoi Alt 66 d'Acht an EPA 1992, agus atá ar fáil d'fhonn a iniúchta i gCeanncheathrú an EPA agus ag www.epa.ie.

An Líonra Monatóireachta Aeir

Tá gach gníomhaíocht a bhaineann le monatóireacht aeir ar fud na tíre ar fáil, ach comhéadan léarscáil-bhunaithe a úsáid, ar láithreán gréasáin an EPA. Léiríonn an léarscáil thíos suíomh na láithreán monatóireachta reatha agus bailte inar ullmhaíodh tuarascálacha measúnaithe.

I rith 2007, tugadh monatóireacht chun críche ag gach ceann de na 15 bhaile mheánmhéide (Crios C) in Éirinn. Áiríodh ar na láithreáin mhonatóireachta nua in 2007 Port Láirge, an Uaimh agus an Pasáiste (Cuan Chorcaí).

Déantar cáilíocht a dheimhniú trí pháirt a ghlacadh i gcomparáidí idir tíortha ar fud na hEorpa maidir le gáis neamhorgánacha, miotail agus comhdhúile orgánacha luaineacha.