Date released: August 05, 2025
D’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a Tuarascáil Bhliantúil agus a Cuntais Bhliantúla le haghaidh 2024 inniu. Soláthraítear forbhreathnú ar ról GCC mar rialtóir comhshaoil, mar phríomhfhoinse fianaise agus eolais iontaofa eolaíoch sa Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais le haghaidh 2024, agus ar an gcaoi a n-oibríonn GCC li dteannta daoine eile chun torthaí comhshaoil níos fearr a sholáthar.
In 2024, d’fhoilsigh GCC ár dTuarascáil ar Staid an Chomhshaoil, an t-ochtú ceann dá cuid, lenar tugadh le chéile obair GCC agus go leor eile a bhfuil róil acu sa mhonatóireacht agus sa chaomhnú comhshaoil. Cuirtear an fhaisnéis chomhtháite is déanaí maidir le cáilíocht chomhshaol na hÉireann i láthair sa tuarascáil. Tugtar breac-chuntas inti ar staid reatha ár gcomhshaoil ar leibhéal straitéiseach, agus tugtar nuashonrú freisin ar na dúshláin chomhshaoil atá romhainn go náisiúnta agus go domhanda.
Mar aon lenár dTuarascáil ar Staid an Chomhshaoil, d’fhoilsigh GCC breis is 50 mórthuarascáil ar uisce, aeráid, aer, geilleagar ciorclach, comhlíonadh comhshaoil agus ar ábhair eile nach iad. Le linn 2024, rinne GCC breis is 2,000 cigireacht ar fud gach earnála, agus mhéadaigh sí gníomhaíocht monatóireachta maidir le cáilíocht aeir, cáilíocht uisce, agus foinsí radaíochta.
A
labhairt di ar an Tuarascáil Bhliantúil, dúirt Ard-Stiúrthóir GCC, Laura Burke:
“I gcaitheamh na dtríocha bliain de GCC, tá athrú tagtha ar chomhshaol na hÉireann, ach tá ról lárnach GCC - chun comhshaol na hÉireann a chaomhnú, a fheabhsú agus a athbhunú - mar an gcéanna fós. Déanaimid gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh truailliú mór a chruthú, a rialáil. Táirgimid sonraí tráthúla iontaofa ar féidir brath orthu maidir le comhshaol na hÉireann. Oibrímid le daoine eile chun ár gcomhshaol a chaomhnú agus a chosaint.
Príomhfheidhm de chuid GCC is ea rialáil comhshaoil agus raideolaíoch, agus measúnú, údarú agus forfheidhmiú gníomhaíochtaí san áireamh. In 2024, thugamar tús áite d’fheabhas a chur ar éifeachtúlacht ár bpróiseas ceadúnúcháin agus eisiúint ceadúnas san earnáil fuinnimh, lena n-áirítear gléasraí Giniúna Éigeandála Sealadaí, stáisiúin chumhachta agus giniúint cumhachta agus ionaid sonraí. San iomlán, eisíodh 160 údarú ar fud na gcóras ceadúnais agus ceada comhshaoil uile.
Is é is aidhm d’fheabhsuithe leanúnacha acmhainn GCC a neartú chun iarratais a phróiseáil, ár dtréchur a mhéadú agus soiléireacht níos fearr a sholáthar d’iarratasóirí agus do pháirtithe leasmhara maidir le hamlínte cinnidh. Mar thoradh air sin, agus mar thoradh ar acmhainní méadaithe arna leithdháileadh ar GCC, tá laghdú mór ar an líon iarratas ar cheadúnas atá ag fanacht le measúnú. In 2025, leanfaidh GCC de dhlús a chur le cinntí maidir le ceadúnú trí phróisis a fheabhsú agus acmhainn a thógáil mar rialálaí solúbtha, éifeachtach agus freagrúil.”
Roinnt buaicphointí de ghníomhaíochtaí agus forbairtí suntasacha GCC in 2024:
Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais GCC le haghaidh 2024 ar fáil ar shuíomh gréasáin GCC i mBéarla agus i nGaeilge araon.