Ár bhfreagrachtaí

Ceadúnú

Déanaimid na gníomhaíochtaí seo a leanas a rialú ionas nach ndéanann siad dochar do shláinte an phobail ná don chomhshaol:

  • saoráidí dramhaíola (m.sh. láithreáin líonta talún, loisceoirí, stáisiúin aistrithe dramhaíola);
  • gníomhaíochtaí tionsclaíocha ar scála mór (m.sh. déantúsaíocht cógaisíochta, déantúsaíocht stroighne, stáisiúin chumhachta);
  • an diantalmhaíocht (m.sh. muca, éanlaith);
  • úsáid shrianta agus scaoileadh rialaithe Orgánach Géinmhodhnaithe (OGM);
  • foinsí radaíochta ianúcháin (m.sh. trealamh x-gha agus radaiteiripe, foinsí tionsclaíocha);
  • áiseanna móra stórála peitril;
  • scardadh dramhuisce; gníomhaíochtaí dumpála ar farraige

 

Forfheidhmiú Náisiúnta i leith Cúrsaí Comhshaoil

  • Clár náisiúnta iniúchtaí agus cigireachtaí a dhéanamh gach bliain ar shaoráidí a bhfuil ceadúnas ón EPA acu.
  • Maoirseacht a dhéanamh ar fhreagrachtaí cosanta comhshaoil na n-údarás áitiúil.
  • Caighdeán an uisce óil, arna sholáthar ag soláthraithe uisce phoiblí, a mhaoirsiú.
  • Obair le húdaráis áitiúla agus le gníomhaireachtaí eile chun dul i ngleic le coireanna comhshaoil trí chomhordú a dhéanamh ar líonra forfheidhmiúcháin náisiúnta, trí dhíriú ar chiontóirí, agus trí mhaoirsiú a dhéanamh ar leasúchán.
  • Cur i bhfeidhm rialachán ar nós na Rialachán um Dhramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (DTLL), um Shrian ar Shubstaintí Guaiseacha agus na Rialachán um rialú ar shubstaintí a ídíonn an ciseal ózóin.
  • An dlí a chur orthu siúd a bhriseann dlí an chomhshaoil agus a dhéanann dochar don chomhshaol.

 

Bainistíocht Uisce

  • Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar cháilíocht aibhneacha, lochanna, uiscí idirchriosacha agus cósta na hÉireann, agus screamhuiscí; leibhéil uisce agus sruthanna aibhneacha a thomhas.
  • Comhordú náisiúnta agus maoirsiú a dhéanamh ar an gCreat-Treoir Uisce.
  • Monatóireacht agus tuairisciú a dhéanamh ar Cháilíocht an Uisce Snámha.
  • Monatóireacht, Anailís agus Tuairisciú ar an gComhshaol.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar cháilíocht an aeir agus Treoir an AE maidir le hAer Glan don Eoraip (CAFÉ) a chur chun feidhme.
  • Tuairisciú neamhspleách le cabhrú le cinnteoireacht an rialtais náisiúnta agus na n-údarás áitiúil (m.sh. tuairisciú tréimhsiúil ar staid Chomhshaol na hÉireann agus Tuarascálacha ar Tháscairí).

Rialú Astaíochtaí na nGás Ceaptha Teasa in Éirinn

  • Fardail agus réamh-mheastacháin na hÉireann maidir le gáis cheaptha teasa a ullmhú.
  • An Treoir maidir le Trádáil Astaíochtaí a chur chun feidhme i gcomhair breis agus 100 de na táirgeoirí dé-ocsaíde carbóin is mó in Éirinn.

Taighde agus Forbairt Comhshaoil

  • Taighde comhshaoil a chistiú chun brúnna a shainaithint, bonn eolais a chur faoi bheartais, agus réitigh a sholáthar i réimsí na haeráide, an uisce agus na hinbhuanaitheachta.
  • Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta.
  • Measúnacht a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe ar an gcomhshaol in Éirinn (m.sh. mórphleananna forbartha).

Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta

  • Measúnacht a dhéanamh ar thionchar pleananna agus clár beartaithe ar an gcomhshaol in Éirinn (m.sh. mórphleananna forbartha).

Cosaint Raideolaíoch

  • Monatóireacht a dhéanamh ar leibhéil radaíochta, measúnacht a dhéanamh ar nochtadh mhuintir na hÉireann don radaíocht ianúcháin.
  • Cabhrú le pleananna náisiúnta a fhorbairt le haghaidh éigeandálaí ag eascairt as taismí núicléacha.
  • Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí thar lear a bhaineann le saoráidí núicléacha agus leis an tsábháilteacht raideolaíochta.
  • Sainseirbhísí cosanta ar an radaíocht a sholáthar, nó maoirsiú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí sin.

Treoir, Faisnéis Inrochtana agus Oideachas

  • Comhairle agus treoir a chur ar fáil d’earnáil na tionsclaíochta agus don phobal maidir le hábhair a bhaineann le caomhnú an chomhshaoil agus leis an gcosaint raideolaíoch.
  • Faisnéis thráthúil ar an gcomhshaol ar a bhfuil fáil éasca a chur ar fáil chun rannpháirtíocht an phobail a spreagadh sa chinnteoireacht i ndáil leis an gcomhshaol (m.sh. Timpeall an Tí, léarscáileanna radóin).
  • Comhairle a chur ar fáil don Rialtas maidir le hábhair a bhaineann leis an tsábháilteacht raideolaíoch agus le cúrsaí práinnfhreagartha.
  • Plean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí a fhorbairt chun dramhaíl ghuaiseach a chosc agus a bhainistiú.

Múscailt Feasachta agus Athrú Iompraíochta

  • Feasacht chomhshaoil níos fearr a ghiniúint agus dul i bhfeidhm ar athrú iompraíochta dearfach trí thacú le gnóthais, le pobail agus le teaghlaigh a bheith níos éifeachtúla ar acmhainní.
  • Tástáil le haghaidh radóin a chur chun cinn i dtithe agus in ionaid oibre, agus gníomhartha leasúcháin a spreagadh nuair is gá.