Caighdeán Aeir in Éirinn 2011

Príomhtháscairí Maidir le Caighdeán an Aeir sa Timpeallacht

Summary: Soláthraíonn an tuarascáil seo forbhreathnú ar threochtaí maidir le caighdeán an aeir thimpeallaigh in Éirinn i 2011. Tá an anailís a chuirtear i láthair anseo maidir le cáilíocht aeir bunaithe ar thoisí áirithe tiúchana de na truailleáin seo a leanas: leibhéil cháithníní, ózón, ocsaídí Nítrigine, dé-ocsaíd sulfair, luaidhe, aonocsaíd charbóin agus beinséin.

Published: 2012

ISBN: 978-1-84095-465-4

Pages: 95

Filesize: 3,489KB

Format: pdf

Download now

Related Documents

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN

Tugann an tuarascáil seo breac-chuntas ar chaighdeán an aeir in Éirinn in 2011, bunaithe ar na sonraí a fuarthas ó na 29 stáisiún monatóireachta atá mar chuid den líonra náisiúnta monatóireachta ar chaighdeán an aeir, lena n-áirítear roinnt aonad soghluaiste. Tá na stáisiúin mhonatóireachta suite ar fud fad na tíre, agus cuireadh stáisiúin nua ar bun i Sionainn, Co. an Chláir agus i gClár Chlainne Mhuiris, Co. Mhaigh Eo.

Cuirtear torthaí na monatóireachta seo i gcomparáid le teorainnluachanna atá leagtha amach i reactaíocht an AE agus na hÉireann maidir le caighdeán an aeir chomhthimpeallaigh.

Tá caighdeán an aeir go han-mhaith go ginearálta ar fud na tíre in Éirinn de bharr gnáthshreabha aeir an Atlantaigh, líon beag cathracha móra agus easpa tionscal trom a bheith ann go forleathan. Tá leibhéil ábhair cháithnínigh agus dé-ocsaíde nítrigine fós ina n-údar imní dúinn, áfach, agus tá leibhéil dé-ocsaíde nítrigine ag druidim leis na huasluachanna i gCathair Bhaile Átha Cliath agus i gCathair Chorcaí. Is iad astúcháin tráchta an phríomhfhoinse dé-ocsaíde nítrigine agus cuireann siad le leibhéil arda ábhair cháithnínigh agus hidreacarbóin iltimthriallaigh aramataigh chomh maith. In ainneoin go bhfuil teicneolaíocht astuithe feithiclí atá níos glaine ag laghdú thionchar na bhfeithiclí aonair, tá méadú tagtha ar líon na bhfeithiclí, rud atá tar éis aon fheabhsú ar chaighdeán an aeir a chealú.

Tá úsáid breosla sholadaigh sa bhaile ar an bpríomhfhoinse eile hidreacarbóin iltimthriallaigh aramataigh agus ábhair cháithnínigh san aer in Éirinn agus bíonn tionchar ar leith aige ar chaighdeán an aeir i gceantair ina bhfuil díol an ghuail bhiotúmanaigh ceadaithe. De thoradh air seo, tá na leibhéil ábhair cháithnínigh i mbailte beaga an-chosúil le nó níos airde ná na leibhéil sna cathracha ina bhfuil cosc ar ghual biotúmanach. Cuireadh an cosc ar ghual biotúmanach i bhfeidhm i gceithre bhaile bhreise in 2011, agus tá sé beartaithe go gcuirfear i bhfeidhm é i dtuilleadh bailte in 2012 agus 2013.

Arna bhunú ar an tiúchan ábhair cháithnínigh a rinneadh a thaifeadadh ó 2009 go dtí 2011, éileofar ar Éirinn nochtadh mínábhair cháithnínigh (PM2.5) a laghdú faoi 10% idir 2012 agus 2020. Beidh an laghdú seo dúshlánach, ós rud é go mbeidh gá le cur chuige comhtháite ar fud roinnt earnálacha chun é a bhaint amach, lena n-áirítear astúcháin tionsclaíocha, iompair agus cónaithe.

Ionas gur féidir ár ndea-chaighdeán aeir a choinneáil agus a chinntiú go mbeidh ár n-aer sláintiúil agus glan amach anseo, is gá d'Éirinn leanúint d'fhorfheidhmiú agus forghníomhú an choisc ar ghual biotúmanach. Beidh ar theaghlaigh agus ar ghnólachtaí úsáid a bhaint as modhanna níos éifeachtúla dóite breosla agus athrú ó bhreosla soladach go dtí roghanna níos glaine eile, ar nós an gháis nádúrtha. Caithfimid astúcháin tráchta a laghdú chomh maith trí bheartais a chur i bhfeidhm d'fhonn éileamh taistil a laghdú, úsáid malairtí ar charranna príobháideacha, ar nós na rothaíochta, an tsiúil, agus an iompair phoiblí, a mhéadú agus éifeachtúlacht mótariompair a fheabhsú. 

Related Documents