Oifigeach Eolaiochta I (Leibheal 3) Anailisi Astuithe
Post No. 000615
Summary: Comhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil ról an Oifigigh Eolaíochta I (Leibhéal 3) Anailísí Astaíochtaí. Tá an EPA ag earcú anailísí sonraí a bhfuil taithí aige/aici chun páirt a ghlacadh san fhoireann Staitisticí Astaíochtaí i gClár Athrú Aeráide an EPA. Beidh ról lárnach ag an duine a cheapfar i dtáirgeadh Tháscairí Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa Ráithiúla na hÉireann, agus Fardail agus Réamh-mheastacháin Náisiúnta Gás Ceaptha Teasa agus Truailleán Aeir. Sannfar ról bainistíochta don duine freisin agus beidh sé/sí ina bhall luachmhar d’fhoireann saineolaithe anailíseacha agus teicniúla ó eolaíocht, innealtóireacht, staitisticí agus anailís sonraí nó cúlraí teicniúla comhchosúla.
Is é 4:00pm Déardaoin, an 5 Samhain 2026 an spriocdháta d’Iarratais.
Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.
Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:
Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:
- Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000615 Oifigeach Eolaíochta I (Leibhéal 3) – Anailísí Astuithe.
Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas:
- Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000615 Mary Smith
- Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.
Is dócha go reáchtálfar agallaimh go fíorúil nó go pearsanta, i dtreo dheireadh mhí na Samhna nó go luath i mí na Nollag 2026.