Struchtúr bainistíochta

Tá an ghníomhaíocht á bainistiú ag Bord lánaimseartha, ar a bhfuil Ard-Stiúrthóir agus cúigear Stiúrthóirí. Déantar an obair ar fud cúig cinn d’Oifigí:

  • An Oifig um Inbhuanaitheacht Chomhshaoil
  • An Oifig Forfheidhmithe i leith cúrsaí Comhshaoil
  • An Oifig um Fhianaise agus Measúnú
  • An Oifig um Chosaint Radaíochta agus Monatóireachta Comhshaoil
  • An Oifig Cumarsáide agus Seirbhísí Corparáideacha

Tá Coiste Comhairleach ag an nGníomhaireacht le cabhrú léi. Tagann siad le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar ábhair imní agus le comhairle a chur ar an mBord.