Oifigeach Eolaíochta II (Leibhéal 4) Ceimceoir Anailíseach

Post No. 000614

Summary: Tá an EPA ag earcú Ceimiceora Anailíseach Oifigeach Eolaíochta II (Leibhéal 4). Tá folúntas láithreach i Saotharlann Uisce Chill Chainnigh an EPA, a dhéanann anailís ar shamplaí comhshaoil ag baint úsáide as raon teicnící agus ionstraimíochta anailíseacha nua-aimseartha. Beidh cláir mhonatóireachta á mbainistiú agus á gcur i bhfeidhm ag an ról seo chun raon truailleán a thomhas, lena n-áirítear truailleáin rianleibhéil, in uiscí na hÉireann chun fianaise a sholáthar ar stádas cáilíochta uisce.

Published: 2026

Pages: 16

Filesize: 1,461 KB

Format: pdf

Download

Is é 4:00pm Dérdaoin, an 5 Samhain 2026 an spriocdháta d’Iarratais.

Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.

 

Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:

Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:

  • Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000614 Oifigeach Eolaíchta II (Leibhéal 4) Ceimiceoir Anailíseach..

Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas: 

  • Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000614 Mary Smith
  • Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.

Is dócha go reáchtálfar agallamha go fíorúil nó go pearsanta, go déanach i mí na Samhna nó go luath i mí na Nollag 2026.