Aimsíonn eolaithe saoránaigh leibhéil ísle aerthruaillithe a thagann ón trácht in 7 as 10 suíomh a rinneadh sampláil orthu. Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe – Na Torthaí!

Date released: February 22, 2024

  • Thomhais os cionn 300 eolaí saoránaigh i gCathair na Gaillimhe leibhéil dé-ocsaíde nítrigine, truailleán aeir a bhaineann le trácht, ina gceantair áitiúla mar chuid den tionscadal Aer Glan Le Chéile.
  • Tugann Aer Glan Le Chéile léargas ar NO2 ar fud chathair na Gaillimhe.
  • Bhí 71 faoin gcéad de na láithreacha a rinneadh sampláil orthu sa chatagóir ab ísle do NO2, agus bhí 24.5 faoin gcéad eile sa chéad chatagóir is ísle eile.
  • Fuarthas torthaí níos airde ar chuid de na bóithre is gnóthaí i gcathair na Gaillimhe amhail Bóthar na gCeannaithe, Sráid Mhuire, an Fhaiche Mhór, Cnoc Mhaoil Drise, Sráid Eglinton, agus fuarthas an ceann is airde ag Bóthar na nDuganna.
  • Úsáidfidh an EPA na torthaí ó Aer Glan Le Chéile chun cabhrú le samhaltú a dhéanamh ar cháilíocht an aeir i nGaillimh.

22 Feabhra 2024: I mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023, thomhais os cionn 300 eolaí saoránaigh leibhéil an truailleáin aeir dhíobhálaigh, Dé-ocsaíd Nítrigine (NO2), i gCathair na Gaillimhe mar chuid den tionscadal Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe. Reáchtáladh ócáid phoiblí i nGaillimh tráthnóna inniu chun torthaí Aer Glan le Chéile a chur i láthair do mhuintir na Gaillimhe. Reáchtáil an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) an tionscadal mórscála um eolaíocht saoránach seo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Agus é ag caint faoin tionscadal, dúirt Andy Fanning, Bainisteoir Cláir EPA:

“Is scéal ratha é Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe, le leibhéil truaillithe tráchta á dtomhas ag breis agus 300 eolaí saoránaigh sa chathair ina gceantair áitiúla. Tá an feachtas seo tar éis léargas thar a bheith úsáideach ar leibhéil dé-ocsaíde nítrigine i nGaillimh a chur ar fáil dúinn chomh maith le sonraí tábhachtacha faoin truailleán aeir seo i gceantair lasmuigh de líonra monatóireachta cáilíochta aeir reatha an EPA a thabhairt dúinn. Ní fhéadfaimis an tionscadal seo a chur i gcrích gan eolaithe saoránaigh chathair na Gaillimhe, agus is iontach an rud é tiomantas mhuintir Chathair na Gaillimhe dá dtimpeallacht áitiúil a fheiceáil”.

Go ginearálta, bhí leibhéil dé-ocsaíde nítrigine ar fud chathair na Gaillimhe íseal, agus bhí 71 faoin gcéad de thorthaí an staidéir sa chatagóir NO2 ab ísle (0-10 µg/m3). Bhí 24.5 faoin gcéad de na torthaí sa chéad chatagóir NO2 is ísle eile (10-20 µg/m3). Mar a bheifeá ag súil leis toisc go dtagann NO2 ó thrácht go príomha, fuarthas leibhéil níos airde NO2 gar do bhóithre gnóthacha agus i lár na cathrach.

Aithníodh i staidéar nasctha a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an EPA, a cuireadh i gcrích i gcomhar leis an bhfeachtas Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe, ceantar áirithe amháin sa chathair ina raibh leibhéil arda NO2 (níos mó ná 40 µg/m3). Léirigh tomhas míosa a rinneadh ar Bhóthar na nDuganna ardleibhéal NO2. Tá an toradh sin tar éis an EPA agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe a spreagadh staidéar níos mó agus níos faide a dhéanamh ar aerthruailliú a bhaineann le trácht thar Bhóthar na nDuganna. Is féidir le leibhéil NO2 athrú go mór i rith na bliana de réir mar a athraíonn an aimsir agus méid an tráchta, agus cabhróidh an staidéar breise seo le meastachán níos fearr a dhéanamh ar na meánleibhéil fhadtéarmacha NO2 sa cheantar. Cuireadh tús leis an tsampláil i mí Feabhra 2024 agus beidh sí ar siúl ar feadh bliana.

Dúirt Patrick Greene, Stiúrthóir Seirbhísí le Comhairle Cathrach na Gaillimhe,

“Léiríonn an tsuim atá ag daoine sa tionscadal Aer Glan Le Chéile feasacht daoine ar an tábhacht a bhaineann le cáilíocht maith aeir chomh maith le suim mhór i gcosaint ár gcomhshaoil. Cuireann cáilíocht aeir isteach ar go leor réimsí gníomhaíochta i gcathair na Gaillimhe, agus cuireann na gníomhaíochtaí sin isteach ar cháilíocht aeir, agus táimid tiomanta gníomhaíocht dhearfach a chur i bhfeidhm ina leith sin. Tá roinnt straitéisí agus pleananna ríthábhachtach dó sin, lena n-áirítear ár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil 2024-2029 ar glacadh leis le déanaí agus Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG). D’fhéadfadh go mbeadh tionchair dhearfacha shuntasacha ag an SIG de réir mar a mhéadóidh roghanna taistil ghníomhacha agus iompair phoiblí.”

Úsáidfidh an EPA an fhaisnéis a bailíodh ó Aer Glan Le Chéile anois chun cabhrú lena samhaltú agus lena réamhaisnéisiú ar cháilíocht an aeir. Úsáidfidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe an fhaisnéis chun bonnlíne a fhorbairt don chathair le go mbeifear in ann cáilíocht an aeir amach anseo a thomhas, rud a chuireann leis an obair iontach atá déanta go dtí seo.

Tá na torthaí ar fad ón tionscadal Aer Glan Le Chéile ar fáil ar shuíomh an tionscadail Aer Glan Le Chéile.

Tuilleadh eolais: Emily Williamson, Oifig GCC um Chaidreamh leis na Meáin 053-9170770 (24 uair an chloig) nó media@epa.ie

Beidh grianghraif ón ócáid bheo a bhí ar siúl Déardaoin an 22 Feabhra ar fáil ó Oifig Caidreamh Meán an EPA freisin.

Nótaí don Eagarthóir

Achoimre ar na torthaí

Léiríonn na torthaí tionchar an tráchta ar leibhéil aerthruaillithe Dé-ocsaíde Nítrigine (NO2): baineann leibhéil níos airde NO2 le méideanna tráchta níos airde. Tá na torthaí ar fad ar fáil ar shuíomh an tionscadail Aer Glan Le Chéile.

Map of Galway with coloured dots showing air quality

Ar an léarscáil, tá 71% de na samplaí sa chatagóir is ísle le haghaidh NO2 agus léirítear iad le poncanna dúghorma.

Léirítear torthaí NO2 níos airde le poncanna buí (4.1% de na samplaí) agus le ponc dearg amháin (0.4% de na samplaí). Den chuid is mó, tá na leibhéil airde sin le fáil i lár na cathrach agus feadh cuid de na bóithre móra i gCathair na Gaillimhe. Faightear leibhéil NO2 níos lú i gceantair atá suite i mbruachbhaile agus i gceantair amach ó phríomhbhóithre. Tá formhór na dtorthaí is ísle (poncanna dúghorma) le fáil níos faide ar shiúl ar bhruachbhailte amuigh Chathair na Gaillimhe.

Cuirtear na torthaí sna catagóirí seo a leanas:

  • Léiríonn poncanna dearga (Níos mó ná 40 μg/m3) 0.4% de na tomhais.
  • Léiríonn poncanna buí (20 - 30 μg/m3) 4.1% de na tomhais.
  • Léiríonn poncanna bánghorma (10 - 20 μg/m3) 24.5% de na tomhais.
  • Léiríonn poncanna dúghorma (0 - 10 μg/m3) 71% de na tomhais.

Tá leibhéil NO2 sa chatagóir is ísle ag 7 as 10 de na láithreacha a ndearnadh sampláil orthu. Mar a bheifí ag súil leis, áirítear leis sin láithreacha faoin tuath agus áiteanna i gcathair na Gaillimhe nach mbíonn mórán tráchta ann. Tá formhór na láithreacha eile sa chéad chatagóir níos airde eile (10-20 µg/m3). San iomlán, b’ionann an chatagóir (0-20 µg/m3) agus 95.5% de thorthaí an staidéir (poncanna bánghorma agus dúghorma). Tá 4.5 faoin gcéad de na torthaí os cionn 20 µg/m3. Fuarthas na leibhéil NO2 ab airde ar bhóithre gnóthacha agus i lár na cathrach:

  • Bóthar na nDuganna
  • Bóthar na gCeannaithe
  • Sráid Mhuire
  • Feadh na Faiche Móire agus Chnoc Mhaoil Drise
  • Sráid Eglinton

Aithníodh i staidéar nasctha a rinne Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus an EPA i mí na Samhna 2023 mar chuid den fheachtas Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe, ceantar áirithe amháin sa chathair a raibh leibhéil arda NO2 ann. Aimsíodh leibhéil NO2 níos airde ná 40 µg/m3 ar Bhóthar na nDuganna. Léiríonn an tomhas míosa seo ardleibhéal NO2 agus tá sé tar éis scrúdú ar scála níos mó ar thruailliú a bhaineann le trácht thar Bhóthar na nDuganna a spreagadh. Tá an staidéar breise á stiúradh ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe le cúnamh ón EPA. Cuireadh tús leis an tsampláil i mí Feabhra 2024 agus beidh sí ar siúl ar feadh bliana, agus foilseofar na torthaí in am trátha.

Leanann feachtas Chathair na Gaillimhe feachtais chomhchosúla rathúla i mBaile Átha Cliath (2021) agus i gCathair Chorcaí (2022). Tá ceathrú feachtas á phleanáil i gcathair Luimnigh níos déanaí in 2024.

Monatóireacht ar Cháilíocht Aeir

Déanann an EPA monatóireacht leanúnach ar cháilíocht aeir ar fud na hÉireann agus soláthraíonn sé Innéacs um Cháilíocht Aeir don tSláinte chomh maith le torthaí fíor-ama ar líne ag www.airquality.ie. Déantar na torthaí a nuashonrú gach uair an chloig, agus is féidir le daoine a sheiceáil ag am ar bith an bhfuil cáilíocht reatha an aeir maith, cothrom nó lag.

Is leis an gClár Monatóireachta Náisiúnta um Cháilíocht Aeir Chomhthimpeallaigh a dhéantar measúnú ar chaighdeán an aeir. Cuimsíonn an clár an EPA, ag obair le húdaráis áitiúla agus comhlachtaí poiblí eile, agus tá 115 stáisiún monatóireachta aeir bunaithe agus tá 3 cinn acu suite i gCathair na Gaillimhe. Tá sonraí monatóireachta ó na stáisiúin sin ar fáil i bhfíor-am ar an suíomh gréasáin www.airquality.ie agus úsáidtear na sonraí chun eolas a dhéanamh do bheartas náisiúnta agus chun gealltanais na hÉireann maidir le tuairisciú Eorpach a chomhlíonadh.

Is comharthaí iad torthaí Aer Glan Le Chéile (Cathair na Gaillimhe) ar an leibhéal NO2 a tomhaiseadh ag láithreacha áitiúla i gCathair na Gaillimhe i mí Dheireadh Fómhair/mí na Samhna 2023. Is féidir le leibhéil NO2 athrú go mór i rith na bliana de réir mar a athraíonn an aimsir agus méid an tráchta. Dá bhrí sin, ba cheart breathnú ar na torthaí mar léargas ar leibhéil NO2 i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna 2023, seachas meán bliantúil NO2.

Cad é Dé-ocsaíd Nítrigine?

Is gás é dé-ocsaíd nítrigine (NO2) a astaíonn trácht agus as na truailleáin go léir, is é an truailleán is mó imní ó thaobh truailliú tráchta de. D’fhéadfadh NO2 drochthionchair a bheith aige ar shláinte riospráide agus ar shláinte chardashoithíoch. Greannaíonn NO2 aerfheadáin na scamhóige agus d’fhéadfadh sé cur le siomptóim daoine a bhfuil galair scamhóg orthu.

Léiríonn torthaí Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe léargas táscach míosa ar leibhéil NO2 sa chathair agus ní hionann iad agus meánteorainn bhliantúil an AE do NO2. Seachas sin, léiríonn siad láithreacha ina bhféadfadh gá a bheith le fócas breise. Is é dearcadh an EPA gur cheart d’Éirinn agus don Eoraip bogadh i dtreo na treoirlínte maidir le cáilíocht aeir de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) a bhaint amach thar am. Is treoirlínte iad atá bunaithe ar shláinte agus atá níos déine ná na caighdeáin maidir le cáilíocht aeir atá i bhfeidhm faoi láthair san Eoraip. Tá eolas cuimsitheach ar NO2, ar cháilíocht aeir agus ar na caighdeáin maidir le cáilíocht aeir d’Éirinn ar fáil ag www.airquality.ie.

Conas a rinneadh Dé-ocsaíd Nítrigine a Thomhas sa tionscadal Aer Glan Le Chéile?

Féach físeán taispeána anseo: Clean Air Together Galway – Tube Installation and Sharing Your Data - YouTube.(Aer Glan Le Chéile Chathair na Gaillimhe– Suiteáil an Fheadáin agus do Shonraí a Roinnt)

Déantar Dé-ocsaíd Nítrigine a thomhas le feadán bog ar a dtugtar feadán idirleata air. Is feadán plaisteach beag é atá thar ar mhéid feadán béaldatha. Baintear caipín bán ag bun an fheadáin chun ligean don aer dul tríd le linn thréimhse an tomhais. Cuirtear substaint speisialta sa chaipín liath ag barr an fheadáin ar féidir leis NO2 a ionsú. Cuirtear an feadán beag ar an taobh amuigh d’fhuinneog réadmhaoin an rannpháirtí agus fágtar ansin é ar feadh thart ar cheithre seachtaine. Nuair a bhíonn an tréimhse tomhais thart, cuirtear deireadh leis an tsampláil aeir tríd an bhfeadán a dhúnadh leis an gcaipín bán agus cuirtear an feadán ar ais tríd an bpost le haghaidh anailíse saotharlainne.

Eolas ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe– Gníomhaíocht do chathair níos sláintiúla

Téann cáilíocht aeir i bhfeidhm ar go leor réimsí gníomhaíochta i gcathair na Gaillimhe, agus cuireann na gníomhaíochtaí sin i bhfeidhm ar cháilíocht aeir, agus tá an Chomhairle tiomanta do ghníomhaíocht dhearfach ina leith sin.
Tá roinnt straitéisí agus pleananna ríthábhachtach dó sin, lena n-áirítear ár bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid an Údaráis Áitiúil (PGAÚÁ) 2024-2029 ar glacadh leis le déanaí. Áirítear leis an PGAÚÁ raon cuimsitheach beart chun an t-athrú aeráide a laghdú agus chun dul in oiriúint air – mar shampla Crios píolótach Dícharbónaithe an Taoibh Thiar atá mar chuid den tionscadal um Chathracha Eorpacha Glan-Nialasacha, nó an tionscadal ‘Air We Share’ de chuid an Chiste Éire Ildánach/an Chiste um Ghníomhú Cruthaitheach don Aeráid, ar tionscadal é a nascann eolaíocht saoránach agus cruthaitheacht maidir le cáilíocht aeir.

Tá aghaidh á tabhairt ar ár bhflít agus ar ár bhfoirgnimh freisin mar chuid den PGAÚÁ - tá Comhairle Cathrach na Gaillimhe sna trí údarás áitiúla is fearr maidir lena flít a leictriú. Tá 22% dá flít leictrithe cheana féin. Beidh Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar an gcéad Údarás Áitiúil sa tír a chuirfidh deireadh le díosal bóthair ina flít mór, trí aistriú go hOla Glasraí Hidreachóireáilte (HVO) mar fhoinse breosla in-athnuaite.

Ar leibhéal na cathrach, d’fhéadfadh go mbeadh tionchair dhearfacha shuntasacha ag cur i bhfeidhm Straitéis Iompair na Gaillimhe (SIG) ar cháilíocht an aeir. Tá méadú ar thaisteal gníomhach agus ar iompar poiblí lárnach don SIG – is samplaí maithe den SIG ar an talamh iad Uasghrádú ilmhódach Acomhal na Máirtíneach agus Droichead Coisithe agus Rothar na mBradán arna oscailt le déanaí.

Beidh ról lárnach ag réitigh nádúrbhunaithe freisin maidir le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna comhshaoil inár gcathair – mar shampla, an tionscadal píolótach fálú gainimh ar Thrá Grattan nó Buaile Bó Bhaile an Locháin – léiríonn an dá thionscadal bithéagsúlachta an tábhacht a bhaineann le nuálaíocht agus comhpháirtíocht d’athrú comhshaoil dearfach.

Céard í an chéad áit eile?

Níos déanaí i mbliana beidh Aer Glan Le Chéile ag bogadh go Cathair Luimnigh – mar sin coinnigh súil má tá cónaí ort i gCathair Luimnigh agus más mian leat a bheith i do rannpháirtí!

Aer Glan Le Chéile

Is tionscadal faoi stiúir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) é Aer Glan Le Chéile, i gcomhpháirtíocht leis an Aonad Oideachais Comhshaoil de chuid An Taisce agus an t-údarás áitiúil cuí sa cheantar. Tá sonraí maidir leis an tionscadal ar fáil ag www.cleanairtogether.ie agus ar shuíomh gréasáin an EPA.