Struchtúr bainistíochta
Tá an ghníomhaíocht á bainistiú ag Bord lánaimseartha, ar a bhfuil Ard-Stiúrthóir agus cúigear Stiúrthóir. Déantar an obair ar fud cúig cinn d’Oifigí:
- An Oifig um Inbhuanaitheacht Chomhshaoil
- An Oifig Forfheidhmithe i leith cúrsaí Comhshaoil
- An Oifig um Fhianaise agus Measúnú
- An Oifig um Chosaint Radaíochta agus Monatóireachta Comhshaoil
- An Oifig Cumarsáide agus Seirbhísí Corparáideacha
Tá Coiste Comhairleach ag an nGníomhaireacht le cabhrú léi. Tagann siad le chéile go rialta le plé a dhéanamh ar ábhair imní agus le comhairle a chur ar an mBord.