Réamhrá
Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 d’ullmhú scéim teanga ag comhlachtaí poiblí ag tabhairt mionsonraí faoi na seirbhísí a sholáthróidh siad:
- trí mheán na Gaeilge,
- trí mheán an Bhéarla, agus
- trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla
agus na bearta a ghlacfar lena chinntiú go ndéanfar aon seirbhís nach bhfuil an comhlacht ag soláthar trí mheán na Gaeilge a sholáthar laistigh de fhráma ama comhaontaithe.
De réir alt 14(3) den Acht, fanann scéimeanna teanga i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí, ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.
Ullmhú agus Ábhar na Scéime
Tá aird mar is cuí tugtha ar na Treoirlínte a d'eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta agus an scéim seo á hullmhú. Ina theannta sin, tugadh faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara uile.
Tá An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) á threorú ag an bprionsabal gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí Gaeilge bunaithe ar:
- an leibhéal bunúsach éilimh ar sheirbhísí ar leith i nGaeilge,
- an tábhacht a bhaineann le cur chuige réamhghníomhach i soláthar seirbhísí dá leithéid, agus
- acmhainní, lena n-áirítear acmhainní daonna agus airgeadais, agus cumas an chomhlachta an cumas riachtanach teanga a fhorbairt nó a rochtain.
Comhlánaíonn an scéim seo prionsabail a bhaineann le Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí agus ár gCairt Chustaiméirí. Tá sí curtha le chéile leis an aidhm go gcomhlíonfaí gach oibleagáid ábhartha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ar An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar bhonn céimnithe, tríd an scéim seo agus trí scéimeanna amach anseo.
Dáta Tosaithe na Scéime
Tá an Scéim daingnithe ar an 1 Nollag 2016 ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tosaíonn sí le héifeacht ón dáta seo agus beidh sí i bhfeidhm ar feadh tréimhse 3 bliana nó go dtí go mbeidh scéim eile daingnithe, cibé acu is déanaí.