Cigire/Oifigeach Eolaíochta II (Leibhéal 4) Ginearálta
Post No. 000612
Summary: Comhlíonfaidh na hiarrthóirí rathúla ról an Chigire/Oifigigh Eolaíochta II (Leibhéal 4) Ginearálta. Féadfar na hiarrthóirí rathúla a shannadh chun aon cheann de fheidhmeanna reachtúla an EPA a chur i bhfeidhm, amhail ceadúnú, forfheidhmiú, meastóireacht/measúnú eolaíoch, measúnú sonraí, tuairisciú sonraí, soláthar eolais agus abhcóideacht.
Is é 4:00pm Dé Céadaoin, an 9 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’Iarratais.
Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.
Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:
Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:
- Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000612 Cigire/Oifigeach Eolaíchta II (Leibhéal 4) Ginearálta.
Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas:
- Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000612 Mary Smith
- Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.
Is dócha go reáchtálfar agallaimh go fíorúil nó go pearsanta, déanach i mí Mheán Fómhair nó go luath i mí Dheireadh Fómhair 2026.