An Scéim Teanga 

Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 d’ullmhú scéim teanga ag comhlachtaí poiblí ag tabhairt mionsonraí faoi na seirbhísí a sholathróidh siad:

  • trí mheán na Gaeilge
  • trí mheán an Bhéarla
  • agus trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla

agus na bearta a ghlacfar lena chinntiú go ndéanfar aon seirbhís nach bhfuil an comhlacht ag soláthar trí mheán na Gaeilge a sholáthar laistigh de fhráma ama comhaontaithe.

Tá aird mar is cuí tugtha ar na Treoirlínte a d'eisigh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta agus an scéim seo á hullmhú. Ina theannta sin, tugadh faoi phróiseas cuimsitheach comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara uile.

Tá An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) á threorú ag an bprionsabal gur cheart go mbeadh soláthar seirbhísí Gaeilge bunaithe ar:

  • an leibhéal bunúsach éilimh ar sheirbhísí ar leith i nGaeilge
  • an tábhacht a bhaineann le cur chuige réamhghníomhach i soláthar seirbhísí dá leithéid
  • agus acmhainní, lena n-áirítear acmhainní daonna agus airgeadais
  • agus cumas an chomhlachta an cumas riachtanach teanga a fhorbairt nó a rochtain

Comhlánaíonn an scéim seo prionsabail a bhaineann le Seirbhís ar Ardchaighdeán do Chustaiméirí agus ár gCairt Chustaiméirí. Tá sí curtha le chéile leis an aidhm go gcomhlíonfaí gach oibleagáid ábhartha faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ar An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ar bhonn céimnithe, tríd an scéim seo agus trí scéimeanna amach anseo.

Scéim Teanga 2022-2025

Faoi lámh feicfidh tú an dara scéim teanga atá again sa Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, maireann an scéim seo ó 2022-2025 agus tá muid thar a bheith brodúil é seo a chuir ós bhur gcomhair.

Íoslódáil Scéim Teanga an GCC 2022-2025