Bí i d’Eolaí Saoránaigh agus cuidigh leis an GCC tomhas a dhéanamh ar thruailliú an aeir i gCathair na Gaillimhe

Date released: August 21, 2023

  • Tá an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC), le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe, ag iarraidh ar mhuintir agus ar ghnólachtaí Chathair na Gaillimhe a bheith ina n-eolaithe saoránaigh trí chabhrú chun tomhas a dhéanamh ar thruailliú an aeir sa chathair.
  • Táimid ag lorg 500 duine a chláróidh chun páirt a ghlacadh sa tionscadal seo. Gheobhaidh na daoine sin feadán beag a dhéanfaidh tomhas ar an Dé-ocsaíd Nítrigine (NO2) ina gceantar áitiúil.
  • Is ó ghluaisteáin, ó veaineanna agus ó leoraithe a thagann Dé-ocsaíd Nítrigine go príomha. Is truailleán aeir é a d’fhéadfadh an-dochar a dhéanamh do chroí agus do scamhóga an duine.
  • Tabharfar faoin tsampláil le linn mhí Dheireadh Fómhair 2023 agus tá sé saor in aisce páirt a ghlacadh sa tionscadal.
  • Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú a dhéanamh ar shuíomh gréasáin an tionscadail ‘Aer Glan Le Chéile’ www.cleanairogether.ie.


Sheol an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe an tionscadal um Eolaíocht Saoránach ar a dtugtar Aer Glan Le Chéile (Cathair na Gaillimhe) inniu chun sonraí nua a bhailiú maidir le cáilíocht an aeir i gCathair na Gaillimhe.  Tá ar a laghad 500 duine/gnólacht á lorg againn i gCathair na Gaillimhe le clárú chun truailliú an aeir a thomhas ina gceantar áitiúil.  
 
De réir Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil, Micheál Lehane: 

“Tá ríméad ar an GCC an tionscadal spreagúil seo a sheoladh i gCathair na Gaillimhe chun tomhas a dhéanamh ar dhé-ocsaíd nítrigine (NO2) sa chathair. Is truailleán mór tráchta é NO2 a dhéanann dochar dár sláinte agus don chomhshaol. Trí pháirt a ghlacadh sa tionscadal Aer Glan Le Chéile, déanfaidh tusa tomhas ar an NO2 i do cheantar agus nuair a chuirfear an tomhas sin leis na sonraí eile go léir a bhaileofar, tabharfar léargas mionsonraithe dúinn ar an méid aerthruaillithe a tharlaíonn mar thoradh ar chúrsaí tráchta sa chathair. Tá cead ag gach duine atá ina chónaí i gcathair na Gaillimhe páirt saor in aisce a ghlacadh sa tionscadal. Is féidir cuairt a thabhairt ar www.cleanairogether.ie chun tuilleadh eolais a fháil agus chun clárú mar rannpháirtí.”

Tá sé mar aidhm againn 500 rannpháirtí ar a laghad i gCathair na Gaillimhe a spreagadh chun clárú a dhéanamh agus tús a chur le NO2 a thomhas Dé Luain an 2 Deireadh Fómhair 2023. 

Conas a oibreoidh an tionscadal? Nuair a bheidh tú cláraithe agus roghnaithe le páirt a ghlacadh ann, seolfar fearas iomlán chugat ina mbeidh an feadán tomhais le fáil, chomh maith le treoracha simplí maidir le conas é a shuiteáil.  Iarrfar ort an feadán a shuiteáil Dé Luain an 2 Deireadh Fómhair 2023 agus é a fhágáil ann ar feadh ceithre seachtaine, nó mar sin.  Tomhaisfidh an feadán na leibhéil dé-ocsaíde nítrigine san aer - gan a fhios a bheith agat go bhfuil sé ann, fiú! Tar éis thart ar cheithre seachtaine a chaitheamh ag tomhas leibhéil an NO2, seolfar an feadán ar ais chuig an GCC saor in aisce.  Déanfar anailís ar an bhfeadán agus táthar ag súil go mbeidh na torthaí ar fáil go luath in 2024.   
 
Dar le Bainisteoir Cláir GCC, Andy Fanning: 

“Is deis iontach é an tionscadal Aer Glan Le Chéile do mhuintir Chathair na Gaillimhe a bheith ina nEolaithe Saoránaigh.  Cuirfidh torthaí an tionscadail seo faisnéis agus sonraí tábhachtacha ar fáil don GCC maidir le cáilíocht an aeir. Ach, níos tábhachtaí fós, glacfaidh na rannpháirtithe i gcathair na Gaillimhe ról gníomhach san iarracht seo chun léargas níos fearr a fhorbairt agus tuilleadh eolais a fháil faoi thruailliú an aeir ina gcathair féin. Agus an tionscadal curtha i gcrích, foilseofar léarscáil na dtorthaí ar www.cleanairogether.ie , rud a ligfidh do dhaoine na torthaí ina gceantar féin a chur i gcomparáid le torthaí in áiteanna eile sa chathair.”

Agus é i láthair ag an seoladh inniu i gcathair na Gaillimhe, dúirt Leas-Mhéara Chathair na Gaillimhe, an Comhairleoir Donal Lyons:

“Tá lúcháir orm ionadaíocht a dhéanamh ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe ag seoladh an tionscnaimh iontaigh seo, Aer Glan le Chéile, a leagann béim ar thábhacht cháilíocht an aeir sa chathair seo againne.  Tugann an tionscnamh seo deis dóibh siúd againn a bhfuil cónaí orainn sa chathair a bheith rannpháirteach go díreach i mbailiú na faisnéise seo faoi chaighdeán an aeir agus cur amach a fháil ar chaighdeán an aeir go háitiúil. D’fhéadfadh na torthaí seo cabhrú chun Comhairle Cathrach na Gaillimhe a chur ar an eolas faoi leibhéil NO2 laistigh den chathair agus déanfar iad a chomhcheangal freisin le torthaí reatha na GCC maidir le cáilíocht an aeir chun léargas níos fearr a thabhairt ar leibhéil NO2 sa chathair. Cuireann sé seo lenár bhfeasacht ar thruailliú an aeir agus cuireann sé freisin le rannpháirtíocht an phobail ó thaobh feabhas a chur ar cháilíocht an aeir a análaímid. Mar sin, cad chuige nach gcuirfeá iarratas isteach! Níl le déanamh ach cuairt a thabhairt ar www.cleanairogether.ie.”

CRÍOCH 
 

Tuilleadh eolais: Emily Williamson, EPA Media Relations Office:053-91 70770 (24 hours) and media@epa.ie 
 
Tá grianghraif ón seoladh ar fáil freisin ó Oifig Caidreamh Meán an EPA.