You are here: Home > Research & Education > Education > 2020 Vision Second Level Resource > Useful Resources for Teachers by Subject Area > Geography > Pacáiste Acmhainní Ardteistiméireachta

Pacáiste Acmhainní Ardteistiméireachta

  • Forbairt inbhuanaithe  - Tuiscint ar idé/ar choincheap na forbartha inbhuanaithe a thaiscéaladh agus a dhoimhniú, agus a cur i bhfeidhm agus a hábharthacht a scrúdú i dtrí cinn éagsúla de shuímh.
  • Fuinneamh: táirgeadh, tíos agus caomhnú - Scrúdú a dhéanamh ar nádúr inbhuanaithe an chleachtais táirgthe fuinnimh in Éirinn faoi láthair, staidéar a dhéanamh ar an bhfuinneamh in-athnuaite agus béim a leagan ar thábhacht an tís ar fhuinnimh agus an chaomhnaithe sa phleanáil a dhéanfar amach anseo.
  • An Ghéarchéim dramhaíola - Scrúdú a dhéanamh ar an ngéarchéim dramhaíola in Éirinn agus ar na bealaí éagsúla atá ann le dul i ngleic leis an bhfadhb, ag tagairt don Ordlathas Bainistithe Dramhaíola, agus béim a leagan ar an tábhacht atá ag baint leis an íoslaghdú dramhaíola agus leis an gcosc ar dhramhaíola sa phleanáil a dhéanfar amach anseo.
  • Forbairt gheilleagrach inbhuanaithe faoi lánseol  - Staidéar a dhéanamh ar chineálacha éagsúla gníomhaíochtaí geilleagracha in Éirinn agus plé a dhéanamh ar iarrachtaí chun tionchar na ngníomhaíochtaí seo ar an gcomhshaol a íoslaghdú agus ar ról na GCC sa phróiseas seo.
  • Coinbhleachtaí agus dúshláin comhshaoil - Staidéar a dhéanamh ar nádúr na gcoinbhleachtaí agus na ndúshlán comhshaoil ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda.
  • Lonnaíocht, forbairt agus inbhuanaitheacht  - Scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna lonnaíochta agus forbartha i limistéir uirbeacha agus thuaithe agus cois cósta, scrúdú a dhéanamh ar na cuir chuige atá ann chun déileáil leis na fadhbanna seo faoin Straitéis Spásúil Náisiúnta, poitéinseal na rothaíochta mar mhodh inbhuanaithe iompair a bhreithniú.

Íoslódáil Pacáiste Acmhainní Ardteistiméireachta