Tugann an físeán ‘The story of tissues’ an chéad duais leis i gcomórtas Scéal do Stuif 2022 an GCC

Date released: April 06, 2022

Bhuaigh físeán ina bhfiosraítear saolré chomhshaoil agus tionchar ciarsúr comórtas Scéal do Stuif 2022 na Gníomhaireachtaa um Chaomhnú Comhshaoil (an GCC). Mheall comórtas na bliana seo breis agus 200 iontráil ó scoileanna ar fud na tíre, chomh maith leis an líon is airde iontrálacha Gaeilge go dtí seo.

Chruthaigh Wong Cheuk Yin Cayden an iontráil bhuaiteach ó Choláiste Cholm Cille i mBaile Átha Cliath, a thug leo an phríomhdhuais €500 dó féin, anuas ar €500 dá scoil. Tugtar le chéile san fhíseán buaiteach gnéithe de bheochan dhigiteach, gníomhaíocht bheo, agus bunscript agus guthú. Scrúdaítear ann éifeachtaí na déantúsaíochta ciarsúir ar dhífhoraoisiú, ídiú uisce, milleadh gnáthóg agus sláinte an duine, agus cuireann sé roghanna eile atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol in iúl don lucht féachana. Cuirtear deireadh leis an iontráil le meabhrúchán láidir gur féidir le bearta beaga a dhéanamh maidir le cinntí laethúla tionchar marthanach dearfach a imirt ar an gcomhshaol.

Tá an comórtas Scéal do Stuif ar siúl anois le sé bliana anuas agus cumasaíonn sé daoine óga trína spreagadh an tionchar a thuiscint is féidir leo imirt ar a gcairde agus a ndaoine muinteartha maidir le roghanna tomhaltóra a dhéanamh atá freagrach i dtaobh an chomhshaoil. Díríonn an comórtas ar inbhuanaitheacht, bainistíocht dramhaíola, gníomhú ar son na haeráide agus cosaint an chomhshaoil agus iarrann sé ar dhaoine óga smaoineamh, caint agus athruithe beaga a dhéanamh ar féidir leo tionchair fhorleathana a imirt.

Dúirt ambasadóir an chomórtais, an t-iarrthóir saoránach spáisire agus ionadaí STEM a bhuaigh gradam, an Dr Nora Patten:

“Idir ciarsúir agus ceirtíní taise, agus mairteoil, cláir chiorcad agus i bhfad níos mó rudaí eile, léiríonn na hábhair a roghnaigh iontrálaithe i gcomórtas na bliana seo díol spreagúil cruthaitheachta agus scileanna smaointeoireachta criticiúla i measc ár ndaoine óga. Nuair a chuirtear síorphráinn na géarchéime aeráide san áireamh, is fiú na saintréithe seo a chothú. Meabhraíonn an comórtas Scéal do Stuif an comhghlór tábhachtach atá ag daoine óga i leith saincheisteanna aeráide. Braitheann sé orainn go léir ní hamháin éisteacht leis an nglór sin – cluas cheart éisteachta a thabhairt dó.”

Dúirt an Dr Jonathan Derham leis an GCC agus cathaoirleach an phainéil mholtóireachta:

“Chuir méid agus doimhneacht na freagartha i measc scoláirí do chomórtas Scéal do Stuif na bliana seo gliondar croí orainn arís eile. Léiríonn seo fíorthiomantas dhaoine óga na hÉireann d’athrú iompraíochta a spreagadh agus do ghníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn. Ar a bharr sin, tugann sé chun solais an dearcadh atá ag ár ndaoine óga i leith saincheisteanna comhshaoil ar bhealach atá cruthaitheach, réamhghníomhach agus bunaithe ar réitigh. Thar ceann an GCC, ba mhaith liom mo chomhghairdeas a chur in iúl do na scoláirí buaiteacha, agus dóibh siúd go léir a chuir isteach air.”

Bhuaigh ‘The Story of Pens’ le Holly Walshe ó Choláiste Loreto, Carraig an tSionnaigh, Contae Bhaile Átha Cliath an dara duais agus bhuaigh ‘The Story of Circuit Boards’ le Liam O’Sullivan, Thomas Shaughnessy, Michael Duggan agus Lochlann Mechan ó Scoil Phobail Phort Omna, Contae na Gaillimhe, an tríú duais.

Ba iad na buaiteoirí duaiseanna maidir leis an aeráid agus na buaiteoirí duaiseanna Gaeilge:

  • Duais ábhar na haeráide: Hari Pranavam, Kimi Alcantara, Conall O’Brien agus Raeem Siddiqui ó Choláiste Naomh Adhamhnáin, Contae Dhún na nGall as a n-iontráil ‘The Story of Beef’ 
  • Duais Ghaeilge: Bhuaigh Ellie Ní Chonaill agus Anna Ní Mhurchú ó Ghaelcholaiste Charraig Uí Leighin, Contae Chorcaí duais dá hiontráil, ‘Scéal Ceirtíní’, a fhiosraíonn ceirtíní taise.


Dúirt Stiúrthóir Institiúid an Domhain, UCD, an tOllamh Tasman Crowe mar fhocal scoir:

“Ba phribhléid ceangal fíorúil a dhéanamh leis na hiontrálaithe a cuireadh ar an ngearrliosta i gcomórtas Scéal do Stuif na bliana seo. Tuar dóchais a seiftiúlacht agus a léargas, mar a léiríonn a n-iontrálacha, do thodhchaí óna dteastóidh smaointeoirí cruthaitheacha chun cabhrú le saincheisteanna práinneacha comhshaoil a réiteach. Tá súil agam go leanfaidh na hiontrálaithe leis na saincheisteanna seo a fhiosrú agus scrúdú, cosúil lena ndéanann mic léinn atá ag tabhairt faoin BSc in Inbhuanaitheacht in UCD, ar taispeánadh a bhfíseáin i rith an imeachta deiridh, agus tá súil agam casadh le roinnt díobh in UCD amach anseo”

Is féidir súil a chaitheamh ar na hiontrálacha buaiteacha go léir anseo

Nótaí d’Eagarthóirí:

  • Tá urlabhraithe an GCC ar fáil lena gcur faoi agallamh ar iarraidh.
  • Tá grianghraif den bhuaiteoir foriomlán ar fáil ar iarraidh.