Plean Iniúchta Náisiúnta 2013

Córais Chóireála Dramhuisce Tí

Summary: Tá an Plean Náisiunta seo foilsithe ag an EPA chun comhairle a thabhairt don bpobal agus dos na Comhairli Condae ar conas umair sheipteacha a iniúchadh sna blianta amach romhainn. Is é an sprioc atá ag an EPA ná eolas a chur ar fail faoin baol maidir le sláinte agus leis an gcomhshaol, más rud é nach bhfuil an córas cóireála ag obair i gceart.

Published: 2013

ISBN: 978-1-84095-479-1

Pages: 53

Filesize: 3,093 KB

Format: pdf

Download

Tá uisce atá glan, sláintiúil agus cosanta go maith riachtantach chun pobail atá inmharthana agus beoga a chothú i gceantair gan séarach ar fud na hÉireann. Tá gá ag na pobail seo, pobail atá suite faoin tuath go háirithe, le foinsí uisce atá iontaofa agus glan, chomh maith le bealaí inbhuanaithe agus sábháilte chun a ndramhuisce a bhainistiú.
De réir na Príomh-Oifige Staidrimh (PO, 2012), bailíonn, cóireálann agus scaoileann córais chóireála dramhuisce tí ar an suíomh dramhuisce ó 500,000 teaghlach nach mór in Éirinn. Ar scála mór dobharcheantair, tá riosca i bhfad níos lú ann do chúrsaí uisce ó chórais tí ná mar atá ó scaradh uirbeach dramhuisce agus truailliú talmhaíochta idirleata.Ach mura ndéantar é a bhainistiú agus a chóireáil go cuí, d'fhéadfadh dramhuisce tí soláthairtí uisce phríobháidigh agus phoiblí, screamhuisce agus uisce dromchla a thruailliú, rud a dhéanann díobháil do shláinte daoine agus don timpeallacht.
Fuair Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa nár chloígh Éire leis an gceangal dlí a bhí i gCreat-Treoir Dramhaíola 1975 rialáil a dhéanamh ar an dramhuisce a chruthaítear inár gceantair gan séarach.Is freagra é an Plean Iniúchta Náisiúnta seo le haghaidh Córais Chóireála Dramhuisce Tí ar theip na hÉireann Treoir Dramhaíola 1975 a chur i bhfeidhm.