Príomh feidhmeanna

Is féidir obair na Gníomhaireachta a roinnt ina trí phríomhréimse:

Eolas

Soláthraímid sonraí, faisnéis agus measúnú comhshaoil atá ar ardchaighdeán, spriocdhírithe agus tráthúil chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht ar gach leibhéal.

Rialú

Déanaimid córais éifeachtacha rialaithe agus comhlíonta comhshaoil a chur i bhfeidhm chun torthaí maithe comhshaoil a sholáthar agus chun díriú orthu siúd nach gcloíonn leis na córais sin.

Tacaíocht

Bímid ag saothrú i gcomhar le grúpaí eile chun tacú le comhshaol atá glan, táirgiúil agus cosanta go maith, agus le hiompar a chuirfidh le comhshaol inbhuanaithe.