Oifigeach Eolaiochta I (Leibheal 3) Eiceolai Mara

Post No. 000618

Summary: Comhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil ról Oifigeach Eolaíochta I (Leibhéal 3) Éiceolaí Mara. Líonfar an chéad fholúntas i gCigireacht Réigiúnach an EPA i gCaisleán an Bharraigh nó i mBaile Átha Cliath. Oibreoidh an t-iarrthóir rathúil in Aonad Monatóireachta agus Measúnaithe Éiceolaíochta an EPA a dhéanann monatóireacht agus measúnú ar shláinte éiceolaíoch acmhainn uisce dromchla na hÉireann. Beidh obair allamuigh, agus taisteal ar shiúl ón suíomh oifige ainmnithe, ag monatóireacht uiscí trasdula agus cósta ar fud na hÉireann, chomh maith le hobair saotharlainne, anailís agus tuairisciú samplaí agus sonraí, i gceist leis an ról.

Published: 2026

Pages: 17

Filesize: 595 KB

Format: pdf

Download

Is é 4:00pm Déardaoin, a 19 Samhain 2026 an spriocdháta d’Iarratais.

Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.

 

Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:

Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:

  • Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000618 Oifigeach Eolaíochta I (Leibhéal 3) Éiceolaí Mara

Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas: 

  • Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000618 Mary Smith
  • Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.

Is dócha go reáchtálfar agallaimh go fíorúil nó go pearsanta, i dtreo dheireadh mhí na Samhna nó go luath i mí na Nollag 2026.