Cuidigh le Straitéis Chorparáideach GCC 2027-2031 a mhúnlú

Tá Straitéis Chorparáideach nua do 2027-2031 á forbairt ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, a thabharfaidh sainmhíniú ar an gcuspóir, an fhís, agus na luachanna atá againn, agus a shainaithneoidh na tosaíochtaí agus na haidhmeanna a ndéanfaidh ár n-obair a threorú do na cúig bliana amach romhainn.

Tá Straitéis Chorparáideach nua do 2027-2031 á forbairt ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, a thabharfaidh sainmhíniú ar an gcuspóir, an fhís, agus na luachanna atá againn, agus a shainaithneoidh na tosaíochtaí agus na haidhmeanna a ndéanfaidh ár n-obair a threorú do na cúig bliana amach romhainn.

Ba mhaith linn éisteacht le guthanna na sochaí agus na bpobal áitiúil ar fud na hÉireann, chun a fháil amach conas is féidir linn ár gcuspóir agus ár bhfís a chur i gcrích ar bhealach a fhreastalaíonn ar chách.

Ba mhaith linn tuiscint a fháil ar na nithe seo a leanas:

  • Cad iad na saincheisteanna is tábhachtaí agus cén áit ar cheart dúinn ár n-iarrachtaí a dhíriú sna cúig bliana amach romhainn;
  • Conas is féidir linn fianaise agus faisnéis chomhshaoil a dhéanamh níos inrochtana; agus
  • Cá bhféadfaidh comhar níos fearr feabhas a chur ar thorthaí comhshaoil.

Tá an comhairliúchán oscailte do chách. Níl saineolas nó eolas teicniúil ag teastáil chun páirt a ghlacadh. Fáiltímid roimh thuairimí atá bunaithe ar do spéiseanna, do thaithí, agus do thosaíochtaí féin.

Conas páirt a ghlacadh

Is féidir leat a bheith rannpháirteach ar dhá bhealach.

Comhlánaigh an suirbhé ar líne

Suirbhé ar líne

Ba cheart go dtógfadh sé thart ar 10 nóiméad an suirbhé a chomhlánú.

Dúnfar an suirbhé ar Déardaoin 3 Nollaig ag 17:00

Cuir isteach aighneacht scríofa

Is féidir leat freagra níos mionsonraithe a chur ar fáil ar ríomhphost chuig epastrategy@Crowe.ie

Bain úsáid as "Comhairliúchán Straitéis Chorparáideach GCC 2027-2031" mar theideal d’aighneachta nó mar líne ábhair do ríomhphoist.

Conas a úsáidfimid d’aiseolas

Déanfaimid d’aiseolas a mheas in éineacht le fianaise chomhshaoil, taighde, rannpháirtíocht le baill foirne GCC agus páirtithe leasmhara, agus anailís níos leithne ar na saincheisteanna ar dócha go rachaidh siad i gcion ar an GCC le linn na tréimhse ó 2027-2031.

Táthar ag súil go seolfar an Straitéis Chorparáideach nua go luath i samhradh 2027.

Inrochtaineacht

Ba mhaith linn go mbeadh deis chothrom ag gach duine páirt a ghlacadh ann. Más rud é go dteastaíonn faisnéis an chomhairliúcháin uait i bhformáid mhalartach nó má tá cúnamh uait chun aighneacht a chur isteach, déan teagmháil linn:

Ríomhphost: EPAStrategy@Crowe.ie

Guthán: +353 1 448 2228

Is féidir freagra a chur chugainn i mBéarla nó i nGaeilge.

Príobháideacht agus foilsiú na n-aighneachtaí

Déanfaidh an GCC aon sonraí pearsanta a sholáthraítear mar chuid den chomhairliúchán a phróiseáil i gcomhréir leis an reachtaíocht cosanta sonraí infheidhme agus le polasaithe cosanta sonraí GCC.

Ná cuir isteach sonraí pearsanta nach bhfuil riachtanach chun críocha d’aighneachta, ná faisnéis neamhriachtanach atá rúnda nó íogair ó thaobh cúrsaí tráchtála de.
Tabhair faoi deara le do thoil go bhféadfaí aighneachtaí a fhoilsiú nó a nochtadh faoin reachtaíocht infheidhme, lena n-áirítear an reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise agus um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol. Déanfar aon nochtadh den sórt sin a mheas i gcomhréir leis na ceanglais reachtúla ábhartha.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an gcaoi a bpróiseálann an GCC sonraí pearsanta ar fáil i bhFógra Príobháideachta GCC.

Déan teagmháil linn

Má tá ceist ar bith agat maidir leis an gcomhairliúcháin, déan teagmháil le:
Foireann Straitéise GCC ar EPAStrategy@Crowe.ie