Oifigeach Eolaiochta II (Leibheal 4) Hidrimeadracht agus screamhuisce

Post No. 000617

Summary: Comhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil ról an Oifigigh Eolaíochta II (leibhéal 4) – Hidriméadracht & screamhuisce (oifigeach allamuigh). Beidh an t-iarrthóir rathúil ina bhall den fhoireann monatóireachta allamuigh hidriméadraí, ag tomhas sreafaí abhann, chomh maith le leibhéil lochanna agus screamhuisce ina réigiún hidriméadrach. Oibreoidh siad i gcomhar le comhghleacaithe – agus d’fhéadfadh sé go mbeadh orthu iad a bhainistiú – laistigh dá bhfoireann réigiúnach níos leithne nó ar leibhéal náisiúnta, chun a chinntiú go gcuirtear an clár oibre allamuigh hidriméadraí i gcrích.

Published: 2026

Pages: 16

Filesize: 923 KB

Format: pdf

Download

Is é 4:00pm Dérdaoin, an 19 Samhain 2026 an spriocdháta d’Iarratais.

Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.

 

Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:

Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:

  • Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000617 

    Oifigeach Eolaíochta II (Leibhéal 4) Hidriméadracht agus screamhuisce.

Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas: 

  • Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000617 Mary Smith
  • Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.

Is dócha go reáchtálfar agallamha go fíorúil nó go pearsanta, go déanach i mí na Samhna nó go luath i mí na Nollag 2026.