You are here: Home > Downloads > Publications & Reports > Other > Corporate documents

Fís 2020 - Comhshaol na hÉireann a Fheabhsú agus a Chosaint

Ábhar

Réamhfhocal an Phríomhstiúrthóra

Tá áthas orm Fís 2020 – Comhshaol na hÉireann a Fheabhsú agus a Chosaint - a chur os bhur gcomhair. Seo an tríú straitéis fhoirmeálta atá táirgthe ag An nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA). Sa straitéis leagtar amach fís fhadtéarmach do chomhshaol na hÉireann a fhad le 2020 chomh maith leis na gníomhartha sin a dtabharfaidh EPA fúthu idir 2007 agus 2010 chun an fhís seo a bhaint amach.

Foilsíodh an Plean Straitéiseach deireanach (2003–2006) 10 mbliana tar éis bhunú EPA agus bunaíodh é ar athbhreithniú cuimsitheach ár gcuid gníomhaíochtaí. D’aithin an t-athbhreithniú príomhthosaíochtaí do EPA, ar a n-áirítear cur chuige níos déine ó thaobh fhorfheidhmiú reachtaíochta comhshaoil de agus tosaíocht a dhéanamh de chumarsáid inmheánach agus sheachtrach. Mar achoimre is féidir a rá gur creatlach le haghaidh athraithe eagraíochta a bhí sa Phlean Straitéiseach deireanach, go príomha, plean a cuireadh i bhfeidhm go rafar. Le linn na tréimhse sin ghlacamar le cuid mhór oibre breise freisin, obair a d’eascair as reachtaíocht nua AE agus náisiúnta.

Athruithe Struchtúrtha

Mar chuid de phlean 2003–2006, rinneadh roinnt athruithe struchtúrtha:

  1. Bunaíodh an Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil le díriú ar fhorfheidhmiú ceadúnas a eisíonn EPA agus ar fhorfheidhmiú údaráis phoiblí.
  2. Tugadh mar chúram don Oifig um Fhorfheidhmiú Comhshaoil feidhmeanna a cheadúnú agus a cheadú, agus cur i bhfeidhm na Treorach Trádála Astuithe, na Treorach Measúnaithe Straitéisí Comhshaoil agus an Chláir Náisiúnta um Chosc Dramhaíola.
  3. Rinneadh an Oifig Mheasúnaithe Thimpeallachta freagrach as monatóireacht thimpeallachta, as cur i bhfeidhm na dTreoracha Creatlaí Uisce agus Creatlaí Aeir, seirbhísí saotharlainne agus taighde comhshaoil, faisnéisíocht agus tuairisceoireacht.
  4. Ghlac an Oifig Sheirbhísí Cumarsáide agus Corparáideacha le freagracht do chumarsáid inmheánach agus sheachtrach, do theicneolaíocht an eolais agus do gach seirbhís tacaíochta inmheánach.
  5. Bunaíodh aonad ar leith le plé leis na héilimh mhéadaitheacha ar gach eagraíocht i réimse an rialaithe chorparáidigh.
  6. Le linn na tréimhse ceithre bliana seo méadaíodh líon iomlán fhoireann EPA ó 240 go 290, rud a léirigh mórmhéaduithe i líon na bhfreagrachtaí a sannadh ar an ngníomhaireacht.

Bunsraith dhaingean

Leis an bPlean Straitéiseach a chur i bhfeidhm don tréimhse reatha (2007–2010), is mian le EPA tógáil ar an mbunsraith a cuireadh síos go dtí seo. Tá roinnt rudaí nach dtiocfaidh athrú orthu. Mar shampla, bíonn ár gcuid cinnteoireachta á treorú i gcónaí ag an misean, ag an bhfís agus ag na luachanna a cuireadh in iúl don eagraíocht an uair dheireanach. Is cabhair mhór againn é an struchtúr athbhreithnithe eagraíochta agus beidh sé fós i bhfeidhm, seachas athdháileadh roinnt freagrachtaí laistigh agus idir Oifigí. I dtéarmaí chultúr na heagraíochta, beidh bunluachanna EPA fós ag buntacú lenár gcur chuige i leith cosanta comhshaoil: aghaidh a thabhairt ar mhórdhúshláin, glacadh le freagrachtaí nua de réir mar a thagann siad chun cinn agus seachadadh torthaí.

Lag breathnú chun Tosaigh: Torthaí Comhshaoil

Tá fócas láidir sa straitéis reatha (2007–2010) ar an gcomhshaol sheachtrach, eadhon ar conas is féidir le EPA leanúint uirthi de bheith ag feabhsú sheachadadh na dtorthaí dearfacha comhshaoil. Is mian linn tógáil ar ár gcuid saineolais eolaíoch trí bheith inár dtacadóir onnghníomhach bríomhar, le príomhfhócas ar bhainistiú comhshaoil. Leis an bhfócas seo téimid thar aimsiú na gceisteanna comhshaoil go réiteach gníomhach na mbunchúiseanna.

Chuige sin, d’aimsíomar sé phríomhchuspóir comhshaoil a achoimríonn na príomhdhúshláin comhshaoil in Éirinn sna blianta atá amach romhainn. Faoi gach cuspóir luaimid na focheisteanna ar gá aghaidh a thabhairt orthu agus an tslí ina mbeidh EPA in ann cur le réiteach na gceisteanna seo.

Fís 2020: Creatlach Níos Fadtéarmaí

Tuigimid go bhfuil gnéithe den straitéis ann a thógfaidh níos mó ama ná mar atá i gceist sa tréimhse a chlúdaíonn an Plean Straitéiseach seo (2007–2010). Ar an gcúis sin tá na cuspóirí comhshaoil curtha i gcreat ama níos faide againn – a fhad leis an mbliain 2020. Rachaidh na cuspóirí roghnaithe i bhfeidhm ar ár straitéis eagraíochta sna blianta atá amach romhainn; cuirfidh gach rud a dhéanaimid le réiteach na gcuspóirí seo. De réir chultúr na heagraíochta beidh torthaí intomhaiste sna creata ama gearra agus níos fadtéarmaí mar chuid de na pleananna uile a fhorbraítear.

Ag Léiriú na Luachanna Seirbhíse Poiblí is Fearr

Tá an Plean Straitéiseach seo (2007–2010) le cur i gcomhthéacs nua-aoisiú agus fhorbairt leanúnacha na seirbhíse poiblí. I dtreo 2016 glacann an comhaontú comhpháirtíochta sóisialta 10 mbliana le dearcadh meántéarmach don earnáil phoiblí agus díríonn sé ar nua-aoisiú, ar sholúbthacht agus ar éifeachtúlacht i seachadadh na seirbhíse poiblí. Tógann Fís 2020 ar riachtanais I dTreo 2016 i dtéarmaí oibre foirne, úsáid teicneolaíochta nua, e-rialtais, seachadadh feabhsaithe seirbhíse agus bainistiú athraithe. Déanfar freastal ar éilimh nua a eascraíonn as reachtaíocht comhshaoil AE agus náisiúnta ar bhealaí solúbtha agus cruthaitheacha. Déanfar freastal ar na riachtanais mhéadaitheacha rialaithe chorparáidigh freisin, agus leanfaidh EPA ar aghaidh de bheith i mbun cleachtais is fearr sa réimse seo.

Ag Léiriú Tuairimí ár nGeallsealbhóirí

Tá áthas an domhain orm leis na freagraí a fuarthas ón bpróiseas comhairliúchain ar ár gcáipéis Fís 2020. As 70 sraith tráchta agus tuairimí a fuair muid tháinig 90 faoin gcéad acu ón bpobal. Taispeánann é seo go bhféachann muintir na hÉireann ar an gcomhshaol i gcónaí mar cheann dá bpríomhthosaíochtaí. Rud a chur go mór leis an bpointe seo ná go raibh an chuid is mó de na haighneachtaí ag plé le réimse forleathan ábhar, léiriú nach raibh na daoine dírithe ar cheisteanna aonair. Bhí an doimhneacht tuisceana a léiríodh sna haighneachtaí an-suntasach freisin.

Bhí an chuid is mó de na haighneachtaí a fuarthas ag comhaontú agus ag tacú leis an sé sprioc comhshaoil atá leagtha amach sa cháipéis. Bhí cuid de na haighneachtaí ag fáil locht ar an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus ar a ról. Mionscrúdaíodh gach aon aighneacht agus leasaigh muid an straitéis chun tráchta a fuarthas a chur san áireamh nuair ab fhéidir linn é sin a dhéanamh. Tabharfar aird ar thráchta eile le linn na céime forfheidhmiúcháin.

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúchain as ucht a gcuid ama agus fuinnimh agus na feabhsuithe a bhíomar ábalta a chur ar Fís 2020 dá bharr. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt d’fhoireann na Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil as a n-ionchur cuiditheach i dtaca le múnlú na Straitéise seo. Gabhaim buíochas freisin le Coiste Comhairleach na Gníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil as a chomhairle i dtaca le forbairt na Straitéise.

Tá mé ag súil leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a threorú le linn seachadadh na straitéise seo.

An Dr. Mary Kelly
Príomhstiúrthóir,
An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Le EPA a thuiscint: Cé muid

Ár Misean

  • An comhshaol nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht, ag cur san áireamh prionsabail comhshaoil, shóisialta agus eacnamúla na forbartha inbhuanaithe.

Ár bhFís

  • Gníomhaire cumhachtach don athrú
  • Eagraíocht a bhíonn ag obair le ceisteanna comhshaoil a chur i gcroílár an phróisis chinnteoireachta, ag an leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil
  • Eagraíocht inchreidte agus a bhfuil meas uirthi a labhraíonn go misniúil ar son chosaint an chomhshaoil
  • Eagraíocht den scoth a bhfuil bród ar dhaoine as a bheith ag obair ann

Ár gCuid Luachanna

  • Macántacht, neamhspleáchas agus gairmiúlacht
  • Seirbhís a thabhairt do na páirtithe leasmhara
  • Luach airgid
  • Meas agus tacaíocht do chomhghleacaithe
  • Oscailteacht agus foghlaim

Réamhrá

Cúlra

Is comhlacht reachtúil í An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a bhunaigh an tOireachtas agus sannadh uirthi freagracht as cur i bhfeidhm raoin leathain reachtaíochta Eorpaí agus náisiúnta. Gníomhaímid mar rialaitheoir, mar sholáthróir saineolach neamhspleách comhairle agus eolais faoin gcomhshaol, agus is tacadóir muid le comhshaol na hÉireann. Leagann an Fhís 2020 seo amach ár bhfís do chomhshaol na hÉireann sna deich mbliana atá amach romhainn agus thairis sin amach. Dírítear an fhís ar sheachadadh torthaí dearfacha i líon réimsí criticiúla comhshaoil.

An Suíomh Ginearálta

Fís 2020 le cur i gcomhthéacs ginearálta na forbartha inbhuanaithe. Aithníonn an coincheap go bhfuil dlúthbhaint idir ceisteanna sóisialta, eacnamúla agus comhshaoil agus gur chóir go gcuimseodh socruithe maithe agus polasaí maith na trí eilimint seo ar shlí atá cothromaithe agus comhchuí. Ní féidir na hacmhainní nádúrtha agus na tosca comhshaoil sin atá ríthábhachtach do leas eacnamúil agus sóisialta na nglúnta atá le teacht a ídiú ná a dhíghrádú.

Is príomhacmhainn de chuid na hÉireann é an comhshaol agus ní mór go leanfaí ar aghaidh de bheith á chosaint agus á fheabhsú le cinntiú go mbíonn sé i gcónaí ina bhonn do shochaí shláintiúil agus do gheilleagar séanmhar. Tharla forbairtí suntasacha sa chosaint agus sa bhainistiú comhshaoil in Éirinn le blianta anuas, agus tharla mórchuid acu mar gheall ar pholasaí comhshaoil an AE agus chur i bhfeidhm reachtaíocht an AE. Spreag siad seo feabhsuithe comhshaoil agus bearta cosanta thar raon leathan réimsí, ar a bhfuil caighdeán an uisce agus an aeir, cosaint speiceas agus ghnáthóg, bainistiú dramhaíola agus ceadúnú comhshaoil an tionscail. Buntacaítear le tionscnaimh reatha AE ag Séú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an AE, ina leagtar amach an chreatlach iomlán pholasaí don chomhshaol. Tá tacar straitéisí téamacha de chuid an AE i bhfeidhm freisin le haghaidh a thabhairt ar cheisteanna sonracha, mar shampla an comhshaol agus an tsláinte agus úsáid inbhuanaithe acmhainní, agus tá raon dualgas agus tiomantas idirnáisiúnta faoin gcomhshaol curtha i bhfeidhm ag Éirinn, go háirithe i dtaca le hathrú aeráide agus i dtaca le Prótacal Kyoto.

Príomhdhúshláin Comhshaoil

Soláthraíonn ár dtuarascálacha rialta Staid an Chomhshaoil measúnú iomlán chaighdeán chomhshaol na hÉireann agus aithnítear iontu na brúnna atá á gcur air. Dheimhnigh ár gcuid measúnuithe go bhfuil ardchaighdeán ag baint le comhshaol na hÉireann fós, i gcomparáid le mórchuid na dtíortha eile san AE. Méadaíodh go suntasach, áfach, brúnna ar an gcomhshaol de réir mar a d’fhás geilleagar na hÉireann. Le 10 mbliana anuas chuaigh na brúnna seo i méid ag ráta a sháraíonn i bhfad an ráta atá le sonrú i dtíortha eile de chuid an AE.

Sa mheasúnú deireanach a rinneamar aithníodh cúig thosaíocht iomlána comhshaoil d’Éirinn: trí dhúshlán shonracha théamacha agus dhá dhúshlán ghinearálta do chosaint an chomhshaoil. Seo a leanas na trí dhúshlán shonracha:

  • freastal a dhéanamh ar thiomantais idirnáisiúnta faoi astuithe aeir (gáis cheaptha teasa agus gáis aigéadaithe)
  • cosc agus rialú eotrófaithe (róshaibhriú na n-uiscí ag cothaithigh)
  • bainistiú dramhaíola.

Is iad an dá dhúshlán ghinearálta ná:

  • comhtháthú níos fearr cúrsaí acmhainne comhshaoil agus nádúrtha i bpolasaithe, i bpleananna agus i ngníomhartha na n-earnálacha eacnamúla.
  • feabhsú fhorfheidhmiú na reachtaíochta comhshaoil.

Cuspóirí Fhís 2020

Sracrianaíonn ár bhFís 2020 sé chuspóir chomhshaoil, a léiríonn na príomhdhúshláin a aithníodh inár dtuarascálacha Staid an Chomhshaoil, chomh maith le príomhcheisteanna ag an leibhéal domhanda agus ag leibhéal an AE. Is iad na cuspóirí ná:

  • ag teorannú athraithe aeráide agus ag dul i dtaithí air
  • aer glan
  • uiscí cosanta
  • ithir & bithéagsúlacht chosanta
  • úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha
  • comhtháthú agus forfheidhmiú

Aithníonn Fís 2020 ár gcuspóirí eagraíochta EPA freisin. Is mian linn cur leis an gclú atá orainn agus cinntiú go bhfeictear muid mar eagraíocht a bhfuil buanna ag baint léi i gceithre phríomhréimse:

  • daoine inniúla agus tiomanta
  • tacadóir chomhshaoil
  • dírithe ar an gcustaiméir
  • éifeachtach go heagraíochtúil.

Cur Chuige Comhpháirtíochta

Cé gur straitéis uaillmhianach í Fís 2020 a bheas ina chabhair mhór do spreagadh na forbartha inbhuanaithe in Éirinn, tuigimid go soiléir nach í EPA an t-aon eagraíocht amháin atá freagrach as cúrsaí comhshaoil. Ní bheifear in ann na cuspóirí níos fadtéarmaí a bhaint amach gan chomhoibriú gníomhach na Ranna Timpeallachta, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, na n-údarás áitiúil, raon comhlachtaí poiblí agus príobháideach le freagrachtaí comhshaoil, ENR comhshaoil agus saoránaigh aonair. Beidh sé mar chuid d’ár straitéis sna ceithre bliana atá amach romhainn ná bheith ag comhoibriú le príomheagraíochtaí agus le príomhdhaoine aonair le comhthoil a bhaint amach faoi Fís 2020 agus le cur chuige comhoibritheach a thógáil leis na bearnaí a aithnítear a dhúnadh. Príomhfhócas é dúinn lucht déanta polasaithe, páirtithe leasmhara agus an pobal a chur ar an eolas faoi cheisteanna agus faoi réitigh comhshaoil, agus iompar agus caighdeáin mhaithe chomhshaoil a chothú.

Struchtúrú an Doiciméid seo

  • I gCuid 1 leagtar amach fís mheántéarmach don chomhshaol nádúrtha sna sé réimse príomhchuspóra.
  • I gCuid 2 tá straitéis níos gearrthéarmaí le fáil do aEPA ó 2007 go 2010.
  • I gCuid 3 cuirtear síos ar an bhforbairt eagraíochtúil a dhéanfaidh EPA ardfheidhmíochta a sheachadadh i 2007–2010.

Forbróimid pleananna scartha cur i bhfeidhm a aithníonn na tascanna sonracha atá le cur i bhfeidhm faoi gach cuspóir, na creata ama atá i gceist, agus na daoine atá freagrach astu. Ullmhófar cláir bhliantúla oibre a ligfidh do gach fostaí EPA feiceáil conas a chuireann a gcuid oibre lenár straitéis iomlán. Rachfar go díograiseach i mbun cur i bhfeidhm chuspóirí na straitéise seo, agus athrófar iad nuair is gá sin, agus tabharfar tuairisc ar an dul chun cinn a dhéantar inár gcuid Tuarascálacha Bliantúla.

Cuid 1: Cuspóirí Comhshaoil - Amscála: 2007–2020

Cuspóirí Comhshaoil

Leis an bhfís atá againn a chur i gcrích, eadhon cosaint agus feabhsú chomhshaol na hÉireann, roghnaíomar sé chuspóir chomhshaoil. Léiríonn siad seo na príomhdhúshláin a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu sna blianta atá amach romhainn. Faoi gach ceannteideal cuspóra d’aithníomar na ceisteanna lárnacha ar gá aghaidh a thabhairt orthu. Léireoidh codanna eile an doiciméid conas a chuirfidh EPA le réiteach na gceisteanna seo.

Cuspóir 1: Ag Teorannú Athraithe Aeráide agus ag Dul i dTaithí aiR

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Ceist Dhomhanda: Is ceist phráinneach é an t-athrú aeráide a spreagadh ag an duine agus is é príomhdhúshláin comhshaoil an chéid seo é. Cuireann leibhéil mhéadaithe gás ceaptha teasa leis an iarmhairt nádúrtha cheaptha teasa agus cuireann siad dlús le hathruithe dochúlaithe san aeráid. Is é an rud is suaithinsí faoin tréimhse reatha téite dhomhanda, i gcomparáid le timthriaill eile athraithe aeráide, ná méid agus ráta an athraithe, agus iad ag sárú an chomhathruithe nádúrtha. Tá rioscaí domhanda an-tromchúiseacha i gceist le hiarmhairt an athraithe aeráide agus cuireann sí buneilimintí an tsaoil i mbaol, idir shláinte, theacht ar uisce, tháirgeadh bia agus úsáid an talaimh. De réir mar éiríonn an domhan níos teo cuirfear dlús leis an dochar a dhéanann an t-athrú aeráide.
  2. Éifeachtaí Fadtéarmacha: Ardaíodh an meánteocht domhanda faoi 0.76°C le céad bliain anuas, agus ba iad na 1990í an tréimhse dheich mbliana ba theo le míle bliain anuas. Tuartar go méadófar go suntasach iarmhairt an athraithe aeráide má mhéadaítear teochtaí domhanda faoi níos mó ná 2°C i gcomparáid leis an ré réamhthionsclaíoch. Léiríonn taighde gurbh fhéidir go mbeadh an iarmhairt seo a leanas ag an athrú aeráide in Éirinn: riosca méadaithe tuilte mar gheall ar éirí leibhéal na mara agus mar gheall ar bhorrthaí stoirme; easnamh uisce; ceathanna báistí níos déine; agus iarmhairt talmhaíochta agus bhithéagsúlachta.
  3. Foinsí Iomadúla: Eascraíonn astuithe gáis cheaptha teasa as raon foinsí, ar a n-áirítear modhanna taistil, táirgeadh fuinnimh, talmhaíocht agus próisis thionsclaíocha. Cé gurb í an talmhaíocht an fhoinse is mó is iad na modhanna taistil an earnáil is mó fáis; meastar go bhfuil líon na n-astuithe le dúbláil le hais 1990. Tá astuithe per capita na ngás ceaptha teas in Éirinn i measc na n-astuithe is mó san Eoraip.
  4. Sprioc Dhúshlánach: Faoi Chomhaontú Kyoto tá Éire tiomanta do theorannú mhéadú na ngás ceaptha teasa go 13 faoin gcéad thar leibhéil 1990: teorainn atá le baint amach le linn na tréimhse 2008–2012. Is féidir seo a bhaint amach trí chlár laghdaithe astuithe, agus/nó is féidir liúntais astuithe a cheannach ó thíortha ar éirigh leo na hastuithe a laghdú. Tá leibhéil reatha na n-astuithe gáis cheaptha teasa in Éirinn 25 faoin gcéad níos airde ná i 1990.

    Don tréimhse tar éis 2012, tá Comhairle na nAirí AE tar éis tiomantas a thabhairt le déanaí go mbainfidh siad amach ar a laghad 20 faoin gcéad laghdú in astuithe gáis cheaptha teasa faoi 2020, i gcomparáid le leibhéil 1990. D’aontaigh an Chomhairle chomh math an sprioc seo a leathnú go dtí laghdú 30 faoin gcéad má thugann tíortha forbartha eile an tiomantas céanna do laghduithe comparáideacha. Caithfear sciar na hÉireann den sprioc laghdaithe a aontú fós.

    Tá réimse spriocanna leagtha síos ag an Straitéis Náisiúnta Athraithe Aeráide a bheidh le baint amach de réir a chéile roimh 2020. Tá na tiomantais atá leagtha amach i bPáipéar Bán an Rialtais Ag Seachadadh Todhchaí Inbhuanaithe Fuinnimh d'Éireann agus an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bhithbhreosla, mar chuid de. Cuimsíonn siad seo sprioc de 12 faoin gcéad i sciar an fhuinnimh inathnuaite sa rannóg téimh; treá 10 faoin gcéad bithbhreoslaí a bhaint amach in iompar bóithre; 33 faoin gcéad de thomhaltas leictreachais a ghnóthú ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh; acmhainneacht fhuinnimh mara 500MW a shuiteáil; 800MW a bhaint amach ó theas agus cumhacht le chéile agus Plean Gníomhaíóchta Náisiúnta um Éifeachtúlacht Fuinnimh a fhoilsiú.

  5. Laghdú agus Oiriúnú: Mar gheall ar nádúr domhanda, fadtéarmach agus cleasach an athraithe aeráide, beidh cuid d’iarmhairt an athraithe dosheachanta fiú dá laghdófaí leibhéil na ngás ceaptha gáis anois. Tá rioscaí ann, go háirithe, ó thaobh tuilte, acmhainní uisce, bainistiú abhantraí, talmhaíochta agus bithéagsúlachta de. Ní mór dúinn pleanáil a dhéanamh anois maidir le conas muid féin a oiriúnú do na hathruithe seo, le hiarmhairt dhiúltach an athraithe aeráide a laghdú. #

Cuspóir 2020

“Bainfidh Éire mórlaghduithe amach ó thaobh astuithe gáis cheaptha teasa de agus ullmhófar an tír d’iarmhairt dhosheachanta an athraithe aeráide.”

Na rudaí atá le tarlú leis an gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór d’Éirinn a cuid dualgas comhaontaithe Kyoto a bhaint amach i dtaca le teorannú astuithe gás ceaptha teasa go 13 faoin gcéad thar leibhéil 1990, le linn na tréimhse 2008–2012.
  2. Ní mór na spriocanna breise laghdaithe thar 2012 amach atá le leagan síos d’Éirinn ag an leibhéal idirnáisiúnta agus ag leibhéal an AE, ní mór iad a bhaint amach.
  3. Ní mór monatóireacht ghníomhach a dhéanamh ar an Straitéis Náisiúnta Athraithe Aeráide agus ní mór í a chur i bhfeidhm go hiomlán.
  4. Ní mór na spriocanna agus tiomántais i bPáipéar Bán an Rialtais ar Delivering a Sustainable Energy Future for Ireland agus an National Bioenergy Action Plan a chomhlíonadh ar a laghad.
  5. Ní mór go gcuirfí ceisteanna athraithe aeráide agus astuithe gáis cheaptha teasa san áireamh agus polasaithe modhanna iompair (eitlíocht san áireamh), fuinnimh agus pleanála spásúlachta á ndréachtú.
  6. Ní mór go mbeadh éifeachtacht fuinnimh ina dlúthchuid ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus tráchtála, mhodhanna iompair agus shaol an teaghlaigh.
  7. Ní mór leibhéal níos airde úsáide foinsí fuinnimh in-athnuaite a bhaint amach le spleáchas na hÉireann ar bhreoslaí iontaise a laghdú.
  8. Ní mór gach plean forbartha náisiúnta agus áitiúil/réigiúnach a dhíon ó thaobh na haeráide de le héifeachtaí dosheachanta na n-iarmhairtí aimsire a íoslaghdú.
  9. Ní mór d’Éirinn bheith chun tosaigh ó thaobh glacadh le cineálacha nua cur chuige agus le teicneolaíochtaí ísealcharbóin a bheidh in ann feidhmiú sa chomhthéacs náisiúnta.

Cuspóir 2: Aer Glan

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Iarmhairt Sláinte: Ag an leibhéal is bunúsaí tá gach duine againn i dteideal aer glan a fháil agus fios a bheith againn nach ndéanfaidh an t-aer a bhfuil sé á análú againn dochar dúinn. Bíonn iarmhairt ag nochtadh fadtéarmach do thruailleáin aeir ar an tsláinte, ó mhioniarmhairt ar an gcóras riospráide go galar cardatóracsach feidhme laghdaithe scamhóg, galar cardashoithíoch, asma, broincíteas ainsealach, agus ionchas saoil laghdaithe. Os a choinne sin, is féidir le caighdeán feabhsaithe aeir iarmhairt dhearfach a bheith aige ar an tsláinte. Is iad na truailleáin aeir is mó is cúis imní iad ná ábhar mín cáithníneach (PM10 agus PM2.5), ocsaídí de nitrigin, dé-ocsaíd sulfair, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha agus substaintí laghdaithe ózóin.
  2. Ardchaighdeán: Agus é á chur i gcomparáid le caighdeáin idirnáisiúnta, tá ardchaighdeán ag baint le haer na hÉireann. Cuirtear leis an ardchaighdeán seo ag nádúr ísealdlúis ár gcuid bailte agus ár gcuid cathracha, ag ár suíomh tíreolaíoch agus ag ár stádas mar oileán. Buntáiste mór d’Éirinn gur gaotha a shéideann aniar iad na gnáthghaotha, mar déanann siad ár soláthar aeir úir a athnuachan de shíor.
  3. Diminsean Idirnáisiúnta: Ceann de na príomhcheisteanna atá ann a bhfuil aghaidh le tabhairt ag Éirinn uirthi ná laghdú astuithe cheithre thruailleán trasteorann (dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí de nitrigin, comhdhúile so-ghalaithe orgánacha agus amóinia) de réir a cuid tiomantas idirnáisiúnta. Cuireann na truailleáin seo le haigéadú agus le heotrófú éiceachóras íogaire ar feadh mhórchríoch na hEorpa, agus is féidir leo dochar a dhéanamh d’fhoraoiseacha, d’aibhneacha, do lochanna agus d’éiceachórais eile, chomh maith le foirgnimh agus le láithreáin stairiúla.
  4. An Bhagairt is Mó: Is iad astuithe truailleán cáithníneach ó thrácht an bhóthair, go háirithe i gceantair uirbeacha, an bhagairt is mó do chaighdeán an aeir in Éirinn. Cé gur laghdaíodh astuithe ó fheithiclí aonair ag teicneolaíochtaí feabhsaithe, baineadh de sin ag líon méadaitheach, agus innill níos mó, na bhfeithiclí ar bhóithre na hÉireann. Is féidir le hastuithe ó áiseanna tionsclaíocha agus dramhaíola, stáisiúin chumhachta san áireamh, is féidir leo cur le droch-chaighdeán an aeir, ar an dóigh céanna le hastuithe amóinia ó aoiligh agus ó sciodair bheostoic.
  5. Ceisteanna Áitiúla: Is iad na príomhcheisteanna ag an leibhéal áitiúil ná torann comhshaoil (mar shampla, ó thrácht an bhóthair, ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha, agus ó láithreáin tógála) agus drochbholaithe ó ionaid chóireála uisce agus áiseanna dramhaíola agus tionsclaíocha. Is féidir leo seo dochar a dhéanamh do dhaoine atá ina gcónaí in aice leo, agus is féidir leo iarmhairt dhiúltach a bheith acu ar choinníollacha maireachtála agus oibre.
  6. Dúshlán Deacair: Tá Éire ag tabhairt aghaidhe ar dhúshlán suntasach agus í ag iarraidh teorainneacha astaithe an AE a bhaint amach i dtaca le truailleáin aeir. Is tábhachtach an rud é na spriocanna seo a bhaint amach ó thaobh pheirspictíocht chomhlíonta de, ach is mian linn freisin bheith inár gcomharsana maithe agus cumas ceannaireachta comhshaoil a léiriú.

Cuspóir 2020

“Beidh an t-aer sláintiúil agus glan. Bainfidh astuithe na hÉireann isteach san atmaisféar gach sprioc idirnáisiúnta agus náisiúnta amach.”

Na rudaí atá le tarlú leis an Gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór ardchaighdeán aeir a chothabháil le nach ndéanfaí dochar do shláinte na ndaoine agus an chomhshaoil.
  2. Ní mór d’Éirinn a cuid tiomantas idirnáisiúnta a chomhlíonadh i dtaca le caighdeán an aeir agus i dtaca le hastuithe aeir.
  3. Ní mór d’Éirinn Clár Aer Glan don Eoraip an AE (CAFÉ) a chuimsiú go hiomlán chomh maith le straitéis théamach ghaolmhar an AE faoi thruailliú aeir.
  4. Ní mór dianrialú a dhéanamh ar na hastuithe tionsclaíocha truailleán isteach san aer.
  5. Ní mór go mbainfí amach aistriú modha ón gcarr príobháideach go modhanna taistil phoiblí d’ardchaighdeán.
  6. Ní mór go bhféachfadh rannóga Rialtais, gníomhaireachtaí náisiúnta agus údaráis áitiúla chuige gur dlúthchuid dá mbainistiú tráchta agus dá gcuid próiseas pleanála é caighdeán an aeir.
  7. Ní mór na naisc idir an tsláinte agus caighdeán an aeir a chur in iúl níos fearr le feasacht agus tuiscint a spreagadh i dtaca leis an gceist ríthábhachtach seo.
  8. Ní mór an Rialacháin Náisiúnta Torainn Comhshaoil a chur i bhfeidhm go hiomlán agus a fhorfheidhmiú.

Cuspóir 3: Acmhainní Uisce Cosanta

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Acmhainn Thábhachtach: Tá soláthar flúirseach fionnuisce ag Éirinn, cé nach ndéantar seo a dháileadh go cothrom ar fud na tíre. Tá caighdeán na hacmhainne seo ríthábhachtach, mar bímid ag brath ar acmhainní uisce dromchla agus screamhuisce lenár gcuid uisce ólacháin a fháil. Tá tábhacht leis an uisce freisin mar ghnáthóg do phlandaí agus d’ainmhithe fionnuisce agus muirí agus mar áis ar féidir linn sult a bhaint aisti.
  2. Uiscí Dromchla: Tá caighdeán sásúil ag baint le thart ar 70 faoin gcéad den uisce inár gcuid cainéal abhann faoi láthair, 90 faoin gcéad de limistéar na lochanna, agus 78 faoin gcéad de na huiscí inbhearacha agus cósta a ndéantar monatóireacht orthu. Cúis imní ar leith é go bhfuil láithreáin uisce d’ardchaighdeáin agus ardstádais in aibhneacha agus i lochanna á gcailliúint ar bhonn leanúnach.
  3. Screamhuiscí: I roinnt ceantar tuaithe is foinse tábhachtach uisce ólacháin iad na screamhuiscí. Tá truailliú fairsing le fáil fós, áfach, i screamhuiscí ar fud na tíre, go háirithe san oirdheisceart; léiríonn thart ar 30 faoin gcéad de na samplaí a ndéantar anailís orthu truailliú baictéarach. Tá cosc truaillithe screamhuisce ríthábhachtach, ós rud é gur féidir go mbeidh sé an-deacair ar fad an fhadhb a réiteach.
  4. Uiscí Snámha: Cuirtear sláinte na ndaoine agus an comhshaol i mbaol nuair a bhíonn uiscí snámha truaillithe. Tá uiscí snámha ainmnithe intíre agus chósta na hÉireann i measc na n-uiscí is glaine san Eoraip; comhlíonann 96 faoin gcéad de na láithreáin bunchaighdeáin an AE agus comhlíonann 91 faoin gcéad acu na caighdeáin treoirlínte atá níos déine.
  5. Príomhbhagairt: Is í an bhagairt is fairsinge i leith caighdeán ár n-uiscí dromchla ná ionchur an fhosfair agus na nitrigine thar leibhéil chúlra. Príomhfhoinsí na gcothaitheach seo ná scaoilte bardasacha séarachais agus caillteanais ó ghníomhaíochtaí talmhaíochta. Ina theannta sin, truaillíodh céatadán suntasach soláthar príobháideach uisce ólacháin ag baictéir.
  6. Príomhdhúshláin: Meastar go bhfuil baol ann nach mbeidh breis is leath de na háiteanna uisce dromchla agus screamhuisce in Éirinn in ann cuspóirí caighdeáin uisce an AE a bhaint amach. Is príomhthosaíochtaí de chuid na hÉireann iad caighdeán acmhainní uisce a fheabhsú go sásúil, deireadh a chur le éilliú soláthair uisce ólacháin agus bearta caomhnaithe uisce a chur i bhfeidhm (m.sh. sceite sa ghréasán dáilte a laghdú). Mórdhúshlán é freisin soláthar cóireála uirbí uisce don uisce intíre uile.
  7. Ag dul thar Theacht Suas le Spriocanna: Is ceist straitéiseach don tsláinte phoiblí é teacht a bheith ar uisce glan ólacháin. Bíonn soláthar méide móire uisce ghlain do dhaonra atá ag dul i méid i rith an ama ag brath ar an infrastruchtúr ceart a bheith i bhfeidhm ag an am ceart. Go loighiciúil, mar sin de, ní mór dúinn tosú ar phleanáil do riachtanais úsáidte uisce agus cóireála uisce sa todhchaí, agus dul thar chóras infrastruchtúir ´teacht suas le riachtanais´.

Cuspóir 2020

“Ní dhéanfar ár gcuid uisce dromchla agus ár gcuid screamhuisce a laghdú agus beidh ardchaighdeán ar fad ag baint leo, iad in ann gach caighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhaint amach.”

Na rudaí atá le tarlú leis an Gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór uisce a bhainistiú mar phríomhacmhainn náisiúnta agus ní mór do gach earnáil eacnamúil é a úsáid ar bhealach inbhuanaithe.
  2. Ní mór do sholáthair phoiblí uisce ólacháin agus do scéimeanna grúpa uisce caighdeáin AE agus náisiúnta a chomhlíonadh. Ní mór deireadh a chur le truailliú uiscí ólacháin.
  3. Ní mór Treoir an AE um Chreatlach Uisce a chomhlíonadh go hiomlán – ní mór pleananna bainistithe abhantraí a bheith i bhfeidhm faoi 2009 agus ní mór na cuspóirí comhshaoil a bhaint amach faoi 2015.
  4. Ní mór Plean Gníomhaíochta Niotráití na hÉireann a chur i bhfeidhm go hiomlán le dul i ngleic le truailliú ó fhoinsí éagsúla talmhaíochta.
  5. Ní mór scaoilte isteach in uiscí dromchla agus i screamhuiscí a rialú agus i gcás truailliú ní m,ór a fhoinse a aimsiú agus tabhairt faoi réiteach.
  6. Ba chóir líon na láithreán ainmnithe uisce shnámha in Éirinn (intíre agus chósta) a mhéadú ó 131 go 160, ar a laghad.
  7. Ní mór do gach limistéar ainmnithe snámha caighdeáin nua uisce shnámha an AE a chomhlíonadh,nuair a thagann siad i bhfeidhm.
  8. Ní mór pleanáil do shéarachas agus soláthar uisce ólacháin a nascadh níos fearr le pleanáil agus le forbairt fhisiciúil le freastal a dhéanamh ar mhéaduithe réamh-mheasta úsáide. Ní mór deireadh a chur le truailliú ó ionaid chóireála séarachais.
  9. Ní mór go mbeadh teacht níos éasca ag an bpobal ar eolas tráthúil agus dírithe faoi chúrsaí uisce.

Cuspóir 4: Ithir agus Bithéagsúlacht Chosanta

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Áilleacht Nádúrtha: In Éirinn tá a lán ceantar móráilleachta nádúrtha le fáil, chomh maith le hoidhreacht nádúrtha shuaithinseach. Mar gheall ar gur oileán muid, agus muid suite ar imeall mhór-roinn na hEorpa tá gnáthóga, éiceachórais agus speicis fiadhúlra againn atá gann nó nach ann dóibh, go minic, i mórchuid na hEorpa; tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis na rudaí seo, mar sin de. I measc na n-áiteanna seo tá bogaigh, machairí, cladaí mionduirlinge, murlaigh chósta agus raon iomlán cineálacha portach. Tá daonraí madra uisce agus piardóg na tíre seo i measc na ndaonraí is mó dá gcineál san Eoraip, agus tá ceann den chúig dhaonra Eorpach deilfeanna bolgshrónacha atá ar eolas le fáil anseo.
  2. Sócmhainn Náisiúnta: Ní mór do chách léirthuiscint a bheith acu ar luach ár dtírdhreacha, ár n-ithreach agus ár mbithéagsúlachta. Chomh maith leis an luach ann féin a bhaineann leo leis an tír, tá tábhacht leo go heacnamúil freisin. Mar shampla, bunús gníomhaíochtaí rafara feirmeoireachta é ardchaighdeán ithreach agus bíonn ár dtionscal turasóireachta ag brath cuid mhór ar ardchaighdeán an chomhshaoil nádúrtha agus an tírdhreacha.
  3. Faoi Bhagairt: Is iomaí planda agus ainmhí nach bhfuil in ann iad féin a chur in oiriúint d’athruithe sa chomhshaol a spreagtar ag gníomhaíochtaí daonna, agus is táscairí iad do shláinte iomlán an chomhshaoil. Cé go bhfuil ag éirí go maith le speicis áirithe, tá roinnt speiceas dúchasach agus a ngnáthóga faoi bhagairt ag brúnna éagsúla, ar a n-áirítear diansaothrú talmhaíochta, draenáil bhogach, athrú aeráide, plandáil fhoraoiseachta, baint mhóna, réiteach talaimh agus leathnú leanúnach na limistéar uirbeach. I measc na mbagairtí eile atá le sonrú tá tabhairt isteach speiceas plandaí agus ainmhithe atá ionrach agus ar féidir leo athruithe a bhaint amach i ngnáthóga agus i bpobail áitiúla, rud a chuireann speicis dhúchasacha i mbaol.
  4. Truailliú Talaimh: Tá i bhfad níos lú fadhbanna talaimh fhabhtaithe ag Éirinn ná mar atá ag mórchuid na dtíortha eile an-tionsclaithe. Nuair a eascraíonn a leithéid d’fhadhbanna is minic a bhaineann siad le seanláithreáin oibreacha gáis, iarláithreáin diúscartha dramhaíola agus láithreáin ídithe mhianadóireachta.
  5. Cosaint Níos Mó: I dtéarmaí bithéagsúlachta ní mór dúinn cosaint a thabhairt do agus bainistiú a dhéanamh ar na rudaí sin atá tábhachtach agus speisialta. Aithnítear tábhacht ag leibhéal na hEorpa a bheith ag baint le 60 gnáthóg agus 25 speiceas in Éirinn, agus go bhfuil cosaint speisialta ag teastáil uathu. Foilsíodh an plean náisiúnta bithéagsúlachta ag an Rialtas i 2000 agus táthar ag tosú ar é a chur i bhfeidhm. Cé go ndearnadh dul chun cinn maidir le hainmniú limistéar do chosaint agus chaomhnú nádúir táimid ar gcúl le hais chuid eile na hEorpa de i dtéarmaí chéatadán na críche náisiúnta a ainmnítear dá leithéid.
  6. Easpa Eolais: Ceann de na príomheasnaimh a bhaineann le bainistiú na bithéagsúlachta ná an easpa eolais agus taifead le heolas bunlíne agus úrnua a sholáthar faoi dháileadh agus flúirseacht na speiceas agus faoi roinnt ghnáthóg, go háirithe bogaigh. Táthar ag súil leis go dtabharfaidh an Lárionad Náisiúnta Taifead Bitheolaíoch, a bunaíodh i 2006, go dtabharfaidh sé aghaidh ar an easpa seo eolais. Ar an dóigh céanna, tá an t-eolas reatha faoin ithir agus faoi chaighdeán na hithreach díchosúil, neamhchríochnúil agus gan é a bheith ar fáil go réidh do lucht déanta polasaí.

Cuspóir 2020

“Déanfar ithir na hÉireann a chosaint ó thruailliú agus ó chaillteanas agus tacóidh sí le plandaí agus le hainmhithe spleácha. Cosnófar agus bainisteofar ár mbithéagsúlacht le go mbeidh na glúnta atá le teacht in ann sult a bhaint aisti.”

Na rudaí atá le tarlú leis an gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór reachtaíocht AE agus náisiúnta a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir le cosaint na hoidhreachta nádúrtha; ní mór na spriocanna sin atá leagtha síos ag an AE, i dtaca le stad a chur le caillteanas na bithéagsúlachta agus cuspóirí éiceolaíocha na Treorach um Chreatlach Uisce, a bhaint amach.
  2. Ní mór na bearta a aithníodh sa Phlean Náisiúnta Gníomhaíochta Bithéagsúlachta a sheachadadh go rafar.
  3. Ní mór acmhainní bitheolaíocha (m.sh. iascaireacht) a shaothrú ar bhealach atá inbhuanaithe.
  4. Ní mór Straitéis Náisiúnta Chosanta Ithreach a ullmhú agus a chur i bhfeidhm, agus mar chuid de aithint ithreacha atá i mbaol agus aghaidh a thabhairt ar an ngá atá le bunú gréasáin mhonatóireachta ithreach.
  5. Ba chóir go léireodh go hiomlán polasaithe rann agus gníomhaireachtaí Rialtais an gá atá le caomhnú na bithéagsúlachta agus go dtacódh siad leis (go háirithe i gcás na speiceas agus na gcineálacha sin atá dúchasach d’Éirinn amháin); is amhlaidh an cás é do bhainistiú inbhuanaithe na dtírdhreach oidhreachta nádúrtha agus na hithreach.
  6. Ní mór aithint agus ainmniú na limistéar cosanta a chríochnú agus ní mór clár cuimsitheach a chur i bhfeidhm le monatóireacht a dhéanamh ar staid na limistéar sin.
  7. Ní mór bagairtí don bhithéagsúlacht a aithint agus ní mór pleananna gníomhaíochta speiceas uile-Éireann a ullmhú agus a chur i bhfeidhm do speicis an-luacha chaomhnaithe.
  8. Ní mór polasaí náisiúnta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm do rialú na speiceas ionrach coimhthíoch.
  9. Ní mór do na húdaráis áitiúla pleananna gníomhaíochta bithéagsúlachta contae a dhéanamh agus a chur i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar chosaint na hoidhreachta nádúrtha ag an leibhéal áitiúil.
  10. Ba chóir tuilleadh tionscnamh a fhorbairt le cleachtais fheirmeoireachta agus leata sciodair ar an talamh a chothú atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ba chóir go ndéanfaí tosaíocht de chaomhnú an dúlra mar chuid de seo.
  11. Ní mór eolas faoin mbithéagsúlacht, faoi limistéir chaomhnaithe agus faoi ithreacha a líonadh isteach, a chothabháil agus a chur ar fáil go réidh le cabhrú le cinnteoireacht bunaithe ar an bhfianaise i dtaca le bithéagsúlacht agus le ceisteanna cosanta ithreach.
  12. Ní mór iarláithreáin diúscartha dramhaíola agus láithreáin ídithe mhianadóireachta a aithint agus ní mór pleananna a chur i bhfeidhm lena réiteach.

Cuspóir 5: Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Úsáid Acmhainne: Is féidir díghrádú comhshaoil a spreagadh le linn déantúsú, dáileadh, úsáid nó diúscairt táirgí agus seirbhísí. Faoi láthair bainimid úsáid as acmhainní nádúrtha go neamhéifeachtach agus cruthaímid an iomarca dramhaíola. Má leantar ar aghaidh leis na treochtaí reatha gan aon athrú a dhéanamh déanfar ár gcuid acmhainní nádúrtha a ídiú. Leis an treocht neamhinbhuanaithe a mhalartú ní mór dúinn dul thar rialú astuithe agus dramhaíola agus tosú ar aghaidh a thabhairt ar cheisteanna níos bunúsaí: táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe.
  2. Freagracht an Táirgeora: Cinntíonn tionscnaimh fhreagrachta tháirgeora gurb é an déantúsóir nó an t-iompórtálaí a íocann as costas bhailithe agus athchúrsáilte táirgí nuair a dhéantar dramhaíl díobh. Tá Treoracha an AE faoi dhramhaíl trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, dramhaíl ó phacáistiú agus faoi fheithiclí a bhfuil a ré caite bunaithe ar bhonn fhreagrachta an táirgeora. Rachaidh a gcur i bhfeidhm in Éirinn i bhfeidhm go mór ar bhainistiú na sruthanna tábhachtacha dramhaíola seo.
  3. Cosc is ea an Príomhrud: Cosc an modh bainistithe dramhaíola is inmhianta ós rud é nach bhfuil gá le láimhseáil, le hiompar, le cóireáil ná le diúscairt murar ann don dramhaíl. Soláthraíonn cosc dramhaíola an leibhéal is airde cosanta comhshaoil, barrfheabhsaítear úsáid na n-acmhainní atá ar fáil agus cuirtear deireadh le hábhar foinse truaillithe.
  4. Treocht in Airde: Tá giniúint dramhaíola agus úsáid acmhainní ag dul i méid in Éirinn, in éineacht le fás eacnamúil. Gintear fás ag gach earnáil de shochaí na hÉireann, ar a n-áirítear earnálacha an tionscail, na dteaghlach agus na talmhaíochta. Ceann de na dúshláin chomhshaoil is deacra a bhfuil aghaidh le tabhairt ag Éirinn air ná cosc agus bainistiú dramhaíola.
  5. Baint amach Spriocanna: Cé go bhfuil dul chun cinn maith a dhéanamh maidir le baint amach spriocanna náisiúnta agus Eorpacha athchúrsála dramhaíola, tá Éire ag brath an iomarca ar líonadh talún dramhaíola. Is fada muid ó bhaint amach spriocanna an AE d’atreorú dramhaíola in-bhith-dhíghrádaithe ó láithreáin líonta talún. De réir Treorach an AE faoi Líonadh Talún tá ar Éirinn méid na dramhaíola cathrach in-bhithmhillte a líontar sa talamh a laghdú go 35 faoin gcéad na dramhaíola den chineál seo a táirgeadh i 1995 – dúshlán nach beag. De thairbhe rialaithe dhéine agus rialachán dian laghdaíodh líon na láithreán líonta talún ó bhreis is 100 láithreán dumpála neamhlínithe agus neamhrialaithe go 34 láithreán líonta talún údarásacha bardasacha a fheidhmíonn de réir chaighdeáin AE an lae inniu.
  6. Dumpáil Mhídhleathach: Cé nach bhfuil dumpáil mhídhleathach mhórscála ag tarlú in Éirinn a thuilleadh tá fianaise le fáil go bhfuil líon mór dramhaíola teaghlaigh gan bhailiú ann, go bhfuil diúscairt mhídhleathach (dumpáil threallach mhionscála) ar siúl, chomh maith le caitheamh bruscair agus dó dramhaíola sa chlós cúil atá gan rialú.

Cuspóir 2020

“Is é an cuspóir iomlán ná úsáid níos éifeachtaí acmhainní (uisce, fuinneamh agus ábhair). Déanfar dramhaíl a chosc nó a íoslaghdú, agus déanfar an dramhaíl atá fágtha a bhailiú, a athchúrsáil nó a athshlánú. Cuirfear an diúscairt deiridh i gcrích ar shlí nach ndéanann dochar don chomhshaol.”

Na rudaí atá le tarlú leis an Gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór d’Éirinn prionsabail straitéis théamach an AE a chuimsiú i dtaca le húsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, uisce agus fuinneamh san áireamh.
  2. Ní mór táirgí a dhearadh agus margaíocht a dhéanamh orthu le costais chomhshaoil a íoslaghdú agus iad á dtáirgeadh agus á n-úsáid agus nuair a bhíonn a ré caite – agus na táirgeoirí a bheith freagrach as cad a tharlaíonn do tháirgí nuair a bhíonn a ré caite. Ní mór go léireodh praghas na n-earraí na costais seo uile, bunaithe ar an iarmhairt iomlán dhomhanda don chomhshaol.
  3. Ní mór do thionscail, do mhiondíoltóirí agus do ghnólachtaí eile maoirseacht a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus ar a gcuid seirbhísí, agus ní mór giniúint dramhaíola a íoslaghdú le prionsabail na forbartha inbhuanaithe a léiriú.
  4. Ní mór teicneolaíochtaí nua a aithint agus a shaothrú le modhanna níos glaine agus níos éifeachtaí táirgthe a chinntiú.
  5. I dtaca le polasaí náisiúnta bainistithe dramhaíola de ní mór go leanfaí ar aghaidh le sainmhíniú agus le cur i bhfeidhm táirgiúlachta méadaithe acmhainne sa tsochaí go ginearálta, agus ní mór treocht in airde ghiniúint na dramhaíola a aisiompú.
  6. Ní mór an príomhinfrastruchtúr riachtanach a sheachadadh do bhainistiú dramhaíola agus d’athshaothrú acmhainní.
  7. Ní mór spriocanna AE agus náisiúnta a bhaint amach, ag cur san áireamh na spriocanna sin a bhaineann le hatreorú dramhaíola in-bhith-dhíghrádaithe ó láithreáin líonta talún agus le hathchúrsáil dramhaíola.
  8. Ní mór do chostais seirbhíse bainistithe dramhaíola costais airgeadúla an tsoláthair sheirbhíse a ionchorprú chomh maith leis na costais sin a bhaineann le bainistiú agus le feabhsúchán comhshaoil, de réir an phrionsabail: ‘Íoc mar a thruaillítear’.
  9. Ní mór go leanfaí ar aghaidh le dianrialú áiseanna bainistithe dramhaíola, go mbeidís ag feidhmiú de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr, agus go ndéanfaí oiread agus is féidir le hábhair fhuinnimh agus ath-inúsáidte eile a athshaothrú.
  10. Ní mór go mbeadh bailiú, aistriú agus cóireáil dramhaíola faoi réir forfheidhmithe dhéine.
  11. Ní mór go mbeadh asraoin réadúla agus fadtéarmacha ar fáil le haghaidh ábhar athchúrsáilte agus ní mór fiontair dhúchasacha athchúrsála a spreagadh.
  12. Ní mór go ndéanfaí cleachtais mhaithe choisc agus bhainistithe dramhaíola a fhréamhú go daingean sa bhaile agus san ionad oibre. Ní mór go gcuirfí deireadh go hiomlán le gníomhaíochtaí neamh-inmhianaithe, ar a n-áirítear diúscairt mhídhleathach, caitheamh bruscair agus dó dramhaíola teaghlaigh sa chlós cúil.

Cuspóir 6: Comhtháthú agus Forfheidhmiú

Leis na Ceisteanna a Thuiscint

  1. Príomhdhúshláin: Seo dhá cinn de na príomhdhúshláin in Éirinn ó thaobh cosaint an chomhshaoil de: feabhas a chur ar fhorfheidhmiú reachtaíochta comhshaoil agus gnéithe comhshaoil a chomhtháthú níos fearr i bpolasaithe, i bpleananna agus i ngníomhartha gach earnála den gheilleagar.
  2. Leas Eacnamúil: Is minic a fheictear do dhaoine gur constaic é an comhshaol ó thaobh bhaint amach cuspóirí forbartha eacnamúla nó riachtanais sóisialta eile de. Ach tá dlúthnasc ann idir leas eacnamúil agus sóisialta agus cosaint ár gcomhshaoil, ag cur na ceiste i gcroílár shochaí na hÉireann. Is é prionsabal na forbartha inbhuanaithe ná nach n-ídítear ná nach ndíghrádaítear na hacmhainní nádúrtha agus na reachtaí comhshaoil atá bunúsach do leas eacnamúil agus sóisialta na nglúnta atá le teacht, seachas go ndéantar iad a fheabhsú agus a chothabháil.
  3. Gréasán Forfheidhmithe: Tá an-dul chun cinn déanta maidir le ceadúnú comhshaoil in Éirinn anois agus táthar ag díriú níos mó ar fhorfheidhmiú anois. Is cúis mhéadaithe díspreagtha iad na costais fhorfheidhmithe agus fheabhsúcháin, ar luach na milliún euro, d’ábhar déanta truaillithe. Thug an Gréasán Forfheidhmithe Chomhshaoil, a chomhordaítear ag EPA, thug sé na gníomhaireachtaí éagsúla le chéile a bhfuil ról le himirt acu san fhorfheidhmiú. Is é an cuspóir ná caighdeán níos airde agus níos comhsheasmhaí forfheidhmithe, a chinntíonn go gcuirtear iachall ar na daoine sin a sháraíonn dlíthe comhshaoil cúiteamh a dhéanamh as a gcuid gníomhartha.
  4. Feidhmíocht Fheabhsaithe: Tá feabhas curtha ag a lán de na mórthionscail a cheadúnaíonn EPA ar a bhfeidhmíocht, agus a n-iarmhairt ar an gcomhshaol laghdaithe acu. Is tábhachtach an rud é go dtuigfeadh gnólachtaí agus fiontair i gceart an tábhacht a bhaineann le fáil cheadúnais. Is féidir go mbeadh iarmhairt shuntasach charnach ag fiontair bheaga agus mheánmhéide, nach mbaineann le réimeas ceadúnaithe EPA, ar an gcomhshaol freisin.
  5. Iompar Freagrach: Léirigh suirbhéanna a rinneadh ar an bpobal le déanaí go bhfuil feabhas iontach curtha againn mar náisiún ar ár n-iompar ó thaobh freagrachta i leith an chomhshaoil de chomh maith leis an maoirseacht a dhéanaimid ar an gcomhshaol. Tá fadhbanna le sonrú fós, áfach; bíonn mionlach suntasach ag déanamh rudaí den chineál seo: ag caitheamh bruscair, ag diúscairt bhruscair go mídhleathach, agus ag dó dramhaíola teaghlaigh sa chlós cúil. Tá mórdhúshlán cumarsáide i gceist anseo – an pobal agus imreoirí ábhartha a chur ar an eolas faoin tslí ina dtéann siad i bhfeidhm ar an gcomhshaol.
  6. Laghdú Coimhlinte: Is féidir le ceisteanna comhshaoil leibhéil arda coimhlinte a ghiniúint (m.sh. suíomh áiseanna áirithe). Ní cheadaíonn na gnáthaimh reatha réitigh atá i bhfeidhm díospóireacht chiallmhar i gcónaí, agus is minic a dhéantar suíomhanna na bpáirtithe a dheighilt go hiomlán.

Cuspóir 2020

“Beidh ceisteanna comhshaoil i gcroílár an phróisis déanta polasaithe agus na cinnteoireachta. Is é an norm a bheas i bhfeidhm ar feadh earnálacha uile na sochaí ná iompar freagrach comhshaoil agus coimeádfar daoine cuntasach as sárú na ndlíthe comhshaoil.”

Na rudaí atá le tarlú leis an Gcuspóir seo a bhaint amach…

  1. Ní mór do Phleananna Náisiúnta Forbartha d’Éirinn prionsabail na forbartha inbhuanaithe a ionchorprú agus comhstádas a thabhairt do rathúnas eacnamúil, do chothromas sóisialta agus do chosaint chomhshaoil.
  2. Ní mór dlíthe comhshaoil AE agus náisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú go bríomhar, agus ní mór go mbeadh comhoibriú níos mó i bhfeidhm idir na gníomhaireachtaí ábhartha le dul i ngleic le coireanna tromchúiseacha comhshaoil.
  3. Ní mór go gcuimseofaí go hiomlán ceisteanna comhshaoil ar shlí chomhtháite i bpolasaithe, i bpleananna agus i gcláir ar feadh rann Rialtais agus gníomhaireachtaí stáit, agus nuair is cuí sin, ní mór go mbeidís faoi réir measúnaithe straitéisí comhshaoil. Ní mór go gcuirfeadh fiontair ceisteanna comhshaoil san áireamh ina gcuid gníomhaíochtaí gnó.
  4. Ní mór iachall a chur ar na daoine sin a sháraíonn na dlíthe comhshaoil agus a thruaillíonn an comhshaol íoc as feabhsúchán agus as glanadh suas, de réir an phrionsabail ‘íoc mar a thruaillítear’.
  5. Ní mór go mbeadh údaráis áitiúla ina gcaomhnóirí agus ina maoirseoirí onnghníomhacha comhshaoil ina limistéar áitiúil.
  6. Ní mór go mbeadh ár gcur chuige i leith chosaint agus fheabhsú an chomhshaoil ina eiseamláir ag tíortha eile.
  7. Ní mór do bhreis is 4 mhilliún+ saoránach Phoblacht na hÉireann bheith níos tuisceanaí faoin gcomhshaol le cabhrú leis an bhfís agus leis na cuspóirí a aithnítear sa doiciméad seo a ssheachadadh.
  8. Ní mór Treoracha agus rialacháin an AE a chur i bhfeidhm go hiomlán maidir le teacht ar eolas, rannpháirtíocht phoiblí agus ceartas ó thaobh na cinnteoireachta comhshaoil de.
  9. Ní mór gnáthaimh agus cineálacha cur chuige níos éifeachtaí a fhorbairt le coimhlint a laghdú oiread agus is féidir go praiticiúil i dtaca le ceisteanna comhshaoil.

Cuid 2: Conas a chuirfidh EPA le Baint Amach na gCuspóirí Comhshaoil - Amscála: 2007–2010

Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ag tabhairt aghaidhe cheana ar a lán de na dúshláin chomhshaoil atá le sonrú. Luaimid ár bpríomhphleananna gníomhaíochta do 2007–2010 faoi gach ceann de na príomhréimsí cuspóra.

Cuspóir 1: Ag Teorannú Athraithe Aeráide agus ag Dul i dTaithí air

“Bainfidh Éire mórlaghduithe amach ó thaobh astuithe gáis cheaptha agus ullmhófar Éire d’iarmhairt dhosheachanta an athraithe aeráide.”

Freagra EPA: 2007-2010

Tacadóir Comhshaoil

  1. Feidhmigh Scéim Thrádála Astuithe an AE in Éirinn. Cuimseoidh seo ullmhúchán pleananna náisiúnta leithdháilte, eisiúint leithdháilte agus cheadúnas do na háiseanna scéime trádála, agus monatóireacht, deimhniú agus tuairisceoireacht astuithe dé-ocsaíde carbóine na n-áiseanna.
  2. Cabhraigh le hastuithe na ngás ceaptha teasa agus le héifeachtúlacht fhuinnimh a chothú trí bheith ag comhoibriú le comhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla.
  3. Tacaigh le dul i bhfód méadaithe na n-acmhainní inathnuaite agus na hinfheistíochta sna modhanna iompair phoiblí.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Rialaigh astuithe gás ceaptha theasa ag láithreáin cheadúnaithe thionsclaíocha agus dramhaíola trínár gcuid córas ceadúnaithe agus tríd an scéim trádála astuithe.
  2. Déan monatóireacht ar na háiseanna sin atá ceadúnaithe ag EPA le seiceáil go gcomhlíonann siad coinníollacha a gceadúnais, agus go ndéanann siad beart in aghaidh na n-áiseanna neamhchomhlíonta.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. Soláthair anailís agus comhairle eolach do lucht déanta polasaithe agus do lucht cinnteoireachta faoi straitéisí laghdaithe astuithe agus faoi bhearta oiriúnaithe.
  2. Déan freastal ar dhualgais idirnáisiúnta na hÉireann trí fhardail náisiúnta a ullmhú faoi astuithe gáis cheaptha theasa, fardail atá le cur faoi bhráid an AE agus faoi bhráid comhlachtaí idirnáisiúnta eile.
  3. Lean ar aghaidh le spreagadh fheasacht an phobail i dtaca le ceisteanna athraithe aeráide, ag cur béime ar an ngá atá le laghdú astuithe agus le hoiriúnú d’iarmhairt an athraithe aeráide.
  4. Soláthraigh comhairle agus tacaíocht do ranna Rialtais agus do ghníomhaireachtaí stáit maidir le riosca tuile agus bainistiú acmhainní uisce trí eolas a thiomsú faoi shreabhadh abhann agus leibhéil abhann ón ngréasán náisiúnta stáisiún monatóireachta hidriméadrach.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Comhordaigh agus foilsigh taighde faoi athrú aeráide in Éirinn agus glac páirt i ngníomhaíochtaí idirnáisiúnta taighde faoi mhaolú agus faoi oiriúnú agus faoi phoitéinseal laghdaithe astuithe.
  2. Dírigh ar thaighde nua faoi úsáid agus faoi imlonnú teicneolaíochtaí ísealcharbóin, agus faoi mheasúnú constaicí d’athrú iompair.

Cuspóir 2: Aer Glan

“Beidh an t-aer sláintiúil agus glan. Bainfidh astuithe na hÉireann isteach san atmaisféar gach sprioc idirnáisiúnta agus náisiúnta amach.”

Tacadóir Comhshaoil

  1. Bí i gceannas ar chur i bhfeidhm Threoir an AE um Chreatlach Chaighdeáin Aeir in Éirinn.
  2. Stiúraigh cur i bhfeidhm reachtaíocht an AE faoi shubstaintí ídithe ózóin agus faoi thruailleáin orgánacha seasmhacha.
  3. Cabhraigh le réimis mhonatóireachta chaighdeáin an aeir a bhunú agus cuir feabhas ar chaighdeáin an aeir i gceantair áitiúla trí bheith ag comhoibriú leis na húdaráis áitiúla.
  4. Tacaigh le húsáid bhreoslaí níos glaine agus le dul i bhfód níos mó foinsí fuinnimh inathnuaite d’úsáid mhodhanna iompair, thionsclaíoch, thráchtála agus chónaithe.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Rialaigh astuithe go haer ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha agus bainistithe dramhaíola trínár gcórais um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPPC) agus cheadúnaithe dhramhaíola.
  2. Déan monatóireacht ar áiseanna a cheadúnaítear againn le seiceáil go gcomhlíonann siad teorainneacha sonraithe agus déan beart in aghaidh áiseanna neamhchomhlíonta.
  3. Cuir cosc ar fhadhbanna drochbholaidh agus torainn ag suíomhanna ceadúnaithe trí ghníomhaíochtaí dírithe forfheidhmithe.
  4. Cinntigh go réitíonn údaráis áitiúla gearáin i dtaca le torann comhshaoil agus le caighdeán an aeir áitiúil trí úsáid ár gcuid cumhachtaí reachtúla.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. Cosain sláinte an phobail trí thuairisc a thabhairt faoi chaighdeán an aeir don phobal agus do lucht déanta polasaí, agus tríd an bpobal a chur ar an eolas faoi sháruithe tairsigh don dé-ocsaíd sulfair, ocsaídí de nítrigin, d’ábhar caithníneach, agus de chomhchruinniú an ózóin ag leibhéal an talaimh.
  2. Déan freastal ar dhualgais idirnáisiúnta na hÉireann trí fhardail náisiúnta a ullmhú faoi astuithe agus faoi theilgin go haer, fardail atá le cur faoi bhráid an AE agus faoi bhráid comhlachtaí idirnáisiúnta eile.
  3. Tabhair eolas don phobal faoi chaighdeán an aeir agus faoi astuithe aeir in Éirinn trí fhorbairt acmhainne comhtháite eolais atá bunaithe ar an idirlíon.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Lean ar aghaidh le cothú taighde úrscothaigh le heolas a sholáthar do lucht déanta polasaithe agus le hathruithe a chur i bhfeidhm.
  2. Tacaigh le taighde comhshaoil, agus foilsigh é, taighde ar:
    1. tuar chaighdeán an aeir go náisiúnta agus goréigiúnach
    2. feabhsú na bhfardal astuithe agus laghdú na neamhchinnteachta
    3. éifeachtaí na dtruailleán aeirtrasteorann
    4. cion tairbhe an ábhair chaithnínigh.

Cuspóir 3: Acmhainní Uisce Cosanta

“Ní dhéanfar ár gcuid uisce dromchla ná screamhuisce a ídiú, agus beidh caighdeán den scoth ag baint leis a bhaineann gach caighdeán náisiúnta agus idirnáisiúnta amach.”

Freagra EPA: 2007-2010

Tacadóir Comhshaoil

  1. Cinntigh go bhfuil pleananna bainistithe abhantraí i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar na príomhcheisteanna i ngach abhantrach trí bheith ag obair i gcomhar le heagraíochtaí eile, go háirithe na húdaráis áitiúla agus ceantair bhainistithe na habhantraí.
  2. Comhordaigh feidhmiú na Treorach um Chreatlach Uisce a dhéanann monatóireacht ar chláir do screamhuiscí, d’aibhneacha, do lochanna agus d’uiscí trasdultacha agus cósta, agus cuir i gcrích na tascanna monatóireachta a shanntar ar EPA.
  3. Cothaigh forbairt infrastruchtúir inbhuanaithe agus soláthair comhairle agus cabhair do na húdaráis áitiúla le cabhrú leo acmhainní uisce áitiúil a chosaint ina gceantar.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Cinntigh go gcomhlíonann na háiseanna a cheadúnaíonn EPA faoina chórais IPPC agus cheadúnaithe dramhaíola a dteorainneacha sonraithe agus go ndéantar beart in aghaidh áiseanna neamhchomhlíonta.
  2. Rialaigh scaoilte isteach san uisce a dhéanann na comhlachtaí atá ceadúnaithe againn, le cinntiú nach mbíonn aon iarmhairt dhíobhálach le sonrú ar na huiscí faighte.
  3. Déan iniúchadh ar na húdaráis áitiúla maidir le comhlíonadh na gcaighdeán don uisce ólacháin agus maidir le feidhmiú a gcuid áiseanna cóireála uisce.
  4. Déan bearta forfheidhmithe in aghaidh na n-údarás áitiúil sin a dhéanamh truailliú uisce trí loiceadh ó chur i gcrích a gcuid dualgas comhshaoil.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. Cuir béim ar na soláthair uisce agus ar na stáisiúin chóireála uisce sin nach n-éiríonn leo na híoschaighdeáin a bhaint amach, trí thuarascálacha a fhoilsiú faoin uisce ólacháin agus faoi chaighdeán an fhuíolluisce.
  2. Déan freastal ar dhualgais idirnáisiúnta na hÉireann trí thuarascálacha a ullmhú faoi chaighdeán an uisce lena gcur faoi bhráid an AE agus faoi bhráid comhlachtaí idirnáisiúnta eile.
  3. Soláthair teacht níos fearr don phobal ar eolas faoi chaighdeán agus faoi mhéid an uisce in Éirinn, trí fhorbairt acmhainne eolais uisce idirghníomhaí, atá le fáil ar an idirlíon agus atá bunaithe ar mhonatóireacht hidriméadrach, bhitheolaíoch agus cheimiceach.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Forbair an toilleadh in-tí le tabhairt faoi anailís substaintí contúirteacha san uisce, faoi mar a éilíonn an Treoir um Chreatlach Uisce.
  2. Comhordaigh taighde comhshaoil le tacú le cur i bhfeidhm na Treorach AE um Chreatlach Uisce.

Cuspóir 4: Ithir agus Bithéagsúlacht Chosanta

“Déanfar ithir na hÉireann a chosaint ó thruailliú agus ó chaillteanas agus tacóidh sí le plandaí agus le hainmhithe spleácha. Cosnófar agus bainisteofar ár mbithéagsúlacht le go mbeidh na glúnta atá le teacht in ann sult a bhaint aisti.”

Freagra EPA: 2007-2010

Cé nach bhfuil ról díreach ná freagracht reachtúil ag EPA maidir le bainistiú agus le cosaint bhithéagsúlacht na hÉireann, tabharfaidh sí faoi raon gníomhaíochtaí thar an tréimhse 2007-2010 a chuirfidh leis an gcuspóir iomlán.

Tacadóir Comhshaoil

  1. Tabhair chun críche agus foilsigh cuspóirí ardchaighdeáin chomhshaoil agus caighdeáin ithreach.
  2. Ullmhaigh cód cleachtais do chur i gcrích measúnaithe riosca comhshaoil láithreán dramhaíola neamhúdaraithe a dúnadh agus mianach tréigthe.
  3. Cothaigh caomhnú na bithéagsúlachta trí chur i bhfeidhm foirne bithéagsúlachta in EPA agus trí ullmhú plean gníomhaíochta le cinntiú nach mbíonn iarmhairt dhiúltach ag ár gcuid gníomhaíochtaí ar an mbithéagsúlacht.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Cinntigh nach mbíonn iarmhairt dhiúltach ag na comhlachtaí sin a cheadúnaímid ar an mbithéagsúlacht ná ar an ithir, trí na ceisteanna seo a chur san áireamh ag céim an cheadúnaithe.
  2. Glac le cur chuige bunaithe ar riosca, sa ról atá againn mar rialaitheoir gníomhaíochtaí orgánach géinathraithe, le cinntiú nach ndéanfar aon dochar don tsláinte dhaonna, don bhithéagsúlacht nó don chomhshaol i gcoitinne.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. Stiúraigh cur i gcrích mapála mionsonraithe náisiúnta ithreacha.
  2. Nuashonraigh agus cothabháil an fardal náisiúnta limistéar cosanta uisce-spleách, faoi mar a éilíonn Treoir an AE um Chreatlach Uisce.
  3. Nuashonraigh an fardal náisiúnta cumhdach talún mar chuid de thionscnamh uile-Eorpach, agus cuir ar fáil ar shuíomh idirlín EPA é.
  4. Foilsigh tuarascáil staid an chomhshaoil i 2008, a chuimseoidh athbhreithniú ar staid ithreacha agus bhithéagsúlacht na hÉireann agus na ceisteanna tosaíochta nach mór aghaidh a thabhairt orthu.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Tóg toilleadh in Éirinn do thabhairt faoi mheasúnuithe bithéagsúlachta.
  2. Tabhair chun críche staidéir thosaíochta faoi ghlanadh suas láithreán mianaigh ídithe agus faoi leathadh dramhaíola tionsclaíche ar an talamh.
  3. Comhordaigh agus foilsigh tionscadail thaighde faoi iarmhairtí gníomhaíochtaí forbartha agus earnála ar an mbithéagsúlacht.

Cuspóir 5: Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní

“Is é an cuspóir iomlán ná úsáid níos éifeachtaí acmhainní (uisce, fuinneamh agus ábhair). Déanfar dramhaíl a chosc nó a íoslaghdú, agus déanfar an dramhaíl atá fágtha a bhailiú, a athchúrsáil nó a athshlánú. Cuirfear an diúscairt deiridh i gcrích ar shlí nach ndéanann dochar don chomhshaol.”

Freagra EPA: 2007-2010

Tacadóir Comhshaoil

  1. Cuir i bhFeidhm an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl.
  2. Foilsigh plean náisiúnta bainistíochta um dhramhaíl ghuaiseach athbhreithnithe d’Éirinn.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Uasmhéadaigh úsáid na n-acmhainní agus íosmhéadaigh giniúint dramhaíola ag áiseanna atá ceadúnaithe ag EPA, trínár gcórais IPPC agus ceadúnaithe bainistithe dramhaíola.
  2. Déan monatóireacht ar na háiseanna sin atá ceadúnaithe ag EPA le seiceáil go gcomhlíonann siad coinníollacha a gceadúnais, agus go ndéanann siad beart in aghaidh na n-áiseanna neamhchomhlíonta.
  3. Téigh i ngleic le gníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathaí trí chomhordú an Ghréasáin Fhorfheidhmithe Chomhshaoil agus trí bheith ag comhoibriú le húdaráis áitiúla i bPoblacht na hÉireann agus i dTuaisceart Éireann.
  4. Úsáid ár gcuid cumhachtaí forfheidhmithe in aghaidh na n-áiseanna nach gcomhlíonann rialacháin náisiúnta faoi fhreagracht tháirgeoirí, mar shampla i gcomhair trealamh leictreach agus leictreonach dramhaíola, dramhaíl pacáistiú agus faoi chlárú substaintí guaiseacha.
  5. Tabhair faoi imscrúduithe speisialta le díriú ar ghníomhaíochtaí dramhaíola mídhleathaí.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. Cabhraigh le socrú polasaithe agus le cinnteoireacht trí thiomsú agus trí fhoilsiú staitisticí bliantúla náisiúnta faoi ghiniúint dramhaíola agus faoi chleachtais bhainistithe dramhaíola.
  2. Déan freastal ar dhualgais idirnáisiúnta na hÉireann trí fhardail náisiúnta dramhaíola a ullmhú lena gcur faoi bhráid an AE agus faoi bhráid comhlachtaí idirnáisiúnta eile.
  3. Lean ar aghaidh le soláthar eolais don phobal faoi cheisteanna dramhaíola agus bainistithe dramhaíola trí sholáthar acmhainní cuimsitheacha ar an idirlíon.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Cabhraigh le húdaráis áitiúla agus iad i mbun a gcuid oibre forfheidhmithe dramhaíola trí sholáthar oiliúna, tacaíochta agus treorach.
  2. Soláthraigh maoiniú do theicneolaíochtaí comhshaoil lena n-úsáid a spreagadh in Éirinn.

Cuspóir 6: Comhtháthú agus Forfheidhmiú

“ Beidh ceisteanna comhshaoil i gcroílár an phróisis déanta polasaithe agus na cinnteoireachta. Is é an norm a bheas i bhfeidhm ar feadh earnálacha uile na sochaí ná iompar freagrach comhshaoil agus coimeádfar daoine cuntasach as sárú na ndlíthe comhshaoil.”

Freagra EPA: 2007-2010

Tacadóir Comhshaoil

  1. Leanúint ag imirt tionchair go gníomhach ar lucht déanta beartais agus cinnidh, trí chomhairle dhírithe a sholáthar, measúnuithe atá fianaise-bhunaithe agus faisnéis spriocdhírithe, chun cinntiú go bhfuil cúrsaí comhshaoil ag croílár an phróisis cinnteoireachta.
  2. Bain úsáid as measúnú straitéiseach comhshaoil mar uirlis le cinntiú go gcuirtear ceisteanna comhshaoil san áireamh i bpleananna agus i gcláir ón tús.
  3. Lean ar aghaidh le giniúint an chultúir chomhlíonta ag áiseanna a cheadúnaíonn EPA, agus cuir acmhainní ar fáil sna háiteanna is mó riosca truaillithe.

Ceadúnú & Forfheidhmiú

  1. Forbair cineálacha cur chuige atá bunaithe ar riosca i dtaca le forfheidhmiú do láithreáin cheadúnaithe, do líonadh stairiúil talún, agus do fheabhsúchán mianach, agus do chosaint soláthair uisce ólacháin.
  2. Comhoibrigh le comhlachtaí eile forfheidhmithe go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le dul i ngleic le coireanna tromchúiseacha comhshaoil.
  3. Ionchúisigh na daoine sin a dhéanann coireanna tromchúiseacha comhshaoil agus spreag rialaitheoirí eile lena leithéid a dhéanamh.
  4. Scrúdaigh agus bain úsáid as roghanna eile seachas caingean chúirte do choireanna suaracha, nuair is cuí sin.
  5. Téigh i ngleic le coireanna comhshaoil agus cabhraigh leis na húdaráis áitiúla le linn a gcuid gníomhaíochtaí forfheidhmithe comhshaoil trí chomhordú an Ghréasáin Fhorfheidhmithe Chomhshaoil.
  6. Cothaigh feidhmíocht den scoth ag na húdaráis áitiúla agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna comhshaoil.

Monatóireacht, Eolas & Cumarsáid

  1. A bheith rannpháirteach i bhfóraim náisiúnta agus idirnáisiúnta chun béim a leagan ar cheisteanna comhshaoil agus torthaí comhshaoil atá dearfach a spreagadh.
  2. Foilsigh Tuarascáil Staid an Chomhshaoil i 2008 agus tuarascáil atá bunaithe ar tháscairí comhshaoil i 2010 le lucht déanta polasaí a chur ar an eolas faoi phríomhcheisteanna comhshaoil.
  3. Tabhair tuairisc faoi fheidhmíocht na gceadúnaithe agus na n-údarás áitiúil.
  4. Spreag feasacht faoi cheisteanna comhshaoil agus cothaigh iompar maith comhshaoil trí na rudaí seo a leanas:
    1. leanúint ar aghaidh de bheith ag tionól comhdhála bliantúla comhshaoil a thugann le chéile príomhlucht déanta polasaí agus cinnteoireachta
    2. tóg caidrimh le príomhpháirtithe leasmhara, mar shampla pobail áitiúla, eagraíochtaí neamhrialtais, na heagraíochtaí feirmeoireachta agus grúpaí gnó
    3. scaipeadh forleathan ábhair oideachasúil bunleibhéil agus dara leibhéil
    4. trí chur ar fáil tráthúil sonraí agus eolais chomhshaoil ar shuíomh idirlín EPA.

Tógáil Thaighde & Thoillte

  1. Comhordaigh agus foilsigh taighde le tacú le comhtháthú agus le forfheidhmiú, tionscadal faoi fhorbairt mhúnla tuartha comhshaoil/eacnamaíochta san áireamh.

Cuid 3: Ag tógáil Eagraíochta Ardfheidhmíochta - Amscála: 2007–2010

Is riachtanas leanúnach é na hacmhainní daonna agus eagraíochtúla a fhorbairt a theastaíonn le buntacú lenár straitéis. Le linn tréimhse an phlean seo beimid ag díriú ar cheithre phríomhréimse.

Ag Feabhsú i gCónaí

Ó bunaíodh é rinne EPA forbairt agus oiriúnú leanúnacha le freastal a dhéanamh ar thosaíochtaí athraitheacha a spreagtar go príomha ag riachtanais agus ag ionchais ár bpáirtithe leasmhara. Leis an bhfís agus na cuspóirí a sheachadadh a shracrianaítear thuas leanfaimid orainn de bheith ag forbairt ár n-eagraíochta agus de bheith ag lorg bealaí feabhsaithe. Is é an príomhchuspóir atá againn i gcónaí ná forbairt eagraíochta den scoth, a bhíonn ag obair go cliste agus go héifeachtach, ag tógáil comhpháirtíochtaí éifeachtacha, agus an rud is tábhachtaí ar fad, ag seachadadh torthaí dearfacha comhshaoil. Is mian linn tógáil ar an gclú atá orainn agus cinntiú go bhfeictear muid mar eagraíocht a bhfuil buanna ag baint léi sna ceithre phríomhréimse a gcuirtear béim orthu thíos.

1. Daoine Inniúla/Tiomanta

Is í an acmhainn is tábhachtaí atá againn ná ár bhfoireann. Is é an cuspóir leanúnach atá againn ná cinntiú go bhfuil líon saothair tiomanta againn a bhfuil feidhmíocht uasábaltachta ar siúl aige. Mar eagraíocht eolaíoch bunaímid ár gcuid socruithe agus ár gcuid beart ar fhíricí agus ar fhianaise. Tá sé bunriachtanach go leanaimid orainn de bheith ag tógáil scileanna agus eolais ar feadh na heagraíochta le cabhrú linn ár gcuid cuspóirí comhshaoil a bhaint amach.

Is é an príomhfhócas a bheas againn sa réimse seo go 2010 ná:

  • daoine a earcú agus a choimeád a bhfuil na scileanna acu le cabhrú linn ár bhfís agus ár gcuspóirí a sheachadadh
  • teacht a sholáthar do bhainisteoirí agus do bhaill fhoirne ar oiliúint ghairmiúil agus bhainistíochta d’ardchaighdeán agus an deis leanúnach a bheith ar fáil forbairt agus fás pearsanta a dhéanamh
  • cuspóirí soiléire a leagan síos agus feidhmíocht daoine a bhainistiú lena n-ais seo
  • clár meantóireachta agus oiliúna a chur i bhfeidhm don fhoireann
  • tógáil ar úsáid na bhfoirne traseagraíochta sa tslí go mbímid ag obair le chéile le cuspóirí a bhaint amach atá i gcomhar againn
  • monatóireacht agus nuashonrú a dhéanamh ar fhorbairtí idirnáisiúnta i réimsí na cosanta comhshaoil, na heolaíochta, na teicneolaíochta agus an taighde; bealaí éifeachtacha a fháil leis an bhfoghlaim seo a aistriú agus í a leabú go hinmheánach
  • timpeallacht oibre shábháilte a sholáthar don fhoireann agus muid ag comhlíonadh na reachtaíochta uile ábhartha sláinte agus sábháilteachta.

2. Tacadóir Comhshaoil

Is mian le EPA cinntiú go mbíonn ceisteanna comhshaoil i gcroílár na cinnteoireachta. Ní mór dúinn dul i bhfeidhm ar chomhlachtaí poiblí, ar dhaoine aonair, ar an tionscal, ar ghnólachtaí agus ar an bpobal feirmeoireachta leis seo a bhaint amach. Ní mór dúinn cinntiú go bhfaigheann na daoine cearta an t-eolas ceart ag an am ceart le dul i bhfeidhm ar bhainistiú éifeachtach comhshaoil agus lena chumasú.

Is iad na tosaíochtaí a bheas againn idir 2007 agus 2010 ná:

  • guth neamhspleách údarásach a sholáthar a dhearbhaíonn go soiléir cad atá le déanamh don chomhshaol, agus ag díriú ar rudaí eile seachas na ceisteanna is práinní amháin
  • ár gcuid cumarsáide, eolais agus teachtaireachtaí a dhíriú le feasacht a spreagadh faoi cheisteanna tábhachtacha comhshaoil agus le torthaí dearfacha comhshaoil a chothú
  • dul i bhfeidhm ar pholasaí comhshaoil ar shlí onnghníomhach, ag an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta le fís agus cuspóirí 2020 a bhaint amach
  • comhpháirtíochtaí éifeachtacha a chruthú agus bheith ag comhoibriú le comhlachtaí poiblí eile le cuspóirí roinnte a sheachadadh faoi chosaint na sláinte daonna agus an chomhshaoil
  • comhoibriú le páirtithe leasmhara seachtracha a tháirgeann eolas comhshaoil le cruinneas, comhtháthú agus soláthar tráthúil a chinntiú
  • ár n-acmhainní eolais atá ar fáil ar an idirlíon a scagadh sa tslí go n-aithnítear muid mar fhoinse údarásach an eolais chomhshaoil in Éirinn
  • an clár oibre náisiúnta a leagan síos do thaighde agus d’fhorbairt chomhshaoil agus maoiniú sásúil a chinntiú; ár gcumais inmheánacha taighde a fhorbairt trínár lárionad taighde comhshaoil
  • leanúint orainn de bheith ag measúnú agus ag soláthar ionchur i bhforbairtí polasaí náisiúnta, le cinntiú go dtugtar aghaidh ar thosaíochtaí comhshaoil
  • sampla maith a thabhairt do dhaoine eile trí laghdú iarmhairt chomhshaoil ghníomhaíochtaí agus áiseanna EPA.

3. Dírithe ar an gCustaiméir

Déanaimid ár ndícheall bheith inár n-eagraíocht atá dírithe ar an gcustaiméir – cé go n-aithnímid gur féidir go nginfidh an ról atá againn coimhlint le cuid d’ár bpáirtithe leasmhara uaireanta. Is é an rud is tábhachtaí ná soiléireacht a sholáthar faoinár gcuid ról agus faoinár gcuid gníomhaíochtaí sa tslí gur léir do chustaiméirí agus do pháirtithe leasmhara cad ba chóir dóibh bheith ag súil leis uainn.

Le heolas níos sásúla a thabhairt do lucht cinnteoireachta agus le dul i bhfeidhm ar lucht gnó, agus ar an bpobal agus ar na heagraíochtaí a mbímid ag obair leo, ní mór dúinn leanúint orainn de bheith ag feabhsú ár gcuid cumarsáide. Ní mór dúinn éisteacht lenár bpáirtithe leasmhara, cumarsáid oscailte agus ionraic a dhéanamh leo agus cinntiú go mbíonn an t-eolas a thugaimid agus na socruithe a dhéanaimid lán bhrí, sothuigthe agus tráthúil.

Le linn na tréimhse 2007–2010 déanfaimid na rudaí seo a leanas:

  • leanúint orainn de bheith ag seachadadh na gcaighdeán sin ar léiríomar tiomantas dóibh i gCairt an Chustaiméara
  • muinín a chothú i measc na bpobal áitiúil, ag cur cúiseanna áitiúla imní san áireamh nuair is féidir sin a dhéanamh agus ag cur feabhais ar an tslí ina mbímid ag idirghníomhú leis an bpobal
  • eolas soiléir agus sothuigthe a chur ar fáil ar an suíomh idirlín agus inár gcuid foilseachán agus nuair a bhímid ag plé le custaiméirí agus le páirtithe leasmhara
  • raon cineálacha cur chuige a fhorbairt, bealaí ar líne san áireamh, le ligean do chustaiméirí teacht éasca agus éifeachtach a bheith acu ar ár gcuid seirbhísí
  • leanúint orainn de bheith ag réamh-mheas riachtanais an chustaiméara agus de bheith ag tabhairt freagra ar ionchais athraitheacha ábhair agus sheirbhíse
  • leanúint orainn de bheith ag forbairt agus ag soláthar acmhainní oideachasúla faoin gcomhshaol le heolas a thabhairt d’ár gcuid páirtithe leasmhara agus le tacú leo
  • ár bhfeidhmíocht seirbhíse custaiméara a thomhas agus monatóireacht a dhéanamh uirthi; cuimsíonn sin suirbhéanna a dhéanamh i measc ár gcuid custaiméirí
  • pleananna a fhorbairt agus a fhoilsiú maidir le méadú mhéid an eolais agus na seirbhísí a chuirimid ar fáil trí mheán na Gaeilge
  • athbhreithniú a dhéanamh ar cheist soláthair phríomheolais i dteangacha eile, le déimeagrafaíocht athraitheach na hÉireann a léiriú.

4. Éifeachtach go hEagraíochtúil

Mar eagraíocht de chuid na hearnála poiblí tá orainn na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • cinntiú go mbímid ag feidhmiú chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir agus luach airgid a sholáthar
  • eagraíocht sholúbtha agus fhreagrúil a fhorbairt, leas críonna a bhaint as ár gcuid acmhainní agus barrfheabhsú a dhéanamh ar ár slí oibre
  • leanúint orainn de bheith ag glacadh le cineálacha nua-aoiseacha cur chuige i dtaca le rialacháin agus ualaí riaracháin nach bhfuil gá leo a íoslaghdú do na comhlachtaí sin a rialaímid.

Cuid riachtanach d’eagraíocht a bhíonn ag feidhmiú go maith ná úsáid chuí agus rialú cuí a cuid maoinithe agus acmhainní eile. Táimid tiomanta do leabú rialachais mhaith chorparáidigh i ngach réimse den eagraíocht, de réir treoirlínte an Rialtais agus de réir an chleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta is fearr.

Is iad na príomhthosaíochtaí a bheas againn go 2010 ná:

  • leanúint orainn de bheith ag athbhreithniú agus ag barrfheabhsú ár struchtúir lenár gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh agus le freastal a dhéanamh ar dhúshláin nua
  • glacadh le cur chuige bunaithe ar riosca i dtaca le forfheidhmiú, le húsáid ár gcuid acmhainní a uasmhéadú
  • ár ndícheall a dhéanamh ár gcuid sreabhadh agus próiseas oibre a chuíchóiriú agus feabhas a chur orthu go leanúnach, agus deireadh a chur le céimeanna riaracháin nach bhfuil gá leo; cumas ár bhfoirne a fhorbairt feabhsuithe a dhéanamh ina limistéar áitiúil oibre
  • ualach riaracháin lucht rialaithe a íoslaghdú, ag cothabháil caighdeáin agus leibhéil chomhlíonta ag an am céanna
  • tacú le húsáid ionstraimí nua polasaí, ionstraimí eacnamúla san áireamh, le torthaí maithe comhshaoil a sheachadadh
  • cinntiú go leabaímid cleachtas is fearr ó thaobh rialachais chorparáidigh de ar feadh na heagraíochta
  • leanúint orainn de bheith ag cothú cumarsáide maithe inmheánaí, le barrfheabhsú a dhéanamh ar mhodh comhoibrithe na heagraíochta
  • úsáid na teicneolaíochta a uasmhéadú; cinntiú go bhfuil córais eolais agus acmhainní i bhfeidhm le cur ar chumas na foirne bheith ag obair go héifeachtach agus ár gcumas a mhéadú measúnuithe comhshaoil d’ardchaighdeán a sheachadadh
  • idirbhearta leictreonacha a chumasú lenár gcuid custaiméirí agus leis na heagraíochtaí a mbímid ag obair leo, de réir an chleachtais is fearr e-rialtais
  • monatóireacht a dhéanamh ar ár gcuid gníomhaíochtaí agus ar ár gcuid dul chun cinn i dtaca le baint amach ár gcuid spriocanna, ag déanamh meastóireachta leanúnaí ar na rudaí a dhéanaimid agus ar fhéidearthachtaí feabhsaithe.

Fís 2020: Ó Straitéis go Cur i bhFeidhm

Sa straitéis seo leagtar amach ár bhfís agus ár gcuid cuspóirí fadtéarmacha don chomhshaol chomh maith leis na bearta tosaíochta a dhéanfaimid go dtí 2010 le cabhrú leis na cuspóirí seo a bhaint amach. Straitéis an-uaillmhianach ar fad atá ann, agus táimid tiomanta di mar eagraíocht. Díreoimid ár gcuid acmhainní go inmheánach lenár gcuid tiomantas a sheachadadh agus tabharfaimid tuairisc faoi dhul chun cinn inár gcuid tuarascálacha bliantúla. Is í an phríomhthosaíocht ná cur go dearfach le forbairt inbhuanaithe na hÉireann. Ní féidir leis an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil é seo a dhéanamh léi féin. Is é an dúshlán a mbeidh orainn aghaidh a thabhairt air ná daoine agus eagraíochtaí eile a thabhairt isteach san obair thábhachtach seo.

Comhairliúchan físe 2020

An Rud a Dúirt Tú agus Freagra S’Againne

Mar chuid de phróiseas forbartha dár Fís 2020, rinne muid comhairliúchan poiblí ar an ndréachtcháipéis. Fuair muid breis agus 70 aighneacht, agus an chuid is mó acu ag teacht ón ngnáthphobal. I bhformhór na gcásanna, chomhaontaigh agus thacaigh na haighneachtaí leis an sé sprioc comhshaoil atá leagtha amach sa straitéis agus dúirt siad gur gá aghaidh a thabhairt orthu má táthar chun comhshaol na hÉireann a chosaint agus a fheabhsú do na glúinte atá le teacht.

Rinne na haighneachtaí pointí ar leith fosta i dtaca leis an méid atá san áireamh sa straitéis chomh maith le cur i bhfeidhm na straitéise. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil Fís 2020 deartha mar straitéis chun treoir a thabhairt don EPA, ranna rialtais agus gníomhaireachtaí stáit maidir le h-athfhorbairt agus comhlíonadh polasaithe a mbíonn tionchar acu ar an gcomhshaol. Ní hé atá i gceist treoir rialaitheach ag mionléiriú gníomh aonair do na heagraíochtaí uile. Chuir muid san áireamh, áfach, gníomhartha ar leith a dtabharfaidh an EPA faoi.

Bhain cuid de na haighneachtaí le cúrsaí atá lasmuigh de théarmaí tagartha an EPA. Sna cásanna seo d’iarr muid cead ó na daoine sin a rinne aighneachtaí chun a gcuid tuairimí agus moltaí a chur ar aghaidh chuig an údarás ábhartha.

Leagtar síos na mórcheisteanna a d’ardaigh na haighneachtaí agus míniú ar an dóigh ar fhreastal muid orthu sa straitéis in áiteanna ar féidir é.

Athrú aeráide agus fuinnimh

  • Rinneadh roinnt pointí maidir le hathrú a dhéanamh ar bheartais an rialtais ar úsáid fuinnimh, ar iompar, ar tháirgeadh leictreachais agus ar chur chun cinn fhoinsí in-athnuaite fuinnimh.
  • Cé go dtugann an straitéis faoi na ceisteanna seo i dtéarmaí leathana, titeann moltaí ar leith lasmuigh de théarmaí tagartha an EPA. Leanfaidh muid ar aghaidh, áfach, ag tarraingt aird ar na pointí seo inár gcaidreamh le ranna Rialtais agus le gníomhaireachta an Stáit.

Truailliú eitlíochta

  • Bhí líon moltaí curtha chun cinn maidir leis an méid taistil aeir ginearáltaa dtugtar faoi a laghdú, chun astuithe gáis cheaptha teasa a laghdú. I gcásanna áirithe, bhí cosc iomlán nó gearrchiorrúchán ar thaisteal scairdeitleáin molta.
  • Leasaigh muid an straitéis chun tagairt ar leith a dhéanamh do chúrsaí eitlíochta i dtaca le hathrú aeráide. Déanfar na moltaí níos mionsonraithe a mheas agus an straitéis á chur i bhfeidhm againn, nó cuirfear ar aghaidh chuig an ngníomhaireacht nó an roinn rialtais ábhartha iad.

Torann

  • Tharraing tuairimí aird ar truailliú torainn agus go háirithe ar thionchar torainn tráchta ar bhóithre.
  • Leasaigh muid an cáipéis Fís 2020 mar thoradh ar na tuairimí seo chun riachtanas a chur isteach gur gá rialacha náisiúnta ar thorann timpeallachta a cur i bhfeidhm agus a fhorfheidhmiú ina n-iomláine.

Fluairíd in Uisce

  • D’iarr cuid de na haighneachtaí go ndéanfaí fluairídiú uisce ólacháin a scor.
  • Is beartas de chuid na Roinne Sláinte agus Leanaí atá i fluairídiú; ní thiteann sé laistigh de raon EPA.

Ithir agus Bithéagsúlacht

  • Thacaigh na haighneachtaí leis an straitéis go ginearálta, chuir siad béim ar an ngá flóra agus fauna dúchasach a chosaint agus mhol siad go mbunófaí líonra monatóireachta ithreach.
  • Tá an straitéis coigeartaithe anois chun bunú líonra monatóireachta ithreach a chur san áireamh, agus tá breis béime curtha ar chaomhnú éagsúlacht speiceas áitiúla.

Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (OG)

  • Bhí líon aighneachtaí a dhiúltaigh do bharraí OG agus a d'iarr go ndéanfar Éire saor ó OG.
  • Níl an EPA freagrach as beartais sa réimse seo, is amhlaidh atá sé faoi reachtaíocht an AE, rud atá ag an EPA mar chion oibre chun é a chomhlíonadh agus a chur i bhfeidhm. Is olltromchúiseach leis an EPA an fhreagracht seo agus bíonn dianchoinníollacha gearrtha in gcásanna ina mbronntar ceadúnas le haghaidh tástáil allamuigh.

Bainistíocht Dramhaíola

  • Dhírigh na tuairimí ar an ngá an líon dramhaíola atá á chur i líonadh talún a laghdú, chun an líon atá á athchúrsáil a mhéadú, chomh maith le béim a chur ar sheachaint. Rinneadh argóintí in éadan loiscthe mar mhodheolaíocht bhainistíocht dramhaíola. Cuireadh béim ar an ngá a bheith ag brath ar theicneolaíochtaí bainistíochta dramhaíola atá níos airde ar ghrádlathas bainistíochta dramhaíola. Aithníodh bainistíocht bruscair mar ábhar imní.
  • Tugann an straitéis faoin sheachaint, faoin athchúrsáil, agus faoi bhainistíocht acmhainní níos fearr cheana féin. Tá muid ag tabhairt aghaidh ar fhadhb an bhruscair faoi Cuspóir 5 “Úsáid Inbhuanaithe Acmhainní”. Tá úsáid loiscthe mar mhodheolaíocht bainistíochta dramhaíola mar chuid de pholasaí Rialtais a bhfuil an EPA freagrach as a chur i bhfeidhm de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta is airde.

Forfheidhmiú

  • Thagair roinnt aighneachtaí don ghá atá ann a chinntiú go bhfuil monatóireacht agus rialúchán cuí á dhéanamh ar shaoráidí ceadúnaithe agus go bhfuil gníomhú forfheidhmiúcháin forghníomhach ó thaobh feabhsú caighdeáin comhshaoil de. Luadh gur thit líon cuairteanna monatóireachta agus iniúchtaí an EPA ar shaoráidí ceadúnaithe idir 2004 agus 2005. Mhol aighneachtaí eile go gcaithfeadh an EPA féachaint ar roghanna eile seachas caingin cúirte, mar shampla smachtbhannaí riaracháin.
  • Cuireann an OEE ceadúnais an EPA i bhfeidhm ar bhealach struchtúrach cuimsitheach. Forbraítear clár bliantúil cigireachta ar bhonn baoil an tsuímh ceadúnaithe a bheith ina fhadhb don chomhshaol agus/nó stair a chomhlíonta. Tá an mhodheolaíocht tiomsaithe de réir cleachtais idirnáisiúnta is fearr agus tá cúig phríomheilimint inti, mar atá, measúnú ar chastacht gníomhaíochtaí, na hastuithe, an suíomh, an fheidhmíocht comhshaoil agus íogaireacht an chomhshaoil ghlactha de gach saoráid cheadúnaithe. Cinntíonn seo go mbaintear feidhm as acmhainní i gcónaí chun suímh leis an mbaol is airde nó leis na fadhbanna is mó a fhorfheidhmiú, d’fhonn forfheidhmiú atá bunaithe ar dhreasachtaí agus caingean dlí a chomhardú.
    Ní chuireann na figiúirí atá luaite maidir le cigireachtaí agus cuairteanna iniúchtaí san áireamh an acmhainn shuntasach a bhí infheistithe i gcruinnithe comhlíonta, ina raibh 217 san iomlán acu sa bhliain 2006, ná comhdhlúthú leanúnach monatóireachta a tharlaíonn de réir mar a fheabhsaíonn comhlíonadh. Bíonn cruinnithe comhlíonta ann le ceadúnaithe chun gealltanas ardbhainistíochta a aimsiú le haghaidh gnímh ceartaitheach agus feidhmiú comhshaoil feabhsaithe. Bhí na cruinnithe seo, i gcuid mhór cásanna, níos éifeachtaí ná iniúchtaí.

Cuimsiú

  • Ba chóir go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag pobail agus daoine aonair i bpróisis chinntí agus cheapadh bheartais an chomhshaoil.
  • Leasaigh muid an straitéis mar gheall ar na haighneachtaí seo. Tá tagairt ar leith ann anois don ghá reachtaíocht an AE a chomhlíonadh ina iomláine sa réimse seo, chun a chinntiú go mbeadh rannpháirtíocht níos mó ag an bpobal agus ag daoine aonair sa phróiseas.

Cúrsaí Pleanála agus an Comhshaol

  • Dhírigh cuid de na haighneachtaí ar an ngá páirt níos mó a bheith ag an EPA i measúnú Ráitis faoin Tionchar ar an Chomhshaol (RTC) agus in ullmhúchán phleananna forbartha contae.
  • Tá baint ag an EPA cheana féin le measúnacht chuid de na RTCanna (do na saoráidí a chuireann iarrzatas isteach ar cheadúnas EPA) agus d’eisigh sé treoir ar ullmhúchán RTC. Ina theannta sin, maidir le hollphleananna agus le cláir oibre, tá ról aige i measúnacht straitéiseach an chomhshaoil, agus mar a léirimid muid inar straitéis, tá sé ar intinn againn an ról seo a úsáid le cinntiú go bhfuil cúrsaí comhshaoil mar chuid de phleananna agus de chláir oibre ón tús.

Struchtúr an EPA

  • Cuireadh imní in iúl maidir le struchtúr agus ballraíocht Bhord an EPA agus a Coiste Comhairleach.
  • Teastaíonn athrú reachtach chun athrú ar bith a dhéanamh ar an bpróiseas chun Stiúrthóirí agus baill an Choiste Comhairligh a cheapadh agus tá sé seo lasmuigh de théarmaí tagartha an EPA. Chomh maith le bualadh le baill an Choiste Chomhairligh, bhunaigh an EPA cruinnithe rialta le hEN (NGO) an chomhshaoil, tríd an Rúnaíocht Bunmhaoiniú EN Teo, chun a chinntiú go gcloisimid saincheisteanna agus ábhar imní na ngeallshealbhóirí seo.

Próisis rialaitheacha an EPA

  • Chuir roinnt aighneachtaí béim ar an ngá le laghdú ar an ualach riaracháin orthu siúd atá rialaithe ag an EPA agus lena chinntiú go bhfuil rialúchán trédhearcach, comhsheasmhach agus cóir ann chun freastal ar riachtanais chuideachtaí nua-aimseartha. Cuireadh béim ar an ngá le Measúnaithe Tionchair Rialacháin (Regulatory Impacts Assessments) do phróisis ceadúnaithe an EPA. Mhol aighneacht amháin go seolfaí anailís iomaíoch lánearnála ar thionchar le spriocanna comhshaoil na straitéise seo a bhaint amach.
  • Tá gníomh sa straitéis cheana féin a bhaineann le íoslaghdú an ualaigh riaracháin orthu siúd a rialaimid, agus a chothaíonn caighdeáin agus leibhéil géilliúlachta. Is iondúil go seoltar Measúnaithe Tionchair Rialacháin ar reachtaíocht nua, agus cuireann an roinn Rialtais cuí tús leis.

Cuireadh roinnt imní in iúl faoin dóigh ar phlé muid lenár gcustaiméirí éagsúla san am a chuaigh thart. Tá an straitéis tiomanta do naoi bpríomhghníomhú ar leith thar na blianta atá le teacht chun a chinntiú gur eagraíocht atá dírithe níos fearr ar na custaiméirí muid. Orthu seo tá cruthú caidrimh níos fearr le pobail a bhfuil tionchar ag ár gcinnidh orthu; eolas maidir leis an gcomhshaol a dhéanamh níos intuigthe agus fáil níos fearr a bheith air agus acmhainní oideachais a fhorbairt.

Spreag líon aighneachtaí muid ár ról a ghlacadh mar churadh an chomhshaoil de réir mar a imlíníonn an straitéis. Chuir muid gníomhartha san áireamh faoi gach ceann de na sé sprioc comhshaoil a chaithfidh an EPA tabhairt futhu mar chuid dár bpáirt féin chun an dúshlán seo a bhaint amach. Spreagfaidh muid gach roinn Rialtais, comhlacht poiblí agus príobháideach, eagraíocht tráchtála agus neamhrialtasach agus gach ball den phobal lena bpáirt féin a ghlacadh chomh maith.

Liosta Aighneachtaí

Aimsíodh aighneachtaí ó na páirtithe seo a leanas:

  • An Taisce - An tIontaobhas Náisiúnta d’Éireann
  • An tUasal Bob Allen
  • An tUasal John Baldwin
  • An tUasal Dick Barton
  • An tUasal Josephine Brady
  • An tUasal Ruth Bullough
  • Cllr Caroline Burrell
  • Comhshaol Sábháilte do Charraig Uí Leighin (CSCL)
  • Cónaidhm an Chomhlachta Eorpaigh Dramhaíl go Fuinneamh (CCEDF) Éireann
  • Comhghuaillíocht Chomhshaoil Chorcaí
  • Comhghuaillíocht Chuain Chorcaí do Chomhshaol Sábháilte (CCCCS)
  • An tUasal George Corrigan
  • Dr Elizabeth Cullen, Cumann Comhshaoil Dochtúirí na hÉireann
  • An tUasal Malcolm Doak
  • An tUasal Francesca Doonan
  • An tUasal Carole Douglas
  • Comhairle Pobail Baile Átha Cliath 15
  • An tUasal William T G Dunne
  • An tUasal Kevin Dwyer
  • An tUasal Michael P Farrell
  • An tUasal Peter Fegan
  • Cairde na Coille
  • Cairde Chomhshaol na hÉireann
  • Mrs Natasha Harty
  • An tUasal John Higginbotham
  • An tUasal Charles Henry
  • An tUasal Vinny Hyland
  • Indaver Éireann
  • An tUasal Susan Iremonger
  • Cumann Fásóirí Úlla na hÉireann
  • Brainse na hÉireann den Chumann um Riarachán Peitriliam agus Pleáscán
  • Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann
  • Cumann Tionscal Déiríochta na hÉireann
  • Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann
  • An tUasal Breeda Kelly
  • An tUasal Breda Kenny
  • Faire Comhshaoil Chionn tSáile
  • An tUasal Warren Lawless
  • An tUasal Angela Lawton
  • An tUasal Niall Leahy
  • An tUasal David A Lillie
  • An tUasal Michael Lynch
  • An tUasal Paul Lynch
  • An tUasal Eoin MacDonagh
  • An tUasal Patrick Mangan
  • An tUasal D Mayer
  • An tUasal Helen McCauley
  • An tUasal Drew McDowell
  • J McLay
  • An tUasal Mark Mellett
  • An tUasal Dorothy Molony
  • An tUasal Kevin Mooney
  • Baile an Mhanaigh, Gleann an Fheileastraim, Brainse an Phasáiste de CCCCS
  • An tUasal Mary Montaut
  • Comhairle Sléibhteoireachta na hÉireann
  • An tUasal Christophe Mouze
  • An tUasal James T Power
  • An tUasal John Quinn
  • Repak Teoranta
  • An tUasal Helen Riordan
  • An tUasal Brian Rickwood
  • An tUasal James Rountree
  • An tUasal Tim Ryan
  • An tUasal Brigitte Schorn
  • Dr Emer Shelley
  • An tUasal Sorcha Taylor
  • An tUasal David Toohey
  • An tUasal Tomas Tyner
  • An tUasal Dariusz Walczak
  • Grúpa Comhshaoil na hIarmhí
  • An tUasal Cathy Wilde