Athbhreithniú an GCC ar an mBliain, 2020

Date released: February 12, 2021

Léirítear i suirbhé de chuid an GCC go bhfuil 84 faoin gcéad de dhaoine den tuairim go raibh sé tábhachtach teacht a bheith acu ar an dúlra ó thaobh na meabhairshláinte de in 2020.

  • Tá 89 faoin gcéad de dhaoine fásta ag teacht leis an tuairim gur acmhainn luachmhar do phobal na hÉireann é an comhshaol.
  • Bhí 84 faoin gcéad de dhaoine den tuairim go raibh sé tábhachtach teacht a bheith acu ar an dúlra ó thaobh a meabhairshláinte de in 2020.
  • D’áirigh 54 faoin gcéad de dhaoine an t-athrú aeráide ar cheann de na trí ábhar imní is mó
    i ndáil leis an gcomhshaol atá romhainn in Éirinn.
  • Bhain triúr aosach as cúigear úsáid as níos lú breosla i gcomhair iompair le linn phaindéim Covid-19.

D’fhoilsigh an GCC a thuarascáil Athbhreithniú an GCC ar an mBliain, 2020 inniu, ina leagtar béim ar phríomhghníomhaíochtaí le linn na bliana. In éineacht leis an tuarascáil, foilsíodh na torthaí ó shuirbhé a rinne an GCC/RED C chun dearcthaí i leith an chomhshaoil a mheas. Fuarthas amach sa suirbhé sin go bhfuil 89 faoin gcéad de dhaoine fásta ag teacht leis an tuairim gur acmhainn luachmhar do phobal na hÉireann é an comhshaol. Méadú dhá faoin gcéad atá ansin i gcomparáid le suirbhé na bliana seo caite.

I dtoradh an tsuirbhé ina bhfuarthas amach go bhfuil 84 faoin gcéad de dhaoine den tuairim go raibh sé tábhachtach teacht a bheith acu ar an dúlra ó thaobh a meabhairshláinte agus a sláinte choirp de, le linn bliain ar fhág paindéim Covid-19 a lorg uirthi, tarraingníodh aird ar a luachmhaire agus atá obair an GCC chun comhshaol na hÉireann a chosaint. Léiríodh chomh maith sa taighde nua gur ghlac ceathrar as cúigear céimeanna chun an comhshaol a chosaint
in 2020.

Tugtar chun suntais san Athbhreithniú ar an mBliain an dul chun cinn atá bainte amach ag an GCC in 2020 i dtaca lena shainchúram. Maidir le cáilíocht an aeir, thug an GCC faoi acmhainneacht agus cumas líonra cháilíocht an aeir a láidriú i rith an ama. Ó cuireadh ceithre stáisiún déag leis in 2020, tá monatóireacht fíor-ama i ndiaidh méadú beagnach faoi thrí
ó cuireadh an clár i bhfeidhm ar dtús. Lean na Láithreacha Náisiúnta Tosaíochta maidir le Forfheidhmiú den athrú a chur chun cinn, agus rinneadh Láithreacha Náisiúnta Tosaíochta de dhá láthair déag in 2020.

Agus í ag labhairt faoi na nithe is suntasaí atá sa tuarascáil, bhí an méid seo a leanas le rá ag Ard-Stiúrthóir an GCC, Laura Burke,

“Údar mór misnigh atá ann a fháil amach go bhfuil an oiread daoine i ndiaidh céimeanna a ghlacadh go pearsanta chun chuidiú leis an gcomhshaol, óir tá sé ríthábhachtach don GCC plé leis an bpobal faoi cheisteanna comhshaoil. Díríonn sé sin aird ar thábhacht na hoibre a bhíonn ar bun againn i rith na bliana. Bhí gníomhaíochtaí monatóireachta agus tuairiscithe an GCC ar siúl i rith an ama, agus tháinig méadú orthu i gcuid mhór áiteanna, in ainneoin na paindéime atá ann faoi láthair.
 
Tá ról lárnach ag an GCC, thar ceann an Stáit, i monatóireacht a dhéanamh ar bhagairtí, an pobal a chur ar an eolas, agus bearta rialála a fhorfheidhmiú agus inár nAthbhreithniú ar an mBliain, 2020, léirítear go bhfuil dul chun bainte amach i réimsí éagsúla, ceadúnú, forfheidhmiú, agus rannpháirtíocht saoránach ina measc.

In 2020, anuas ar ár dtuarascálacha maidir le dramhaíl, uisce, radón agus cáilíocht an aeir, d’fhoilsíomar an staidéar is cuimsithí ar chomhshaol na hÉireann go dtí seo, an Tuarascáil faoi Staid an Chomhshaoil, ina gcuirtear bunús taighde ar fáil ar féidir cinntí maidir le cosaint an chomhshaoil agus tosaíochtaí a bhunadh air san am atá le teacht.”

Tugadh le fios i dtorthaí shuirbhé an GCC/RED C freisin gur úsáid triúr aosach as cúigear úsáid as níos lú breosla le haghaidh iompai le linn na paindéime, agus tá tromlach phobal na hÉireann i ndiaidh tús a chur leis an tsiúl nó an rothaíocht, i ndiaidh smaoineamh faoi earraí a táirgeadh go háitiúil a cheannach, agus i ndiaidh an t-athchúrsáil a mhéadú. Ina theannta sin, chuir 54 faoin gcéad in iúl go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann de na trí ábhar imní is mó i ndáil leis an gcomhshaol atá romhainn in Éirinn, agus thug duine as triúr le fios go n-imríonn sé tionchar orthu go pearsanta.

Is é a seo a leanas a dúirt Laura Burke lena cuid cainte a chríochnú,

“Anois an t-am chun seasamh uileghabhálach a ghlacadh ar bheartas comhshaoil in Éirinn - le bheith soiléir maidir leis an uaillmhian atá againn chun comhshaol na hÉireann a chosaint sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Dá nglacfaí seasamh mar sin ar bheartas, bheadh fís náisiúnta ann a bhféadfadh gach roinn rialtais, gníomhaireacht, gnólacht, pobal agus duine aonair glacadh léi, chun a bpáirt féin
a ghlacadh ár gcomhshaol a chosaint. Beidh an GCC ag obair leis le gach páirtí leasmhar chun an comhshaol a leagan i gcroílár na cinnteoireachta, cionn is gur léir ó thorthaí an tsuirbhé seo gur acmhainn é an comhshaol atá luachmhar do mhuintir na hÉireann, acmhainn ar chóir a chosaint agus a fheabhsú do mhuintir na hÉireann go léir.”

Tá an tuarascáil Athbhreithniú anGCC ar an mBliain, 2020 ar fáil as Gaeilge agus as Béarla ar shuíomh gréasáin an GCC anois, agus tá suirbhé RED C ar fáil ar líne chomh maith. Is féidir leat an GCC a leanúint ar Twitter, LinkedIn agus Instagram ach @EPAIreland a úsáid, mar
a bhfaighidh tú eolas cothrom le dáta maidir le Comhshaol na hÉireann.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir
Pobalbhreith RED C: Fuarthas na torthaí ó phobalbhreith ar shampla Náisiúnta Ionadaíoch ina raibh 1,019 aosach 18+ mbliana d’aois a chuir RED C i gcrích ar líne idir an 3 agus an
8 Nollaig 2020.