Príomh-Chigire (Leibhéal 2)
Post No. 000610
Summary: Comhlíonfaidh an t-iarrthóir rathúil ról an Chigire Shinsearaigh (Leibhéal 2) in Oifig Forfheidhmithe Comhshaoil na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA). Beidh ról bainistíochta sinsearaí ag an iarrthóir a cheapfar agus beidh sé/sí freagrach as an gClár Náisiúnta Cigireachta Talmhaíochta a stiúradh. Baineann na príomhfhreagrachtaí le feidhmeanna reachtúla an EPA a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear cur i bhfeidhm an Chláir Ghníomhaíochta um Níotráití agus an Chláir Náisiúnta Cigireachta Talmhaíochta d’údaráis áitiúla.
Is é 4pm Déardaoin, an 3 Meán Fómhair 2026 an spriocdháta d’Iarratais.
Ní mór foirmeacha iarratais a chomhlánú agus a sheoladh chuig recruitment@epa.ie.
Treoracha Ríomhphoist maidir le d’Fhoirm Iarratais a chur isteach:
Ba cheart an coinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas a úsáid mar cheannteideal do ábhar ríomhphoist:
- Uimhir an Phoist agus Ainm an Phoist: e.g. 000610 Príomh-Chigire (Leibhéal 2)
Ba cheart d’fhoirm iarratais a cheangal le do ríomhphost agus úsáid á baint as an gcoinbhinsiún ainmniúcháin seo a leanas:
- Uimhir an phoist agus ainm an iarratasóra: e.g. 000610 Mary Smith
- Is féidir síniú clóscríofa a úsáid.
Is dócha go reáchtálfar agallaimh go fíorúil nó go pearsanta i mí Mheán Fómhair 2026.