Níl caighdeán foriomlán chomhshaol na hÉireann san áit ar chóir dó a bheith, agus níl cuma dhearfach ar a bhfuil i ndán dó mura gcuirimid dlús le gníomh

Date released: November 24, 2020

  • Níl cuma dhearfach ar a bhfuil i ndán do chomhshaol na hÉireann mura gcuirimid dlús le feidhmiú réiteach ar fud gach earnála agus ar fud na sochaí.
  • Tá an aeráid agus an bhithéagsúlacht i measc na bpríomhdhúshlán a gcaithfimid dul i ngleic leo.
  • Is ionann infheistíocht sa chomhshaol agus infheistíocht inár sláinte.
  • Tá táscairí comhshaoil ag dul sa treo mícheart in a lán áiteanna.
  • Cuirfear soiléireacht ar fáil i Seasamh Náisiúnta ar Bheartais Chomhshaoil maidir lenár n-uaillmhian agus lenár dtiomantas don íomhá d'Oileán Glan Glas a bhaint amach.

Agus an seachtú Tuarascáil ar Staid an Chomhshaoil de chuid GCC á seoladh aici inniu, dúirt Laura Burke, Ardstiúrthóir GCC,

“Níl caighdeán foriomlán chomhshaol na hÉireann san áit ar chóir dó a bheith, agus níl cuma dhearfach ar a bhfuil i ndán dó mura gcuirimid dlús le feidhmiú réiteach ar fud gach earnála agus ar fud na sochaí.”

Tugtar le fios i gComhshaol na hÉireann: Measúnú Comhtháite 2020 go bhfuil dúshláin sheasmhacha agus chórasacha ag cur brú ar an gcomhshaol agus níor réitíodh go fóill iad. Baineann na dúshláin seo le topaicí difriúla comhshaoil, amhail an aeráid, aer, ithir, uisce, an bhithéagsúlacht agus dramhaíl, agus baineann siad le heagraíochtaí agus le hearnálacha, le gnólachtaí agus le gach leibhéal den tsochaí.

Áirítear ar shamplaí sonracha:

  • Gineann breoslaí iontaise beagnach 90 faoin gcéad dár bhfuinneamh agus tá sé seo ina chúis le gáis ceaptha teasa; 
  • ní bhaineann caighdeán an aeir i limistéir uirbeacha áirithe caighdeáin EDS amach;
  • tá damáiste á dhéanamh ar an dúlra agus ar ghnáthóga (tá drochbhail ar 85% de na gnáthóga atá liostaithe ag an AE);
  • tá éin bhogaigh, ar nós an chrotaigh, i mbaol mar speiceas pórúcháin;
  • tá camras neamhchóireáilte á sceitheadh san uisce i 35 baile agus sráidbhaile;
  • tá an laghdú suntasach atá tagtha ar aibhneacha neamh-mhillte na hÉireann níos follasaí fós, tháinig laghdú ó 500 láithreán go dtí 20 láithreán le 30 bliain;
  • tá méadú ag teacht ar thiúchain chothaitheach in aibhneacha agus ar ionchuir chothaitheach sa mhuirthimpeallacht;
  • gintear breis agus milliún tona dramhbhia gach bliain in Éirinn,
  • tá caitheamh bruscair fós ina fhadhb agus déantar na mílte gearán gach bliain le húdaráis áitiúla dá bharr sin.

De réir Chomhshaol na hÉireann: Measúnú Comhtháite 2020 , níl seasamh uileghabhálach náisiúnta á ghlacadh ar bheartais chomhshaoil agus tá tionchar diúltach aige seo ar rath pleananna agus beartais éagsúla a bhaineann leis an gcomhshaol: ní hionann suim na gcodanna agus iomlán comhleanúnach.

Dúirt Ardstiúrthóir GCC, Laura Burke,

“Ní féidir féachaint ar shaincheisteanna agus ar dhúshláin chomhshaoil, amhail an t-athrú aeráide, caighdeán an aeir, caighdeán an uisce agus an bhithéagsúlacht, ina n-aonar, ós rud é go bhfuil siad casta, idirnasctha agus caithfear dul i ngleic leo ar bhealach comhtháite. Anois an t-am chun seasamh uileghabhálach a ghlacadh ar bheartais chomhshaoil in Éirinn - le bheith soiléir maidir leis an uaillmhian atá againn chun comhshaol na hÉireann a chosaint sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma agus maidir lenár dtiomantas don íomhá d'Oileán Glan Glas a bhaint amach. Caithfimid gníomhú le linn na 2020idí. Ach seasamh a ghlacadh ar bheartais, chuirfí fís náisiúnta ar fáil a bhféadfadh gach roinn rialtais, gníomhaireacht, gnólacht, pobal agus duine aonair clárú di chun a bpáirt a ghlacadh i gcosaint an chomhshaoil.

“Chomh maith le seasamh ar bheartais dá leithéid, éilítear sa tuarascáil go gcuirfear reachtaíocht agus beartais reatha i bhfeidhm agus ar fáil ar bhealach níos fearr. Cuireadh go leor pleananna agus clár i bhfeidhm cheana féin agus má chuirtear i bhfeidhm go hiomlán iad, ba mhór an cúnamh é i dtaca le saincheisteanna seasmhacha comhshaoil a réiteach. Tá feidhmiú iomlán agus comhlíonadh na reachtaíochta ag teastáil chun an comhshaol a chosaint.”

Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, deimhnítear i sonraí na tuarascála tearcghnóthachtáil na hÉireann i dtaca le srian a chur le hastaíochtaí agus spriocanna sonraithe a bhaint amach. Léirítear go n-éireoidh sé níos deacra dúinn dul i bhfeabhas agus ár gcuid oibleagáidí a bhaint amach má chuirimid é seo ar an méar fhada. Tá níos mó i gceist leis ná spriocanna a bhaint amach, is é fíorchuspóir na hÉireann in aghaidh míshocrachta aeráide sochaí agus geilleagar seasmhach a bheith againn, atá neodrach ó thaobh carbóin de mar gheall ar iarrachtaí agus bhuanna na tíre.

Fuarthas amach sa tuarascáil freisin go bhfuil an dúlra agus áiteanna fiáine in Éirinn faoi bhrú nach bhfacthas riamh cheana agus go gcaithfear iad a chosaint níos fearr go háitiúil agus i limistéir faoi chosaint. Caithfimid a bheith níos uaillmhianaí maidir leis an ngníomh a dhéanfaimid chun an dúlra a chosaint. Ní mór dúinn conair a aithint i dtreo athrú bunathraitheach maidir leis an dúlra a chosaint in Éirinn agus treochtaí reatha sa bhithéagsúlacht agus i gcaillteanas gnáthóige a chasadh thart.

Go tráthúil, léirítear i dtuarascáil GCC go bhfuil tuiscint níos fearr ag daoine ar na buntáistí dearfacha a bhaineann le timpeallacht ghlan dá sláinte agus dá bhfolláine. Léirigh an coróinvíreas (COVID-19) tábhacht an chomhshaoil nádúrtha do dhaoine ina gceantair áitiúla.

Dúirt Dr Micheal Lehane, Stiúrthóir Oifig GCC ar Mheasúnú ar an gComhshaol:

“Tá Éire ag cailleadh go leor rudaí atá tábhachtach dá comhshaol cheana féin. Tá ceantair gan mhilleadh á mbrú amach agus tá ár n-uiscí neamh-mhillte agus na gnáthóga a chuireann spásanna ríthábhachtacha ar fáil le haghaidh na bithéagsúlachta á gcailleadh againn. Anois, níos mó ná riamh, tá spásanna glasa agus gorma na hÉireann, lena n-áirítear páirceanna uirbeacha, cóstaí, lochanna, aibhneacha, foraois agus portaigh, ina ngnéithe riachtanacha dár mbonneagar sláinte. Tugann siad deis do dhaoine dul amach sa dúlra agus cúl a thabhairt le cora crua an tsaoil ar mhaithe lena sláinte agus lena bhfolláine agus caithfidh na spásanna seo a bheith glan agus faoi chosaint. Is ionann infheistíocht sa chomhshaol agus infheistíocht inár sláinte.”

Tá caibidlí sa Tuarascáil ar Staid an Chomhshaoil, ar thuarascáil chuimsitheach í, a bhaineann le hearnáil na tionsclaíochta, iompar, an talmhaíocht, caighdeán an aeir agus an uisce, an dúlra agus sláinte agus is féidir í a íoslódáil ó shuíomh gréasáin GCC.

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Cuirtear ar fáil sa Tuarascáil seo bonn fianaise don phobal, lucht déanta beartais, eagraíochtaí neamhrialtasacha, grúpaí pobail, gnólachtaí agus daoine eile chun cabhrú leo cinntí feasacha a dhéanamh faoi cad is féidir leo a dhéanamh chun an comhshaol a chosaint agus a fheabhsú. Aithnítear sa Tuarascáil freisin na rudaí nach mór a dhéanamh sna deich mbliana amach romhainn ar mhaithe le comhshaol níos glaine agus níos glaise.

Luaitear sa Tuarascáil, agus beartas náisiúnta comhshaoil á lorg, go bhféadfadh ráiteas dá leithéid fís agus uaillmhian a leagan amach chun comhshaol na hÉireann a chosaint sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. D'fhéadfadh sé go gcuirfí in iúl sa tuarascáil conas a d'fhéadfaí oidhreacht chomhshaoil faoi chosaint a bhaint amach do na glúnta atá le teacht, agus go gcuirfí béim ar an tábhacht atá le comhshaol glan, sábháilte faoi chosaint ar mhaithe lenár sláinte agus lenár bhfolláine.

Seo a leanas na príomhtheachtaireachtaí ó thuarascáil ar staid an chomhshaoil 2020 :

Teastaíonn Fís agus Feidhmiú uainn chun Comhshaol na hÉireann agus ár Sláinte agus ár bhFolláine a chosaint

SOE 1: Seasamh ar Bheartais Chomhshaoil seasamh náisiúnta ar bheartais maidir le comhshaol na hÉireann.
SOE 2: Feidhmiú iomlán Feidhmiú iomlán na reachtaíochta reatha comhshaoil agus athbhreithniú ar an rialachas a bhaineann le comhordú maidir le cosaint an chomhshaoil ar fud comhlachtaí poiblí.
SOE 3: Sláinte agus Folláine Is Infheistíocht inár Sláinte agus inár bhFolláine é an Comhshaol a Chosaint.

Seasamh Suas chun an Comhshaol Mórthimpeall orainn a Chosaint mar go bhFuil sé i mBaol; agus tá an Baol seo ag Dul in Olcas

SOE 4: An Aeráid Tá athrú córasach ag teastáil le gur féidir le hÉirinn a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de agus ina sochaí agus ina geilleagar atá seasmhach ó thaobh na haeráide de.
SOE 5: Caighdeán an Aeir Is é an sprioc ba chóir a bheith ag an Straitéis um Aer Glan glacadh le bearta chun luachanna threoirlíne na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le caighdeán an aeir a bhaint amach.
SOE 6: An Dúlra An dúlra agus áiteanna fiáine a chosaint mar thosaíocht náisiúnta agus chun oidhreacht a fhágáil le haghaidh na nglúnta atá le teacht.
SOE 7: Caighdeán an Uisce Timpeallacht an uisce a fheabhsú agus dul i ngleic le truailliú uisce go háitiúil ag leibhéal na n-abhantrach.
SOE 8: Muirí An brú a chuireann daoine ar an muirthimpeallacht a laghdú.

Athrú ar an gCóras – Caithfear Dlús a Chur le Baint Amach Torthaí Earnála agus Sochaíocha

SOE 9: Fuinneamh Glan Caithfidh Éire bogadh ón úsáid mhór atá á baint as breoslaí iontaise go dtí córais ghlana fuinnimh. SOE
SOE 10: Talmhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de Earnáil talmhaíochta agus bhia a léiríonn feidhmíocht bhailíochtaithe maidir le bia a tháirgeadh le lorg íseal comhshaoil.
SOE 11: Seirbhísí Uisce Caithfidh uisce óil agus bonneagar fuíolluisce riachtanais na sochaí a bhaint amach.
SOE 12: Geilleagar Ciorclach Bogadh go dtí geilleagar ciorclach nach gcuireann an méid céanna rudaí amú agus a thugann tús áite do chosc dramhaíola, athúsáid, deisiú agus athchúrsáil.
SOE 13: Talamhúsáid Cuir chuige chomhtháite maidir le mapáil talún chun tacú le cinnteoireacht ar thalamhúsáid inbhuanaithe a chur chun cinn.
  
Moltar sa tuarascáil freisin gur chóir aon phacáiste spreagthaí le haghaidh téarnamh geilleagrach i ndiaidh COVID-19 a fhorbairt trí lionsa glas infheistíochta. D'fhéadfadh fáltais mhóra eacnamaíochta teacht as seo agus d'fhéadfaí caiteachas a sheachaint a cheanglaíonn Éire le patrúin tomhaltais agus táirgthe atá dian ar charbón agus neamh-inbhuanaithe.

Gníomhartha maidir le Comhshaol atá Níos Glaine agus Níos Glaise

Seo a leanas na dúshláin atá romhainn sna deich mbliana amach romhainn:

  • Stop a chur le tuilleadh meatha sa chomhshaol nádúrtha agus tacú leis an ngeilleagar agus freastal ar an daonra atá ag méadú ag an am céanna.
  • Dlús a chur le gníomh chun ár ngeilleagar agus ár sochaí a dhícharbónú agus a ghlasú, le go mbainfear neodracht ó thaobh carbóin de amach faoin mbliain 2050.
  • Muid féin a chosaint ar iarmhairtí dosheachanta na míshocrachta aeráide.
  • Gnáthóga agus dobharlaigh luachmhara a cailleadh a atógáil.
  • Spás a fhágáil le haghaidh an dúlra mar chuid de chur chuige nua maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint.
  • Níos mó áiteanna sa mhuirtimpeallacht a ainmniú mar limistéir faoi chosaint.
  • Caighdeán an aeir a chosaint ach breoslaí agus fuinneamh níos glaine a úsáid le haghaidh iompair agus tithe a théamh.
  • An milliún tona dramhbhia a ghinimid a laghdú go mór.
  • Táirgeacht talmhaíochta agus córais agus bainistíocht talamhúsáide atá níos inbhuanaithe a chothú.
  • Infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar riachtanach sna seirbhísí uisce a chosnaíonn soláthairtí uisce óil agus a fhaigheann réidh le camras neamhchóireáilte.
  • Éifeachtúlacht níos fearr a bhaint amach inár gcuid gníomhaíochtaí táirgthe agus tomhaltais agus amhábhair á n-úsáid againn.
  • Na feabhsuithe a rinneamar sa chomhshaol nádúrtha trí rialáil agus infheistíocht a chinntiú.
  • Bearta a chomhtháthú chun an timpeallacht thógtha a chosaint ar radón.
  • An teagmháil a dhéantar leis an bpobal maidir le saincheisteanna comhshaoil a threisiú.
  • Gníomhú de réir na mbuaicphointí a aithnítear sa tuarascáil seo. Agus réimsí téamacha, earnála agus comhtháite á gclúdach iontu, aithnítear na buaicphointí seo ag deireadh gach caibidle agus tugtar achoimre iontu ar scála na ndúshlán atá le sárú. Tiomsaítear na príomh-bhuaicphointí i dtábla ag deireadh na tuarascála freisin.

Éachtaí a Baineadh Amach le Déanaí: Cé go bhfuil go leor táscairí náisiúnta comhshaoil ag dul sa treo mícheart ar an iomlán, ceileann sé seo go leor gníomhartha maithe atá á ndéanamh ag leibhéal áitiúil i roinnt ceantar. Tá rudaí suntasacha dearfacha le tabhairt faoi deara sa tuarascáil chomh maith a dhéanann eolas don mhéid is féidir a bhaint amach, agus do thionscadail a gcaithfear glacadh leo níos forleithne ar fud na tíre. Tháinig feabhas mór ar oibríocht líonta talún; Tá an-rath ar rialáil chomhtháite thionsclaíoch; Tá eolas ar an gcomhshaol ar fáil go hoscailte do gach duine; athraíodh iompar daoine agus tháinig laghdú ar bhruscar mar gheall ar an tobhach ar mhálaí plaisteacha; tá clár um thaighde comhshaoil againn a fhaigheann maoiniú maith agus atá gníomhach; tá feabhas tagtha ar shláine agus ar mhonatóireacht na soláthairtí uisce óil; tá feabhas mór tagtha ar chláir náisiúnta mhonatóireachta maidir le haer agus uisce; tá tionscadail chaomhnaithe um ghnáthóga agus speicis i mbaol ar siúl; agus bímid i gcónaí i measc na stát is fearr san AE maidir le sonraí comhshaoil a thuairisciú.

Sraith na dtuarascálacha ar staid an chomhshaoil: Foilsítear na tuarascálacha gach ceithre bliana, agus cuirtear forléargas ar staid reatha chomhshaol na hÉireann ar fáil sa tuarascáil seo dála na sé thuarascáil roimhe seo. Tá ceangal dlí ar GCC tuarascáil a thabhairt go tréimhsiúil ar mheasúnú comhtháite ar chomhshaol nádúrtha na hÉireann. Cuirtear bonn eolais faoin measúnú seo agus cinntítear é mar gheall ar chumas fianaise GCC, a chuimsíonn a saineolas, taithí, sonraí, taighde agus teicneolaíochtaí. Chuamar i dteagmháil le príomhghníomhaireachtaí náisiúnta ag a bhfuil buneolas agus sonraí a bhaineann le hailt sa tuarascáil seo agus bhaineamar tairbhe as ionchur na ngníomhaireachtaí seo.